20.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 391/12


CINNEADH BHORD RIALAITHE AN CHOMHTHIONSCNAIMH TEICNEOLAÍOCHTA UM MÍOCHAINE NUÁLAÍOCH 2

an 11 Lúnasa 2020

lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le srianta le cearta áirithe de dhaoine is ábhar do na sonraí i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi chuimsiú fheidhmiú IMI 2 JU

BORD RIALAITHE CHOMHGHNÓTHAS AN TIONSCNAIMH UM MÍOCHAINE NUÁLAÍOCH 2 (dá ngairtear “Comhghnóthas IMI 2 JU” anseo feasta),

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht a leithéide de shonraí, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (1), agus, go háirithe Airteagal 25 de sin,

Ag féachaint do na Reachtanna atá i gceangal le Rialachán (AE) Uimh. 557/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Comhghnóthas an Tionscnaimh um Míochaine Nuálaíoch 2 (2), agus go háirithe Airteagal 7(3)(r) de sin,

Ag féachaint do Threoir an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (MECS) ar Airteagal 25 den Rialachán nua agus rialacha inmheánacha,

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste Foirne Chomhghnóthas IMI 2 JU,

Ag féachaint do mholtaí MECS an 18 Nollaig 2019,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.

Tugann an Comhghnóthas IMI 2 JU faoina ghníomhaíochtaí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 557/2014.

2.

De réir Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, ba cheart srianta le feidhmiú Airteagail 14 go 22, 35 agus 36, chomh maith le hAirteagal 4 den Rialachán sin, sa mhéid go dtagann a fhorálacha leis na cearta agus na dualgais a fhoráiltear in Airteagail 14 go 22, a bhunú ar rialacha inmheánacha a bheidh le glacadh ag Comhghnóthas IMI 2 JU, i gcás nach bhfuil siad sin bunaithe ar ghníomhartha dlíthiúla arna nglacadh ar bhonn na gConarthaí.

3.

Níor cheart feidhm a bheith leis na rialacha inmheánacha sin, lena n‐áirítear a fhorálacha maidir le measúnú ar riachtanas agus comhréireacht sriain, i gcás ina bhforálfar le gníomh dlíthiúil a glacadh ar bhonn na gConarthaí maidir le srian le cearta daoine is ábhar do na sonraí.

4.

Agus Comhghnóthas IMI 2 JU ag déanamh a dhualgas maidir le cearta an duine is ábhar do na sonraí faoi Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar machnamh ar aon díolúine a leagtar síos sa Rialachán sin a fheidhmiú.

5.

Faoi chuimsiú a fheidhmithe riaracháin, féadfaidh Comhghnóthas IMI 2 JU fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí araíonachta a dhéanamh, réamhghníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann le cásanna neamhrialtachtaí a thuairiscítear do OLAF, cásanna sceithireachta a phróiseáil, nósanna imeachta (foirmiúla agus neamhfhoirmiúla) ciaptha a phróiseáil, gearáin inmheánacha agus sheachtracha a phróiseáil, iniúchtaí inmheánacha a dhéanamh, imscrúduithe a dhéanamh tríd an Oifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus imscrúduithe slándála inmheánacha (TF) a dhéanamh.

6.

Déanann Comhghnóthas IMI 2 JU próiseáil ar roinnt catagóirí sonraí pearsanta, lena n‐áirítear sonraí crua (sonraí “oibiachtúla” ar nós sonraí aitheantais, sonraí teagmhála, sonraí gairmiúla, sonraí riaracháin, sonraí a fhaightear as foinsí faoi leith, sonraí cumarsáide leictreonaí agus sonraí tráchta) agus sonraí boga (sonraí “suibiachtúla” a bhaineann leis an gcás ar nós na réasúnaíochta, sonraí iompraíochta, breithmheasanna, sonraí feidhmíochta agus iompair, agus sonraí a bhaineann le hábhar an nós imeachta nó na gníomhaíochta nó a thagann chun cinn maidir leis) (3).

7.

Feidhmíonn Comhghnóthas S2R, agus é á ionadú ag a Stiúrthóir Feidhmiúcháin, mar rialaitheoir sonraí gan beann ar thoscaireachtaí eile ag a bhfuil ról rialtóra laistigh den Chomhghnóthas IMI 2 JU chun freagrachtaí oibriúcháin a léiriú maidir le hoibríochtaí um próiseáil sonraí pearsanta áirithe.

8.

