|
26.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 204/49 |
CINNEADH ÓN MAOIRSEOIR EORPACH AR CHOSAINT SONRAÍ
an 15 Bealtaine 2020
ag glacadh rialacha Nós Imeachta an MECS
TÁ AN MAOIRSEOIR EORPACH AR CHOSAINT SONRAÍ
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (1), agus go háirithe Airteagal 57(1)(q) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go mbeidh comhlíonadh na rialacha a bhaineann le daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leo faoi réir rialú ag údarás neamhspleách. |
|
(2) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2018/1725 bunú údaráis neamhspleách dá ngairtear an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS), atá freagrach as a áirithiú go n-urramaíonn institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha, agus go háirithe a gceart chun cosaint sonraí, i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. |
|
(3) |
Déantar foráil freisin i Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le dualgais agus cumhachtaí an MECS agus maidir leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a cheapadh. |
|
(4) |
Foráiltear freisin i Rialachán (AE) 2018/1725 gur cheart do Rúnaíocht cúnamh a thabhairt don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus go leagtar síos roinnt forálacha maidir le cúrsaí foirne agus buiséid. |
|
(5) |
Foráiltear freisin le forálacha eile dlí an Aontais maidir le cúraimí agus cumhachtaí don MECS, go háirithe, Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
|
(6) |
Tar éis dul i gcomhairle le Coiste Foirne an MECS, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
TEIDEAL I
MISEAN, SAINMHÍNITHE, TREOIRPHRIONSABAIL AGUS EAGRAÍOCHT
CAIBIDIL I
Misean agus sainmhínithe
Airteagal 1
An MECS
Gníomhóidh an MECS i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2018/1725, aon ghníomh dlí ábhartha eile de chuid an Aontais agus an Chinnidh seo, agus leanfaidh sé na tosaíochtaí straitéiseacha a d’fhéadfadh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a leagan amach.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
a) |
Ciallaíonn “an Rialachán” Rialachán (AE) 2018/1725; |
|
b) |
Ciallaíonn “RGCS” Rialachán (AE) 2016/679; |
|
c) |
Ciallaíonn “foras” institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais atá faoi réir an Rialacháin nó aon ghníomh dlí eile de chuid an Aontais lena bhforáiltear do chúraimí agus do chumhachtaí don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí; |
|
d) |
Ciallaíonn “MECS” an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí mar chomhlacht de chuid an Aontais; |
|
e) |
Ciallaíonn “Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí” an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 53 den Rialachán; |
|
f) |
Ciallaíonn “BECS” an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí mar chomhlacht de chuid an Aontais arna bhunú le hAirteagal 68(1) den RGCS; |
|
g) |
Ciallaíonn “rúnaíocht BECS” rúnaíocht an BECS arna bhunú le hAirteagal 75 den RGCS. |
CAIBIDIL II
Treoirphrionsabail
Airteagal 3
Dea-rialachas, ionracas agus dea-iompar riaracháin
1. Gníomhóidh an MECS ar mhaithe le leas an phobail mar shaineolaí chomh maith le comhlacht neamhspleách, iontaofa, réamhghníomhach agus údarásach i réimse an chosaint príobháideachta agus sonraí pearsanta.
2. Gníomhóidh an MECS i gcomhréir le Creat Eitice an MECS.
Airteagal 4
Cuntasacht agus trédhearcacht
1. Foilseoidh an MECS a thosaíochtaí straitéiseacha agus Tuarascáil Bhliantúil go tréimhsiúil.
2. Beidh an MECS, ina cháil mar rialtóir sonraí, ag treorú trí eiseamláir i ndáil leis an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta a urramú.
3. Beidh an MECS i dteagmháil leis na meáin agus na páirtithe leasmhara go hoscailte agus go trédhearcach agus míneoidh sé a chuid gníomhaíochtaí don phobal i dteanga shoiléir.
Airteagal 5
Éifeachtúlacht agus éifeachtacht
1. Úsáidfidh an MECS modhanna riaracháin agus teicniúla úrscothacha chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht a uasmhéadú agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige, lena n-áirítear cumarsáid inmheánach agus tarmligean iomchuí cúraimí.
2. Cuirfidh an MECS sásraí agus uirlisí iomchuí i bhfeidhm chun an leibhéal is airde bainistíochta cáilíochta a áirithiú, amhail caighdeáin rialaithe inmheánaigh, próiseas bainistithe riosca agus an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíocht.
