6.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 214/5


CINNEADH BHORD RIARACHÁIN NA GNÍOMHAIREACHTA EORPAÍ UM SHÁBHÁILTEACHT MHUIRÍ

an 6 Aibreán 2020

faoi rialacha inmheánacha maidir le srianta ar chearta áirithe na ndaoine is ábhar do na sonraí i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú fheidhmiú EMSA

TÁ BORD RIARACHÁIN NA GNÍOMHAIREACHTA EORPAÍ UM SHÁBHÁILTEACHT MHUIRÍ,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht a leithéid de shonraí, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (1), agus, go háirithe Airteagal 25 de sin,

Ag féachaint do thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonra (MECS) an 18 Nollaig 2019 (DH/GC/vm/D(2019) 2673 C 2019-0876) agus do Threoir an MECS maidir le hAirteagal 25 den Rialachán nua agus maidir le rialacha inmheánacha,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lenar bunaíodh Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (2), arna leasú agus go háirithe d’Airteagal 4.4 de sin,

De bharr an mhéid a leanas:

1.

Tugann an Ghníomhaireacht faoina gníomhaíochtaí i gcomhréir lena rialachán bunaidh.

2.

I gcomhréir le hAirteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, ba cheart na srianta maidir le feidhmiú Airteagail 14 go 22, 35 agus 36, chomh maith le hAirteagal 4 den Rialachán sin, sa mhéid go dtagann a fhorálacha leis na cearta agus oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 22; ba cheart iad a bhunú ar rialacha inmheánacha a bheidh le glacadh ag an nGníomhaireacht, nuair nach mbunaítear iad siúd ar ghníomhartha dlíthiúla a glacadh ar bhonn na gConarthaí.

3.

Níor cheart go mbeadh feidhm leis na rialacha inmheánacha úd, lena n‐áirítear a fhorálacha maidir le measúnú ar riachtanas agus comhréireacht sriain, sa chás go bhforálfaí le gníomh dlíthiúil a glacadh ar bhonn na gConarthaí maidir le srian le cearta ag an duine is ábhar do na sonraí.

4.

Agus an Ghníomhaireacht ag comhlíonadh a ndualgas maidir le cearta duine is ábhar do na sonraí de réir Rialachán (AE) 2018/1725, breithneoidh sí an mbaineann feidhm le ceann ar bith de na díolúintí a leagtar síos sa Rialachán úd.

5.

Is faoi chuimsiú a feidhmithe ar féidir leis an nGníomhaireacht fiosrúcháin riaracháin, imeachtaí araíonachta agus réamhghníomhaíochtaí a dhéanamh i ndáil le cásanna neamhrialtachtaí féideartha a thuairiscítear do OLAF, cásanna sceithireachta a phróiseáil, nósanna imeachta (foirmiúla agus neamhfhoirmiúla) ciaptha a phróiseáil, gearáin inmheánacha agus sheachtracha a phróiseáil, iniúchtaí inmheánacha a stiúradh, imscrúduithe a dhéanamh tríd an Oifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus imscrúduithe slándála (TF) a dhéanamh go hinmheánach.

Próiseálann an Ghníomhaireacht roinnt catagóirí sonraí pearsanta, lena n‐áirítear sonraí crua (sonraí “oibiachtúla” mar shonraí aitheantais, sonraí teagmhála, sonraí gairmiúla, sonraí riaracháin, sonraí a fhaightear ó fhoinsí faoi leith, sonraí cumarsáide leictreonaí agus sonraí tráchta) agus/nó sonraí boga (sonraí ”suibiachtúla” a bhaineann leis an gcás cosúil leis an réasúnaíocht, sonraí iompraíochta, breithmheasanna, sonraí feidhmíochta agus iompair, agus sonraí a bhaineann le nó a thagann chun cinn maidir le hábhar an nóis imeachta nó na gníomhaíochta).

6.

Feidhmíonn an Ghníomhaireacht, lena Stiúrthóir ag feidhmiú ar a son, mar an rialaitheoir sonraí beag beann ar thoscaireachtaí breise ról an rialaitheora laistigh de EMSA, chun freagrachtaí oibríochtúla a léiriú maidir le hoibríochtaí sonrach um próiseáil sonraí pearsanta.

7.