Stóráiltear na sonraí pearsanta go daingean i dtimpeallacht leictreonach nó ar páipéar chun rochtain neamhdhleathach nó aistriú sonraí chuig daoine nach bhfuil gá acu le bheith ar an eolas a chosc. Ní choimeádtar na sonraí pearsanta a phróiseáiltear níos faide ná mar is gá agus mar is cuí chun na críocha lena ndéantar próiseáil na sonraí don tréimhse a shonraítear sna fógraí cosanta sonraí, ráitis phríobháideachta nó taifid de chuid Chomhghnóthas IMI 2 JU.

9.

Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha inmheánacha maidir leis na hoibríochtaí próiseála go léir a dhéanann Comhghnóthas IMI 2 JU i bhfeidhmiú fiosrúchán riaracháin, imeachtaí araíonachta, réamhghníomhaíochtaí a bhaineann le cásanna neamhrialtachtaí ionchasacha a thuairiscítear do OLAF, nósanna imeachta sceithireachta, nósanna imeachta (foirmiúla agus neamhfhoirmiúla) maidir le cásanna ciaptha, próiseáil gearán inmheánach agus seachtrach, iniúchtaí inmheánacha, leis na himscrúduithe a dhéanann an tOifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/1725, imscrúduithe slándála (TF) arna láimhseáladh go hinmheánach nó le rannpháirtíocht sheachtrach (e.g. CERT‐AE).

10.

Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha inmheánacha sin maidir le hoibríochtaí próiseála a dhéantar roimh oscailt na nósanna imeachta dá dtagraítear thuas, le linn na nósanna imeachta sin agus le linn faireachán a dhéanamh ar an obair leantach ar thoradh na nósanna imeachta sin. Ba cheart cúnamh agus comhar a bheith san áireamh ann a chur Comhghnóthas IMI 2 JU ar fáil d’údaráis náisiúnta agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta lasmuigh dá imscrúduithe riaracháin.

11.

I gcásanna ina bhfuil feidhm ag na rialacha inmheánacha sin, ní mór do Chomhghnóthas IMI 2 JU údar a thabhairt lena mínítear cén fáth a bhfuil na srianta fíor-riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach agus bunbhrí na gceart agus na saoirsí bunúsacha a urramú.

12.

Laistigh den chreat sin, ní mór do Chomhghnóthas IMI 2 JU géilleadh, chomh fada agus is féidir, do chearta bunúsacha na n‐ábhar sonraí le linn na nósanna imeachta thuasluaite, go háirithe, do na cearta a bhaineann leis an gceart chun faisnéise, an ceart rochtana agus an ceart go ndéanfaí ceartúcháin, an ceart go ndéanfaí léirscriosadh, an ceart go gcuirfí srian le próiseáil, le ceart an ábhair sonraí teachtaireacht a fháil má sháraítear a shonraí pearsanta nó a rúndacht cumarsáide mar a chumhdaítear i Rialachán (AE) 2018/1725.

13.

D’fhéadfadh sé a bheith d’oibleagáid ar Chomhghnóthas IMI 2 JU, áfach, srian a chur le rochtain ar fhaisnéis agus cearta eile de chuid an duine is ábhar do na sonraí, go háirithe chun cosaint a dhéanamh ar a imscrúduithe féin, imscrúduithe agus imeachtaí údarás poiblí eile agus cearta daoine eile a bhaineann lena imscrúduithe nó lena nósanna imeachta eile.

14.

Ar an ábhar sin féadfaidh Comhghnóthas IMI 2 JU srian a chur leis an bhfaisnéis chun cosaint a dhéanamh ar an imscrúdú mar aon le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha ábhar sonraí eile.

15.

Ba cheart do Chomhghnóthas IMI 2 JU faireachán a dhéanamh ó am go chéile ar na coinníollacha a thugann údar maith don srian lena áirithiú go mbeidh feidhm fós leis agus deireadh a chur leis an srian mura mbeidh feidhm leis.

16.

Ba cheart don Rialaitheoir a chur in iúl don Oifigeach Cosanta Sonraí láithreach nuair a chuirfear ar athló na hathbhreithnithe agus lena linn,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos sa Chinneadh seo rialacha a bhaineann leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh Comhghnóthas IMI 2 JU, faoi chuimsiú a nósanna imeachta a leagtar amach i mír 2, srian a chur le feidhmiú na gceart atá cumhdaithe in Airteagail 14 go 22, Airteagail 35 agus 36, chomh maith le hAirteagal 4 de, i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725.