Airteagal 6
Comhoibriú
Cuirfidh an MECS comhar chun cinn i measc údaráis mhaoirseachta cosanta sonraí agus le haon údarás poiblí eile a bhféadfadh tionchar a bheith ag a gcuid gníomhaíochtaí ar phríobháideacht agus ar chosaint sonraí pearsanta.
Caibidil III
Eagraíocht
Airteagal 7
Ról an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí
Cinnfidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tosaíochtaí straitéiseacha an MECS agus glacfaidh sé na doiciméid bheartais a chomhfhreagraíonn do chúraimí agus do chumhachtaí an MECS.
Airteagal 8
Rúnaíocht MECS
Cinnfidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí struchtúr eagraíochtúil rúnaíocht an MECS. Gan dochar don Mheabhrán Tuisceana idir an MECS agus an BECS an 25 Bealtaine 2018, go háirithe maidir le rúnaíocht BECS, léireoidh an struchtúr na tosaíochtaí straitéiseacha a leagfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí síos.
Airteagal 9
An Stiúrthóir agus an tÚdarás Ceapacháin
1. Gan dochar don Mheabhrán Tuisceana idir an MECS agus an BECS an 25 Bealtaine 2018, go háirithe pointe VI(5) de, feidhmeoidh an Stiúrthóir na cumhachtaí atá dílsithe don Údarás Ceapacháin de réir bhrí Airteagail 2 de Rialacháin Foirne oifigigh an Aontais Eorpaigh a leagtar síos le Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (7) agus na cumhachtaí atá dílsithe don té atá údaraithe conarthaí fostaíochta de réir bhrí Airteagail 6 de na Coinníollacha Fostaíochta seirbhíseach eile den Aontas Eorpach a dhéanamh a leagtar síos le Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 agus le cumhachtaí gaolmhara eile a eascraíonn as cinntí rialacháin eile, laistigh de raon feidhme an MECS agus de chineál idir-institiúideach araon, sa mhéid nach bhforáiltear a mhalairt le cinneadh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir le feidhmiú na gcumhachtaí atá dílsithe san Údarás Ceapacháin agus sa té atá údaraithe conarthaí fostaíochta a dhéanamh.
2. Féadfaidh an Stiúrthóir feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 a tharmligean chuig an oifigeach atá freagrach as bainistiú acmhainní daonna.
3. Is é an Stiúrthóir an t-oifigeach tuairiscithe don Oifigeach Cosanta Sonraí, don Oifigeach Slándála Áitiúil, don Oifigeach Slándála Faisnéise Áitiúil, don Oifigeach Trédhearcachta, don Oifigeach Seirbhíse Dlí, don Oifigeach Eitice agus don Chomhordaitheoir Rialaithe Inmheánaigh maidir leis na cúraimí a bhaineann leis na feidhmeanna sin.
4. Cabhróidh an Stiúrthóir leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí comhsheasmhacht agus comhordú foriomlán an MECS a áirithiú agus maidir le haon chúraimí eile a tharmligfidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí dó nó di.
5. Féadfaidh an Stiúrthóir cinntí an MECS a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm na srianta bunaithe ar rialacha inmheánacha an MECS lena gcuirtear Airteagal 25 den Rialachán i bhfeidhm.
Airteagal 10
Cruinniú Bainistíochta
1. Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, an Stiúrthóir agus na Cinn Aonad agus Rannóige ar an gCruinniú Bainistíochta agus áiritheoidh sé maoirseacht straitéiseach ar obair an MECS.
2. I gcás ina mbaineann an Cruinniú Bainistíochta le saincheisteanna a bhaineann le hacmhainní daonna, buiséad, cúrsaí airgeadais nó riaracháin is ábhartha don BECS nó do rúnaíocht an BECS, beidh Ceann rúnaíocht an BECS ann freisin.
3. Is é an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a bheidh ina chathaoirleach ar an gCruinniú Bainistíochta, nó i gcásanna nach mbeidh sé nó sí in ann freastal ar an gcruinniú, beidh an Stiúrthóir sa chathaoir. De ghnáth, beidh an Cruinniú Bainistíochta ar siúl uair sa tseachtain.
4. Áiritheoidh an Stiúrthóir feidhmiú cuí rúnaíocht an Chruinnithe Bainistíochta.