Stóráiltear na sonraí pearsanta go slán i dtimpeallacht leictreonach nó ar pháipéar chun rochtain neamhdhleathach nó aistriú sonraí chuig daoine nach gá dóibh a bheith ar eolas fúthu a chosc. Ní choimeádtar na sonraí pearsanta a phróiseáiltear níos faide ná mar is gá agus mar is cuí chun na críocha lena ndéantar próiseáil na sonraí don tréimhse a shonraítear sna fógraí cosanta sonraí, ráitis phríobháideachta nó taifid de chuid na Gníomhaireachta.

8.

Ba cheart go mbeadh feidhm leis na rialacha inmheánacha ar na hoibríochtaí próiseála ar fad a dhéanann an Ghníomhaireacht i bhfeidhmiú fiosrúchán riaracháin, imeachtaí araíonachta, réamhghníomhaíochtaí i ndáil le cásanna neamhrialtachtaí féideartha a thuairiscítear d’Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (”OLAF”), nósanna imeachta sceithireachta (foirmiúla agus neamhfhoirmiúla) ar chásanna ciaptha, gearáin inmheánacha agus sheachtracha a phróiseáil, iniúchtaí inmheánacha a dhéanamh, imscrúduithe ag an Oifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/1725, imscrúduithe slándála (TF) ar pléadh leo go hinmheánach nó go seachtrach (e.g. CERT-AE).

9.

Ba cheart go mbeadh feidhm leis na rialacha inmheánacha sin maidir le hoibríochtaí próiseála a dhéantar roimh oscailt na nósanna imeachta dá dtagraítear thuas, le linn na nósanna imeachta sin agus le linn faireacháin ar an obair leantach ar thoradh na nósanna imeachta sin. Ba cheart go n‐áireofaí leis freisin cúnamh agus comhar a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht d’údaráis náisiúnta agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta lasmuigh dá himscrúduithe riaracháin.

10.

Sna cásanna mar a mbíonn feidhm leis na rialacha inmheánacha sin, ní mór don Ghníomhaireacht údair a thabhairt lena mhíniú cén fáth a dteastaíonn na srianta go docht agus go comhréireacht i sochaí dhaonlathach agus go n‐urramaítear leo do bhunbhrí na gceart agus saoirsí bunúsacha.

11.

Laistigh den chreat sin, ní foláir don Ghníomhaireacht urraim a léiriú, chomh fada agus is féidir, do chearta bunúsacha na ndaoine is ábhar do na sonraí le linn na nósanna imeachta thuasluaite; go háirithe, do na cinn a bhaineann le ceart ar sholáthar faisnéise, rochtana agus ceartúcháin, ceart ar scriosadh, srianadh na próiseála, ceart chun cumarsáid a thabhairt do dhuine is ábhar do na sonraí maidir le sárú sonraí pearsanta, nó rúndacht cumarsáide mar a chumhdaítear i Rialachán (AE) 2018/1725.

12.

D’fhéadfadh dualgas a bheith ar an nGníomhaireacht ámh srian a chur le heolas don duine is ábhar do na sonraí mar aon le cearta eile an duine is ábhar do na sonraí chun cosaint faoi leith a thabhairt dá n‐imscrúduithe féin, d’imscrúduithe agus imeachtaí údarás poiblí eile, chomh maith le cearta daoine eile a bhaineann leis na himscrúduithe nó nósanna imeachta eile.

13.

D’fhéadfadh an Ghníomhaireacht srian a chur leis an bhfaisnéis dá réir leis an gcuspóir an t‐imscrúdú a mar aon le cearta agus saoirsí bunúsacha na ndaoine eile is ábhar do na sonraí a chosaint.

14.

Ba cheart don Ghníomhaireacht faireachán tréimhsiúil a dhéanamh ar na coinníollacha lena dtugtar údar maith do chur bhfeidhm an tsriain agus chun deireadh a chur leis an srian óir nach mbeidh feidhm leo a thuilleadh.

15.

Ba cheart don Rialaitheoir a chur in iúl don Oifigeach Cosanta Sonraí go díreach nuair a chuirtear ar athlá é agus le linn na n‐athbhreithnithe.

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR SEO A LEANAS:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Sa chinneadh seo leagtar síos rialacha a bhaineann leis na coinníollacha trínar féidir leis an nGníomhaireacht, i gcreat a cuid nósanna imeachta a leagtar síos i mír 2, srian a chur le cur i bhfeidhm na gceart a chumhdaítear in Airteagail 14 go 21, 35 agus 36, chomh maith le hAirteagal 4 de, i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725.