2.   Faoi chuimsiú fheidhmiú riaracháin Chomhghnóthas IMI 2 JU, tá feidhm ag an gcinneadh seo maidir leis na hoibríochtaí próiseála ar shonraí pearsanta atá déanta ag Oifig an Chláir chun na gcríoch seo: fiosrúcháin riaracháin a dhéanamh, imeachtaí araíonachta a chur i gcrích, réamhghníomhaíochtaí a bhaineann le cásanna neamhrialtachtaí ionchasacha a thuairiscítear do OLAF a dhéanamh, cásanna sceithireachta a phróiseáil, nósanna imeachta (foirmiúla agus neamhfhoirmiúla) ciaptha a chur i gcrích, gearáin inmheánacha agus seachtracha a phróiseáil, imscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus imscrúduithe slándála (FT) arna láimhseáil go hinmheánach nó le rannpháirtíocht sheachtrach (e.g. CERT‐AE).

3.   I measc na gcatagóirí sonraí lena mbaineann tá sonraí crua (sonraí “oibiachtúla” ar nós sonraí aitheantais, sonraí teagmhála, sonraí gairmiúla, sonraí riaracháin, sonraí a fhaightear as foinsí faoi leith, sonraí cumarsáide leictreonaí agus sonraí tráchta) agus sonraí boga (sonraí “suibiachtúla” a bhaineann leis an gcás ar nós na réasúnaíochta, sonraí iompraíochta, breithmheasanna, sonraí feidhmíochta agus iompair, agus sonraí a bhaineann le nó a thagann chun cinn maidir le hábhar an nóis imeachta nó na gníomhaíochta).

4.   Agus Comhghnóthas IMI 2 JU ag déanamh a dhualgas maidir le cearta an duine is ábhar do na sonraí faoi Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar machnamh ar aon díolúintí a leagtar síos sa Rialachán sin a fheidhmiú.

5.   Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo, d’fhéadfadh feidhm a bheith leis na srianta seo maidir leis na cearta a leanas: soláthar faisnéise do na daoine is ábhar do shonraí, an ceart rochtana, an ceart go ndéanfaí ceartúcháin, an ceart go ndéanfaí léirscriosadh, an ceart go gcuirfí srian le próiseáil, ceart an ábhair sonraí teachtaireacht a fháil maidir le sárú sonraí pearsanta, nó rúndacht cumarsáide.

Airteagal 2

Na hoibleagáidí atá ar an rialaitheoir

Is é Comhghnóthas IMI 2 JU rialaitheoir na n‐oibríochtaí próiseála, a ndéanann a Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht dó agus a bhféadfaidh an Stiúrthóir feidhm an rialaitheora a tharmligean. Cuirfear daoine is ábhar do na sonraí ar an eolas faoin rialaitheoir tarmligthe trí na fógraí nó na taifid chosanta sonraí a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin agus/nó inlíon Chomhghnóthas IMI 2 JU.

Airteagal 3

Sonraíocht na gcoimircí

1.   Cuirfidh Comhghnóthas IMI 2 JU i bhfeidhm na coimircí seo a leanas atá dírithe ar chosc a chur ar mhí-úsáid nó ar rochtain neamhdhleathach ar shonraí pearsanta nó a n‐aistriú neamhdhleathach (4):

(a)

Coimeádfar doiciméid pháipéir i gcófraí sábháilte agus ní bheidh rochtain orthu ach ag baill foirne údaraithe amháin;

(b)

Stórálfar na sonraí leictreonacha go léir i bhfeidhmchlár sábháilte TF de réir chaighdeán slándála Chomhghnóthas IMI 2 JU, agus i bhfillteáin áirithe leictreonacha agus teacht orthu ag baill foirne údaraithe amháin. Deonófar leibhéil iomchuí rochtana cás ar chás;

(c)

Beidh an bunachar sonraí cosanta ag pasfhocal trí chóras sínithe isteach shingil agus beidh sé ceangailte go huathoibríoch le haitheantas agus pasfhocal an úsáideora. Tá cosc iomlán ar dhuine ar bith eile a chur in ionad úsáideoir ar leith. Coimeádfar na taifid leictreonacha go daingean chun rúndacht agus príobháideacht na sonraí atá iontu a chosaint;

(d)

Tá dualgas rúndachta ar gach duine a mbeidh teacht aige ar na sonraí.

2.   Tréimhse choinneála na sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 1(3), ní bheidh sí níos faide ná mar is gá agus beidh sé iomchuí chun na gcríoch a ndéanfar na sonraí a phróiseáil ina gcomhair. I gcás ar bith, ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná an tréimhse coinneála a shonraítear sna fógraí cosanta sonraí, sna ráitis phríobháideachta nó sna taifid dá dtagraítear in Airteagal 6.