5. Ní bheidh na cruinnithe poiblí. Beidh an plé faoi rún.
Airteagal 11
Tarmligean cúraimí agus údarú
1. Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an chumhacht a tharmligean don Stiúrthóir, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis an Rialachán, cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí de a ghlacadh agus a shíniú, agus a bhfuil a substaint arna cinneadh cheana féin ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
2. Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an chumhacht doiciméid eile a ghlacadh agus a shíniú a tharmligean freisin, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis an Rialachán, don Stiúrthóir nó don Cheann Aonaid nó don Cheann rannóige lena mbaineann.
3. I gcás ina mbeidh cumhachtaí tarmligthe chuig an Stiúrthóir de bhun mhír 1 nó mhír 2, féadfaidh an Stiúrthóir iad a fho-tharmligean don Cheann Aonaid nó don Cheann Rannóige lena mbaineann.
4. I gcás ina gcoiscfear ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a fheidhmiú nó go bhfuil an post folamh agus nach bhfuil aon Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ceaptha, comhlíonfaidh an Stiúrthóir, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis an Rialachán, cúraimí agus dualgais an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí atá riachtanach agus práinneach chun leanúnachas gnó a áirithiú.
5. I gcás ina gcoiscfear ar an Stiúrthóir a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a fheidhmiú nó go bhfuil an post folamh nach bhfuil aon oifigeach ainmnithe ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, feidhmeoidh an Ceann Aonaid nó an Ceann Rannóige ag a bhfuil an grád is airde feidhmeanna an Stiúrthóra, nó, más grád comhionann atá i gceist, feidhmeoidh an ceann Aonaid nó an Ceann Rannóige ag a bhfuil an tsinsearacht is airde laistigh den ghrád iad nó, i gcás sinsearachta comhionann, feidhmeoidh an duine is sine iad.
6. Mura bhfuil aon Cheann Aonaid nó Ceann Rannóige ar fáil chun dualgais an Stiúrthóra mar a shonraítear faoi mhír 5 a fheidhmiú agus mura bhfuil aon oifigeach ainmnithe ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, is é an t-oifigeach ag a bhfuil an ngrád is airde nó, más grád comhionann atá i gceist, an t-oifigeach ag a bhfuil an tsinsearacht is airde laistigh den ghrád nó, i gcás sinsearachta comhionann, an duine is sine, a dhéanfaidh ionadaíocht.
7. I gcás ina gcoiscfear ar aon duine atá ar chéim níos airde de réir céimlathais a dhualgais nó a dualgais a fheidhmiú, agus nach bhfuil aon oifigeach ainmnithe ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ainmneoidh an Stiúrthóir oifigeach i gcomhaontú leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Mura bhfuil aon duine a ghabhfaidh a ionad ainmnithe ag an Stiúrthóir, gabhfaidh an t-oifigeach san Aonad nó sa Rannóg lena mbaineann ag a bhfuil an grád is airde, nó más grád comhionann atá i gceist, an t-oifigeach ag a bhfuil an tsinsearacht is airde sa ghrád nó, i gcás sinsearachta comhionann, an duine is sine, a ionad.
8. Beidh mír 1 go mír 7 gan dochar do na rialacha a bhaineann leis an tarmligean i ndáil leis na cumhachtaí a thugtar don Údarás Ceapacháin nó leis na cumhachtaí a bhaineann le cúrsaí airgeadais de réir mar a fhoráiltear in Airteagail 9 agus 12.
Airteagal 12
Oifigeach Údarúcháin agus Oifigeach Cuntasaíochta
1. Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí cumhachtaí an Oifigigh Údarúcháin a tharmligean don Stiúrthóir i gcomhréir leis an gcairt chúraimí agus freagrachtaí a bhaineann le buiséad agus riaradh an MECS dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagal 72(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).
2. Maidir le cúrsaí buiséid a bhaineann leis an BECS, feidhmeoidh an tOifigeach Údarúcháin a fheidhm nó a feidhm de réir an Mheabhráin Tuisceana idir an MECS agus an BECS.
3. Déanfaidh Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin feidhm Oifigeach Cuntasaíochta an MECS, i gcomhréir le Cinneadh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí an 1 Márta 2017 (9).