2.   Is faoi chuimsiú fheidhmiú na Gníomhaireachta a bheidh feidhm leis an gCinneadh seo ar phróiseáil sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht i stiúradh na bhfiosrúchán riaracháin, imeachtaí araíonachta, réamhghníomhaíochtaí i ndáil le cásanna neamhrialtachtaí féideartha a thuairiscítear chuig an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (“OLAF”), cásanna sceithireachta a phróiseáil, nósanna imeachta ciaptha (foirmiúla agus neamhfhoirmiúla), gearáin inmheánacha agus sheachtracha a phróiseáil, iniúchtaí inmheánacha a stiúradh, imscrúduithe ag an Oifigeach Cosanta Sonraí de réir Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/1725, agus imscrúduithe slándála (TF) ar pléadh leo go hinmheánach nó le rannpháirtíocht sheachtrach (e.g. CERT-AE).

3.   Is sonraí crua iad na catagóirí sonraí lena mbaineann (sonraí “oibiachtúla” mar shonraí aitheantais, sonraí teagmhála, sonraí gairmiúla, sonraí riaracháin, sonraí a fuarthas ó fhoinsí áirithe, sonraí cumarsáide leictreonaí agus sonraí tráchta) agus/nó sonraí boga (sonraí “suibiachtúla” a bhaineann leis an gcás mar réasúnaíocht, sonraí iompraíochta, breithmheasanna, sonraí feidhmíochta agus iompair agus sonraí a bhaineann le nó a thagann chun cinn maidir le hábhar an nóis imeachta nó na gníomhaíochta).

4.   Agus an Ghníomhaireacht ag comhlíonadh a ndualgas maidir le cearta duine is ábhar do na sonraí de réir Rialachán (AE) 2018/1725, breithneoidh sí an mbaineann feidhm le ceann ar bith de na díolúintí a leagtar síos sa Rialachán úd.

5.   Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo, d’fhéadfadh feidhm a bheith leis na srianta seo ar na cearta a leanas: faisnéise a sholáthar do dhaoine is ábhar do na sonraí, cearta rochtana, ceartaithe, scriosta, srian ar phróiseáil, sárú sonraí pearsanta a chur in iúl don duine is ábhar do na sonraí nó rúndacht cumarsáide. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de na Rialacháin Foirne, tugtar faomhadh leis seo do na táblaí lena mbunaítear comhionannas idir na cineálacha poist agus teideal poist a bhíonn in úsáid ag oifigigh agus foireann shealadach EMSA, a fhaightear sna Iarscríbhinn leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Sonraíocht an rialaitheora

1.   Is í an Ghníomhaireacht rialaitheoir na n‐oibríochtaí próiseála, arna hionadú ag a Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus féadfaidh an Stiúrthóir feidhm an rialaitheora a tharmligean. Cuirfear na daoine is ábhar do na sonraí ar an eolas faoin rialaitheoir tarmligthe trí mheán fógraí nó taifead cosanta sonraí a fhoilseofar ar láithreán gréasáin agus/nó ar inlíon na Gníomhaireachta.

2.   Ní bheidh tréimhse choinneála na sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 1(3) níos faide ná mar is gá agus is iomchuí chun na gcuspóirí dá bpróiseáiltear na sonraí. Ní bheidh sí níos faide ar chaoi ar bith ná an tréimhse choinneála a shonraítear sna fógraí cosanta sonraí, sna ráitis phríobháideachta nó sna taifid dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

3.   Sa chás go mbreithníonn an Ghníomhaireacht srian a chur i bhfeidhm, déanfar an riosca do chearta agus saoirsí an duine is ábhar do na sonraí a mheas go sonrach os coinne an riosca do chearta agus saoirsí daoine eile is ábhar do na sonraí agus an riosca go neamhnófaí feidhm imscrúduithe nó nósanna imeachta na Gníomhaireachta leis, mar shampla trí fhianaise a scriosadh. Baineann na rioscaí do chearta agus saoirsí an duine is ábhar do na sonraí go príomha, ach gan bheith teoranta dóibh, le rioscaí clú agus rioscaí don cheart cosanta agus don cheart éisteacht a fháil.