3.   I gcás ina smaoineoidh Comhghnóthas IMI 2 JU ar shrian a chur i bhfeidhm, déanfar an riosca do chearta agus do shaoirsí an duine is ábhar do na sonraí a mheas, go háirithe, an riosca do chearta agus do shaoirsí na ndaoine eile is ábhar do na sonraí agus an baol go gcuirfear éifeacht imscrúduithe nó nósanna imeachta Chomhghnóthas IMI 2 JU ar ceal, mar shampla, trí fhianaise a bheith scriosta. Baineann na rioscaí do chearta agus saoirsí an ábhair sonraí go príomha, ach níl siad teoranta dóibh, le rioscaí clú agus rioscaí don cheart cosanta agus don cheart éisteacht a fháil.

Airteagal 4

Srianta

1.   Ní chuirfidh Comhghnóthas IMI 2 JU aon srian i bhfeidhm ach amháin chun coimirciú a dhéanamh in aghaidh an méid seo a leanas:

(a)

an tslándáil náisiúnta, an tslándáil phoiblí nó cosaint na mBallstát;

(b)

cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‐áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin;

(c)

cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas poiblí ginearálta an Aontais nó Ballstáit, go háirithe cuspóirí chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais nó leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, lena n‐áirítear ábhair airgeadaíochta, bhuiséadacha agus chánachais, sláinte phoiblí agus slándáil shóisialta;

(d)

slándáil inmheánach institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, lena n‐áirítear a gcuid líonraí cumarsáide leictreonaí;

(e)

sáruithe eitice a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh i gcás gairmeacha rialáilte;

(f)

feidhm faireacháin, cigireachta nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúla sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) go (c);

(g)

an duine is ábhar do na sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint;

(h)

éilimh faoin dlí sibhialta a fhorfheidhmiú.

2.   Mar fheidhmiú áirithe na gcríoch a mhínítear i mír 1 thuas, féadfaidh Comhghnóthas IMI 2 JU srianta a chur i bhfeidhm, sna cúinsí seo a leanas:

(a)

maidir le sonraí pearsanta arna malartú le seirbhísí an Choimisiúin nó le hinstitiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí eile an Aontais;

i gcás ina mbeidh seirbhís den sórt sin ón gCoimisiún, institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht de chuid an Aontais, i dteideal feidhmiú na gceart atá liostaithe a shrianadh ar bhonn gníomhartha eile dá bhforáiltear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 nó de réir Chaibidil IX den Rialachán sin nó le gníomhartha bunaithe institiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí eile an Aontais;

i gcás ina gcuirfear cuspóir a leithéide de shrian atá ag an tseirbhís Choimisiúin, ag institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht an Aontais sin i mbaol mura gcuirfidh Comhghnóthas IMI 2 JU srian coibhéiseach i bhfeidhm maidir leis na sonraí pearsanta céanna.

(b)

maidir le sonraí pearsanta arna malartú le húdaráis inniúla na mBallstát;

i gcás ina bhféadfaidh údaráis inniúla na mBallstát srianta a chur le feidhmiú na gceart agus na n‐oibleagáidí sin ar bhonn na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), nó faoi bhearta náisiúnta lena dtrasuítear Airteagail 13(3), 15(3) nó 16(3) de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6);

i gcás ina gcuirfear cuspóir a leithéide de shrian atá ag an údarás inniúil sin i mbaol mura gcuirfidh Comhghnóthas IMI 2 JU srian coibhéiseach i bhfeidhm maidir leis na sonraí pearsanta céanna.

(c)

maidir le sonraí pearsanta arna malartú le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcás ina mbeidh fianaise shoiléir ann gur dóigh go gcuirfidh feidhmiú na gceart agus na n‐oibleagáidí sin comhoibriú Chomhghnóthas IMI 2 JU le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta i mbaol agus é i mbun a chúraimí.

Sula gcuirfidh sí srianta i bhfeidhm ar na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír, rachaidh Comhghnóthas IMI 2 JU i gcomhairle le seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, le hinstitiúidí an Aontais, le comhlachtaí, le gníomhaireachtaí, le hoifigí nó le húdaráis inniúla na mBallstát murar léir go bhfuil sé soiléir don Chomhghnóthas IMI 2 JU go bhforáiltear do chur i bhfeidhm srianta i gceann de na gníomhartha dá dtagraítear sna pointí sin.