TEIDEAL II
FAIREACHÁN AGUS CUR I bhFEIDHM AN RIALACHÁIN A ÁIRITHIÚ
Airteagal 13
Faireachán agus cur i bhfeidhm an Rialacháin a áirithiú
Ráthóidh an MECS cearta agus saoirsí daoine aonair a chosaint go héifeachtach trí fhaireachán agus forfheidhmiú an Rialacháin agus trí aon ghníomh dlí eile de chuid an Aontais lena bhforáiltear do chúraimí agus do chumhachtaí don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Chuige sin, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí imscrúdaitheacha, ceartaitheacha, údaraithe agus comhairleacha, féadfaidh an MECS cuairteanna comhlíontachta, suirbhéanna, cuairteanna démhíosúla agus comhairliúcháin neamhfhoirmiúla a dhéanamh nó socruithe cairdiúla gearán a éascú.
Airteagal 14
Trédhearcacht freagraí ar chomhairliúcháin ag institiúidí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le hiarrataí ar údaruithe
Féadfaidh an MECS na freagraí ar chomhairliúchán ó institiúidí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil a fhoilsiú ina n-iomláine nó i bpáirt, agus na ceanglais maidir le rúndacht agus slándáil faisnéise is infheidhme á gcur san áireamh. Foilseofar cinntí ar údarú, agus na ceanglais maidir le rúndacht agus slándáil faisnéise is infheidhme á gcur san áireamh.
Airteagal 15
Oifigigh Chosanta Sonraí ar thug na hinstitiúidí fógra dóibh
1. Coimeádfaidh an MECS clár de cheapacháin na nOifigeach Cosanta Sonraí a chuirfidh na hinstitiúidí in iúl don MECS i gcomhréir leis an Rialachán.
2. Foilseofar liosta nuashonraithe d’Oifigigh Chosanta Sonraí na n-institiúidí ar shuíomh gréasáin an MECS.
3. Tabharfaidh an MECS treoir d’Oifigigh Chosanta Sonraí, go háirithe trí pháirt a ghlacadh sna cruinnithe a eagraíonn líonra Oifigeach Cosanta Sonraí na n-institiúidí.
Airteagal 16
Gearáin a láimhseáil
1. Ní dhéileálfaidh an MECS le gearáin gan ainm.
2. Déileálfaidh an MECS le gearáin a chuirtear isteach i scríbhinn, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, in aon teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus ina soláthrófar sonraí is gá chun go dtuigfear an gearán.
3. I gcás ina bhfuil gearán a bhaineann leis na fíorais chéanna curtha isteach ag an ngearánach chuig an Ombudsman Eorpach, scrúdóidh an MECS inghlacthacht an ghearáin i gcomhréir leis an Meabhrán Tuisceana idir an MECS agus an tOmbudsman Eorpach.
4. Cinnfidh an MECS conas gearán a láimhseáil agus an méid seo a leanas á chur san áireamh aige:
|
a) |
cineál agus tromchúis na sáruithe líomhnaithe ar rialacha cosanta sonraí; |
|
b) |
tábhacht an damáiste a d’fhulaing nó a d’fhéadfadh a bheith fulaingthe ag duine is ábhar do na sonraí nó ag daoine is ábhar do na sonraí mar thoradh ar an sárú; |
|
c) |
tábhacht fhoriomlán fhéideartha an cháis, i ndáil le leasanna poiblí agus príobháideacha eile lena mbaineann freisin; |
|
d) |
an dóchúlacht go ndeimhneofar gur tharla an sárú; |
|
e) |
an dáta cruinn ar tharla na himeachtaí bunúsacha, stop an t-iompar i gceist éifeachtaí a ghiniúint, baineadh na héifeachtaí nó cuireadh ráthaíocht iomchuí ar fáil maidir le hiad a bhaint. |
5. I gcás inarb iomchuí, éascóidh an MECS réiteach cairdiúil ar an ngearán.
6. Déanfaidh an MECS imscrúdú ar ghearán a chur ar fhionraí go dtí go mbeidh rialú déanta ag cúirt nó cinneadh ó chomhlacht breithiúnach nó riaracháin eile ar fáil ar an ábhar céanna.
7. Ní nochtfaidh an MECS céannacht an ghearánaigh ach a mhéid is gá chun an t-imscrúdú a sheoladh go cuí. Ní nochtfaidh an MECS aon doiciméad a bhaineann leis an ngearán, ach amháin sleachta nó achoimrí anaithnidithe ar an gcinneadh críochnaitheach, ach amháin má thugann an duine lena mbaineann toiliú don nochtadh sin.