Airteagal 2a

Coimircí

Geallann an rialaitheoir coimircí a chur i bhfeidhm chun mí-úsáid nó rochtain nó aistriú neamhdhlíthiúil a chosc, lena n‐áireofar na bearta seo a leanas gan a bheith teoranta dóibh:

(a)

Coimeádfar doiciméid pháipéir i gcófraí daingnithe agus/nó i dtaisceadán/dtaisceadáin, agus ní bheidh rochtain orthu ach ag baill foirne údaraithe amháin;

(b)

Stórálfar na sonraí leictreonacha go léir i bhfeidhmchlár TF slán i gcomhréir le caighdeáin slándála na Gníomhaireachta, agus i bhfillteáin leictreonacha sonrach nach mbeidh rochtain orthu ach ag baill foirne údaraithe amháin. Deonófar leibhéil iomchuí rochtana ina n‐aonar;

(c)

Beidh an bunachar sonraí/na bunachair shonraí faoi chosaint phasfhocail trí chóras sínithe isteach shingil, agus beidh sé/siad ceangailte go huathoibríoch le haitheantas agus pasfhocal an úsáideora féin. Beidh toirmeasc docht ann in aghaidh rochtana ar bhunachair shonraí agus ar shonraí thar ceann úsáideora/aitheantais éigin eile. Coimeádfar na taifid leictreonacha go daingean chun rúndacht agus príobháideacht na sonraí iontu a chumhdach;

(d)

Bíonn dualgas rúndachta ar gach duine a mbeidh rochtain acu ar na sonraí.

Airteagal 3

Srianta

1.   Ní chuirfidh an Ghníomhaireacht aon srian i bhfeidhm ach amháin chun an méid seo a leanas a chumhdach:

(a)

an tslándáil náisiúnta, an tslándáil phoiblí nó cosaint na mBallstát;

(b)

cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‐áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin;

(c)

cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas poiblí ginearálta an Aontais nó Ballstáit, go háirithe cuspóirí chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais nó leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, lena n‐áirítear ábhair airgeadaíochta, bhuiséadacha agus chánachais, sláinte phoiblí agus slándáil shóisialta;

(d)

slándáil inmheánach institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, lena n‐áirítear a gcuid líonraí cumarsáide leictreonaí;

(e)

neamhspleáchas na mbreithiúna agus imeachtaí breithiúnacha a chosaint;

(f)

sáruithe eitice do ghairmeacha rialaithe a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh;

(g)

feidhm faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) go (c);

(h)

an duine is ábhar do na sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint;

(i)

éilimh faoin dlí sibhialta a fhorfheidhmiú.

2.   Mar fheidhm shonrach leis na cuspóirí ar a gcuirtear síos i mír 1 thuas, féadfaidh an Ghníomhaireacht srianta a chur i bhfeidhm, sna cúinsí seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhféadfadh institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht an Aontais srian a chur le teachtadh na gceart liostaithe ar bhunús gníomhartha eile dá bhforáiltear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 nó i gcomhréir le Caibidil IX den Rialachán sin nó i gcomhréir leis na gníomhartha bunaidh d’institiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí eile de chuid an Aontais;

(b)

I gcás ina gcuirfí i mbaol an chuspóra le srian mar sin le hinstitiúid, comhlacht nó gníomhaireacht sin an Aontais dá mba rud nach gcuirfeadh EMSA srian coibhéiseach i bhfeidhm i ndáil leis na sonraí pearsanta céanna;

(c)

i gcás ina bhféadfadh údarás inniúil le Ballstát srianta a chur ar theachtadh na gceart liostaithe ar bhonn gníomhartha eile dá bhforáiltear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), nó faoi bhearta náisiúnta lena dtrasuitear Airteagail 13(3), 15(3) nó 16(3) de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4);

(d)

I gcás ina gcuirfí i mbaol an chuspóra le srian mar sin leis an údarás inniúil sin dá mba rud nach gcuirfeadh EMSA srian coibhéiseach i bhfeidhm i ndáil leis na sonraí pearsanta céanna;

(e)

i gcás ina gcuirfí teachtadh na gceart agus na n‐oibleagáidí sin an comhar idir an Ghníomhaireacht agus tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta i mbaol agus a cúraimí á stiúradh aici.

Sula gcuirfidh sí srianta i bhfeidhm sna himthosca dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle le seirbhísí ábhartha an Choimisiúin; le hinstitiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí, oifigí an Aontais nó le húdaráis inniúla na mBallstát mura léir don Ghníomhaireacht go bhforáiltear do chur i bhfeidhm sriain le ceann amháin de na gníomhartha dá dtagraítear sna pointí sin.