Airteagal 5

Srianta ar chearta daoine is ábhair do na sonraí

1.   I gcásanna a mbeidh bonn cirt leo agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Chinneadh seo, féadfaidh an rialaitheoir na cearta seo a leanas a shrianadh i gcomhthéacs na n‐oibríochtaí próiseála atá liostaithe i mír 2 thíos más gá agus comhréireach:

(a)

An ceart chun faisnéise;

(b)

An ceart rochtana;

(c)

An ceart go ndéanfaí ceartúcháin, an ceart go ndéanfaí léirscriosadh agus an ceart go gcuirfí srian le próiseáil;

(d)

Ceart an ábhair sonraí teachtaireacht a fháil má sháraítear a shonraí pearsanta;

(e)

An ceart rúndachta maidir le cumarsáid leictreonach.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 25(2)(a) de Rialachán (AE) 2018/1725, i gcásanna a mbeidh bonn cirt leo agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chinneadh seo, féadfaidh an rialaitheoir na srianta a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs na hoibríochta próiseála seo a leanas:

(a)

fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí smachta a chur i bhfeidhm;

(b)

réamhghníomhaíochtaí um chásanna folaigh neamhrialtachtaí a tuairiscíodh do OLAF;

(c)

nósanna imeachta sceithireachta;

(d)

nósanna imeachta (foirmiúla agus neamhfhoirmiúla) i gcásanna ciaptha (7);

(e)

gearáin inmheánacha agus seachtracha a phróiseáil;

(f)

iniúchtaí inmheánacha;

(g)

na himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/1725;

(h)

imscrúduithe slándála (TF) arna láimhseáil go hinmheánach nó trí phlé seachtrach (e.g. CERT‐AE);

(i)

faoi chuimsiú an nós imeachta bainistíochta deontais nó soláthair, tar éis an dáta deiridh le cur isteach na nglaonna ar thograí nó chun tairiscintí a chur i bhfeidhm (8).

Beidh feidhm ag an srian chomh fada agus a bheidh na cúiseanna a thugann údar leis infheidhme.

3.   I gcás ina gcuirfidh Comhghnóthas IMI 2 JU srian, go hiomlán nó go páirteach, ar chur i bhfeidhm na gceart i mír 1 thuas, déanfaidh sé na bearta atá leagtha amach in Airteagail 6 agus 7 den Chinneadh seo.

4.   I gcás ina n‐iarrfaidh daoine is ábhar do na sonraí rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a próiseáladh i gcomhthéacs cás sonrach amháin nó níos mó nó ar oibríocht phróiseála ar leith, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1725, is ar an iarratas sonraí pearsanta sin amháin a dhéanfaidh Comhghnóthas IMI 2 JU measúnú.

Airteagal 6

Riachtanas agus comhréireacht na srianta

1.   I gcás ina mbeidh srian a leagtar amach in Airteagal 5 i bhfeidhm, beidh sé riachtanach agus comhréireach, agus na rioscaí do chearta agus do shaoirsí na ndaoine is ábhar do na sonraí á gcur san áireamh, agus tabharfar aird ar bhunús na gceart agus na saoirsí bunúsacha i sochaí dhaonlathach.

2.   Má smaoinítear ar shrian a chur i bhfeidhm, déanfar tástáil riachtanais agus comhréireachta bunaithe ar na rialacha atá ann faoi láthair. Déanfar an tástáil freisin faoi chuimsiú an athbhreithnithe thréimhsiúil, tar éis a mheas an bhfuil feidhm fós ag cúiseanna fíorasacha agus dlíthiúla an tsriain. Déanfar é a dhoiciméadú trí nóta measúnaithe inmheánaigh chun críoch freagrachta ar bhonn cás ar chás.

3.   Beidh feidhm shealadach ag na srianta agus cuirfear deireadh leo a luaithe a bheidh deireadh leis na himthosca a bhí ina n‐údar leo. Go háirithe i gcás ina measfar nach gcuirfeadh feidhmiú an chirt shrianta deireadh le héifeacht an tsriain a fhorchuirtear a thuilleadh, nó nach mbeadh éifeacht dhíobhálach ag an bhfeidhmiú sin ar chearta nó ar shaoirsí daoine eile is ábhar do na sonraí.

Déanfaidh Comhghnóthas IMI 2 JU athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an tsriain gach 6 mhí tar éis é a ghlacadh agus ar dhúnadh an fhiosrúcháin, an nós imeachta nó an imscrúdaithe ábhartha. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an rialaitheoir faireachán gach 6 mhí lena a dhéanamh amach an bhfuil gá ann aon srian a choinneáil i bhfeidhm.