3.   Beidh srian ar bith riachtanach agus comhréireach leis na rioscaí do chearta agus saoirsí na ndaoine is ábhar do na sonraí, agus urramófar leis do bhunbhrí na gceart agus saoirsí bunúsacha laistigh de shochaí dhaonlathach.

4.   Má mheastar srian a chur i bhfeidhm, déanfar tástáil riachtanais comhréireachta gach 6 (sé) mhí, bunaithe ar na rialacha atá ann faoi láthair. Déanfar é a dhoiciméadú trí nóta measúnaithe inmheánaigh chun críocha freagrachta ó chás amháin go chéile.

5.   Cuirfear srianta i leataobh a luaithe is nach mbeidh feidhm a thuilleadh leis na cúinsí a thugann údar leo. Go sonrach, sa chás go meastar nach gcealófaí éifeacht an tsriain fhorchurtha a thuilleadh le teachtadh an chirt shrianta, nó nach mbeadh éifeacht dhiúltach leis ar chearta ná ar shaoirsí daoine eile is ábhar do na sonraí.

Airteagal 4

Athbhreithniú ag an Oifigeach Cosanta Sonraí

1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht, gan moill mhíchuí, in iúl d’Oifigeach Cosanta Sonraí na Gníomhaireachta (“an OCS”) cibé uair a chuireann an rialaitheoir srian le cur i bhfeidhm chearta na ndaoine is ábhar do na sonraí, nó cibé uair a shíneann sé an srian, i gcomhréir leis an gCinneadh seo. Cuirfidh an rialaitheoir rochtain ar fáil don OCS ar an taifead ina bhfaightear an measúnú ar riachtanas agus ar chomhréireacht an tsriain, agus cláróidh sé an dáta ar cuireadh an OCS ar an eolas sa taifead.

2.   Féadfaidh an OCS iarraidh i scríbhinn ar an rialaitheoir athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na srianta. Cuirfidh an rialaitheoir an OCS ar an eolas i scríbhinn maidir le toradh an athbhreithnithe a iarradh.

3.   Cuirfidh an rialaitheoir an OCS ar an eolas nuair a chuirfear deireadh leis an srian.

Airteagal 5

Faisnéis a sholáthar do dhuine is ábhar do na sonraí

1.   I gcásanna cuí-réasúnaithe agus de réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa chinneadh seo, féadfaidh an rialaitheoir srian a chur leis an gceart ar fhaisnéis i gcomhthéacs na n‐oibríochtaí próiseála seo a leanas:

a)

fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí araíonachta a chur i gcrích;

b)

réamhghníomhaíochtaí um chásanna neamhrialtachtaí féideartha a tuairiscíodh do OLAF;

c)

nósanna imeachta sceithireachta;

d)

nósanna imeachta (foirmiúla agus neamhfhoirmiúla) i gcásanna ciaptha;

e)

gearáin inmheánacha agus sheachtracha a phróiseáil;

f)

iniúchtaí inmheánacha;

g)

na himscrúduithe a rinne an tOifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/1725;

h)

Imscrúduithe slándála (TF) a láimhseáladh go hinmheánach nó trí phlé seachtrach (e.g. CERT-AE).

Áireoidh an Ghníomhaireacht leis na fógraí cosanta sonraí ráitis phríobháideachta nó taifid sa chiall le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2018/1725, a fhoilsítear ar a láithreán gréasáin agus/nó ar an inlíon chun eolas a thabhairt do dhaoine is ábhar do na sonraí ar a gcearta laistigh de chreat nóis imeachta áirithe, faisnéis i ndáil le srianadh féideartha ar na cearta sin. Cuimseofar leis an bhfaisnéis na cearta a bhféadfaí srian a chur leo, na fáthanna agus achar féideartha leo.

2.   Gan dochar d’fhorálacha mhír 3, cuirfidh an Ghníomhaireacht, de réir mar is comhréireach, gach duine is ábhar do na sonraí ar an eolas ina n‐aonar, a mheastar de bheith ina ndaoine lena mbaineann san oibríocht phróiseála shonrach, faoina gcearta maidir le srianta reatha nó srianta a bheidh ann amach anseo gan mhoill mhíchuí agus i scríbhinn.

3.   Sa chás go gcuireann an Ghníomhaireacht srian go hiomlán nó go páirteach le soláthar faisnéise do na daoine is ábhar do na sonraí dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh sí taifead ar na fáthanna leis an srian, an foras dlíthiúil leis i gcomhréir le hAirteagal 3 den Chinneadh seo, lena n‐áirítear measúnú ar riachtanas agus ar chomhréireacht an tsriain.

Clárófar an taifead agus, de réir mar is infheidhme, na doiciméid ina bhfaightear codanna bunúsacha fíorasacha agus dlíthiúla. Cuirfear iadsan ar fáil ag an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí ar iarratas a fháil.

4.   Beidh feidhm leis an srian dá dtagraítear i mír 3 go leanúnach chomh fada is a bheidh na cúiseanna leis infheidhmithe go fóill.

Sa chás nach mbeidh feidhm a thuilleadh leis na cúiseanna don srian, soláthróidh an Ghníomhaireacht faisnéis don duine is ábhar do na sonraí ar na príomhchúiseanna atá mar bhonn faoi shrian a fheidhmiú. San am céanna, inseoidh an Ghníomhaireacht don duine is ábhar do na sonraí faoina cheart gearán a sheoladh chuig an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí am ar bith nó leigheas breithiúnach a lorg i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an tsriain gach 6 mhí tar éis a ghlactha agus ar dhúnadh an fhiosrúcháin, an nóis imeachta nó an imscrúdaithe ábhartha. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an rialaitheoir faireachán gach 6 mhí ar an ngá chun srian ar bith a chothabháil.

Airteagal 6

Ceart rochtana ag an duine is ábhar do na sonraí

1.   I gcásanna cuí-réasúnaithe agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Chinneadh seo, féadfaidh an rialaitheoir an ceart rochtana a shrianadh i gcomhthéacs na n‐oibríochtaí próiseála seo a leanas, más gá agus de réir mar is cuí:

a)

fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí araíonachta a chur i gcrích;

b)

réamhghníomhaíochtaí um chásanna neamhrialtachtaí féideartha a tuairiscíodh do OLAF;

c)

nósanna imeachta sceithireachta;

d)

nósanna imeachta (foirmiúla agus neamhfhoirmiúla) i gcásanna ciaptha;

e)

gearáin inmheánacha agus sheachtracha a phróiseáil;

f)

iniúchtaí inmheánacha;

g)

na himscrúduithe a rinne an tOifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/1725;

h)

imscrúduithe slándála (TF) ar pléadh leo go hinmheánach nó le rannpháirtíocht sheachtrach (e.g. CERT-AE).

Má iarrann daoine is ábhar do na sonraí rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a próiseáladh i gcomhthéacs cás sonrach amháin nó níos mó nó in oibríocht próiseála faoi leith, is amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1725 a chuirfidh an Ghníomhaireacht teorainn lena measúnú ar an iarratas chuig na sonraí pearsanta úd amháin.

2.   Má chuireann an Ghníomhaireacht srian, go hiomlán nó go páirteach, leis an gceart rochtana, dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfaidh sí na bearta seo a leanas:

(a)

cuirfidh sí an duine is ábhar do na sonraí lena mbaineann ar an eolas ina freagra ar an iarratas, faoin srian a cuireadh i bhfeidhm agus faoi na príomhchúiseanna leis, agus gur féidir gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí nó leigheas breithiúnach a lorg i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

(b)

déanfar doiciméadú, i nóta measúnaithe inmheánach, ar na fáthanna don srian, lena n‐áirítear measúnú ar riachtanas, comhréireacht an tsriain agus ar a fhad.

Féadfar soláthar faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a) a chur siar, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú dá gcealófaí éifeacht an tsriain leis i gcomhréir le hAirteagal 25(8) de Rialachán (AE) 2018/1725.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an tsriain gach 6 mhí tar éis é a ghlactha agus ar dhúnadh an fhiosrúcháin ábhartha. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an rialaitheoir faireachán gach 6 mhí ar an ngá chun srian ar bith a chothabháil.

3.   Clárófar an taifead agus, de réir mar is infheidhme, na doiciméid ina bhfaightear codanna bunúsacha fíorasacha agus dlíthiúla. Cuirfear iadsan ar fáil ag an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí ar iarratas a fháil.