4.   I gcás ina bhfeidhmeoidh Comhghnóthas IMI 2 JU, go hiomlán nó go páirteach, na srianta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chinneadh seo, taifeadfaidh sé na cúiseanna leis an srian, an bunús dlí de réir mhír 1 thuas, lena n‐áirítear measúnú ar riachtanas agus comhréireacht an tsriain.

Clárófar an taifead agus, i gcás inarb infheidhme, clárófar na doiciméid ina bhfuil codanna bunúsacha fíorasacha agus dlíthiúla. Cuirfear iad ar fáil ag an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí ar iarratas.

Airteagal 7

Oibleagáid eolas a thabhairt

1.   Áireoidh Comhghnóthas IMI 2 JU sna fógraí cosanta sonraí, sna ráitis phríobháideachta nó sna taifid i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2018/1725 a fhoilseofar ar a shuíomh gréasáin agus/nó ar an inlíon lena gcuirfear daoine is ábhar do na sonraí ar an eolas faoina gcearta i gcomhthéacs nós imeachta ar leith, eolas a bhaineann le srianadh féideartha na gceart seo. Cuimseoidh an t‐eolas cad iad na cearta a bhféadfar srian a chur leo, na cúiseanna leis agus an fad is féidir a mhairfidh sé.

Gan dochar d’fhorálacha Airteagail 6(4), cuirfidh Comhghnóthas IMI 2 JU, i gcás ina mbeidh sé comhréireach, na daoine go léir is ábhar do na sonraí, a meastar go bhfuil siad bainteach leis an oibríocht phróiseála ar leith, ar an eolas, duine ar dhuine, faoina gcearta maidir le srianta reatha nó srianta le teacht sa todhchaí, gan moill mhíchuí agus i bhfoirm scríofa.

2.   I gcás ina gcuirfidh Comhghnóthas IMI 2 JU srian, go hiomlán nó go páirteach, leis na cearta atá leagtha amach in Airteagal 5, cuirfidh sé in iúl don duine is ábhar do na sonraí lena mbaineann go bhfuil feidhm leis an srian agus na príomhchúiseanna a bhaineann leis, agus gur féidir gearán a sheoladh chuig an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí nó leigheas breithiúnach a lorg i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Féadfar soláthar faisnéise dá dtagraítear i mír 2 thuas a chur siar, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú má chuireann sé éifeacht an tsriain ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 25(8) de Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 8

Athbhreithniú ag an Oifigeach Cosanta Sonraí

1.   Cuirfidh Comhghnóthas IMI 2 JU, gan moill mhíchuí, in iúl d’Oifigeach Cosanta Sonraí Chomhghnóthas IMI 2 JU (“an OCS”) aon uair a shrianfaidh an rialaitheoir feidhmiú chearta na ndaoine is ábhar do na sonraí, nó nuair a shínfidh sé an srianadh, i gcomhréir leis an gCinneadh seo. Cuirfidh an rialaitheoir rochtain ar fáil do OCS ar an taifead ina mbeidh measúnú ar ghá agus ar chomhréireacht an tsriain agus cláróidh sé an dáta ar cuireadh OCS ar an eolas sa taifead.

2.   Féadfaidh an OCS a iarraidh i scríbhinn ar an rialaitheoir athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na srianta. Cuirfidh an rialaitheoir an OCS ar an eolas i scríbhinn maidir le toradh an athbhreithnithe a iarraidh.

3.   Beidh an OCS páirteach le linn an nós imeachta. Cuirfidh an rialaitheoir an OCS ar an eolas nuair a chuirfear deireadh leis an srian.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Lúnasa 2020.

Do Bhord Rialaithe an IMI 2 JU

Olivier LAUREAU

An Cathaoirleach


(1)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)   IO L 169, 7.6.2014 lch. 54.

(3)  I gcásanna comhrialaitheoireachta déanfar sonraí a phróiseáil de réir na modhanna agus na gcuspóirí arna mbunú sa chomhaontú ábhartha idir na comhrialaitheoirí mar a shainmhínítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1725.

(4)  Is liosta neamhchuimsitheach é seo.

(5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(6)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(7)   bheidh feidhm ag an oibríocht phróiseála maidir le hAirteagal 5(1)(d).

(8)  Ní bheidh feidhm ag an oibríocht phróiseála sin ach maidir le hAirteagal 5(1)(d).