Airteagal 7

Ceart ceartaithe, scriosta agus srian ar phróiseáil

1.   I gcásanna cuí-réasúnaithe agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Chinneadh seo, féadfaidh an rialaitheoir an ceart ceartaithe, scriosta agus srianta a shrianadh i gcomhthéacs na n‐oibríochtaí próiseála seo a leanas, más gá agus de réir mar is cuí:

a)

fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí araíonachta a chur i gcrích;

b)

réamhghníomhaíochtaí um chásanna neamhrialtachtaí féideartha a tuairiscíodh do OLAF;

c)

nósanna imeachta sceithireachta;

d)

nósanna imeachta (foirmiúla agus neamhfhoirmiúla) i gcásanna ciaptha;

e)

gearáin inmheánacha agus sheachtracha a phróiseáil;

f)

iniúchtaí inmheánacha;

g)

na himscrúduithe a rinne an tOifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/1725;

h)

imscrúduithe slándála (TF) ar pléadh leo go hinmheánach nó le rannpháirtíocht sheachtrach (e.g. CERT-AE).

i)

Na taifid as líne a chúltacú ar seicheamhach iad agus nach bpróiseáiltear ach amháin i gcás athshlánaithe ó thubaiste nó athshlánú páirtsonraí.

2.   Má chuireann an Ghníomhaireacht srian, go hiomlán nó go páirteach, ar chur i bhfeidhm an chirt ceartaithe, scriosta agus srian ar phróiseáil dá dtagraítear in Airteagail 18, 19(1) agus 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfaidh sí na bearta a leagtar amach in Airteagal 6(2) den Chinneadh seo agus cláróidh an taifead i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de. D’ainneoin na gcéimeanna thuas, tiocfaidh gach srian faoi réir athbhreithnithe de bhun na gcoinníollacha d’Airteagal 3 (4) den Chinneadh seo.

Airteagal 8

Sárú sonraí pearsanta a chur in iúl don duine is ábhar do na sonraí agus rúndacht na cumarsáide leictreonaí

1.   I gcásanna cuí-réasúnaithe agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Chinneadh seo, féadfaidh an rialaitheoir an ceart chun cumarsáid a dhéanamh faoi shárú sonraí pearsanta a shrianadh i gcomhthéacs na n‐oibríochtaí próiseála seo a leanas, de réir mar is gá agus mar is cuí:

a)

fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí araíonachta a chur i gcrích;

b)

réamhghníomhaíochtaí um chásanna neamhrialtachtaí féideartha a tuairiscíodh do OLAF;

c)

nósanna imeachta sceithireachta;

d)

gearáin inmheánacha agus sheachtracha a phróiseáil;

e)

iniúchtaí inmheánacha;

f)

na himscrúduithe a rinne an tOifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/1725;

g)

imscrúduithe slándála (TF) ar pléadh leo go hinmheánach nó le rannpháirtíocht sheachtrach (e.g. CERT-AE).

2.   I gcásanna cuí-réasúnaithe agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Chinneadh seo, féadfaidh an rialaitheoir an ceart chun rúndachta cumarsáide leictreonaí a shrianadh i gcomhthéacs na n‐oibríochtaí próiseála seo a leanas, más gá agus de réir mar is cuí:

a)

fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí araíonachta a chur i gcrích;

b)

réamhghníomhaíochtaí um chásanna neamhrialtachtaí féideartha a tuairiscíodh do OLAF;

c)

nósanna imeachta sceithireachta;

d)

nósanna imeachta foirmiúla i gcásanna ciaptha;

e)

gearáin inmheánacha agus sheachtracha a phróiseáil;

f)

imscrúduithe slándála (TF) ar pléadh go hinmheánach nó le rannpháirtíocht sheachtrach (e.g. CERT-AE).

3.   Sa chás go gcuireann an Ghníomhaireacht srian le sárú sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí nó rúndacht na cumarsáide leictreonaí dá dtagraítear in Airteagail 35 agus 36 de Rialachán (AE) 2018/1725, taifeadfaidh sí agus cláróidh sí na cúiseanna don srian i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Chinneadh seo. Beidh feidhm le hAirteagal 5(4) den Chinneadh seo. D’ainneoin na gcéimeanna thuas, tiocfaidh gach srian faoi réir athbhreithnithe de bhun na gcoinníollacha d’Airteagal 3 (4) den Chinneadh seo.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Déanta i Liospóin, an 6 Aibreán 2020

Ar son na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí

Andreas NORDSETH

Cathaoirleach an Bhoird Riaracháin


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39

(2)  IO L 208, 5.8.2002, lch.1.

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch.1).

(4)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghnoimhiú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n‐aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).