8. Má cheanglaítear sin trí imthosca an ghearáin, comhoibreoidh an MECS leis na húdaráis mhaoirseachta inniúla, lena n-áirítear údaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla atá ag gníomhú faoi raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach.
Airteagal 17
Torthaí na ngearán
1. Cuirfidh an MECS an gearánach ar an eolas a luaithe is féidir faoi thoradh gearáin agus faoin ngníomh a rinneadh.
2. I gcás ina bhfaighfear amach nach bhfuil gearán inghlactha nó ina scoirtear den imscrúdú, cuirfidh an MECS, i gcás inarb iomchuí, comhairle ar an ngearánach é a chur isteach chuig údarás inniúil eile.
3. Féadfaidh an MECS cinneadh a dhéanamh deireadh a chur le himscrúdú nuair a iarrann an gearánach é. Ní chuirfidh sé sin cosc ar an MECS ábhar an ghearáin a imscrúdú tuilleadh.
4. Féadfaidh an MECS imscrúdú a dhúnadh i gcás inar theip ar an ngearánach an fhaisnéis a iarradh a sholáthar. Cuirfidh an MECS an gearánach ar an eolas faoin gcinneadh seo.
Airteagal 18
Athbhreithniú ar ghearáin agus réitigh bhreithiúnacha
1. Sa chás go n-eisíonn an MECS cinneadh maidir le gearán, féadfaidh an gearánach nó an institiúid lena mbaineann a iarraidh go ndéanfadh an MECS athbhreithniú ar a chinneadh. Déanfar iarraidh den sórt sin laistigh de mhí amháin ón gcinneadh. Déanfaidh an MECS athbhreithniú ar a chinneadh i gcás ina gcuireann an gearánach nó an institiúid fianaise fhíorasach nua nó argóintí dlíthiúla chun cinn.
2. Ar a chinneadh maidir le gearán a eisiúint, cuirfidh an MECS an gearánach agus an institiúid lena mbaineann ar an eolas go bhfuil sé de cheart acu athbhreithniú a iarraidh ar a chinneadh agus agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
3. Más rud é go n-eisíonn an MECS cinneadh nua athbhreithnithe ar iarratas athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh maidir le gearán, cuirfidh an MECS an gearánach agus an institiúid lena mbaineann ar an eolas gur féidir leo agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 19
Fógra chuig an MECS maidir le sárú sonraí pearsanta ag institiúidí
1. Cuirfidh an MECS ardán slán ar fáil chun fógra a thabhairt faoi shárú sonraí pearsanta ag institiúid agus cuirfidh sé bearta slándála i bhfeidhm chun faisnéis a mhalartú maidir le sárú sonraí pearsanta.
2. Ar fhógra a fháil admhóidh an MECS go bhfuarthas é chuig an institiúid lena mbaineann.
TEIDEAL III
COMHAIRLIÚCHÁN REACHTACH, FAIREACHÁN TEICNEOLAÍOCHTA, TIONSCADAIL TAIGHDE, IMEACHTAÍ CÚIRTE
Airteagal 20
Comhairliúchán reachtach
1. Mar fhreagra ar iarrataí ón gCoimisiún de bhun Airteagail 42(1) den Rialachán, eiseoidh an MECS tuairimí nó barúlacha foirmiúla.
2. Foilseofar na tuairimí ar shuíomh gréasáin an MECS i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis. Foilseofar achoimrí ar chinntí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (Sraith C). Foilseofar barúlacha foirmiúla ar shuíomh gréasáin an MECS.
3. Féadfaidh an MECS diúltú freagairt do chomhairliúchán i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 42 den Rialachán, rud lena n-áirítear cás nach mbeidh aon tionchar ar chosaint chearta agus shaoirsí daoine aonair maidir le cosaint sonraí.
4. Mura féidir tuairim chomhpháirteach ón MECS agus ón BECS a eisiúint de bhun Airteagal 42(2) den Rialachán laistigh den spriocdháta atá leagtha síos d’ainneoin dian-iarracht a dhéanamh féadfaidh an MECS tuairim a eisiúint maidir leis an ábhar céanna.
5. I gcás ina ngiorróidh an Coimisiún spriocdháta is infheidhme maidir le comhairliúchán reachtach de bhun Airteagal 42(3) den Rialachán, féachfaidh an MECS leis an spriocdháta a leagtar síos a urramú a mhéid is réasúnach agus is indéanta, agus go háirithe castacht an ábhair, fad na doiciméadachta agus iomláine na faisnéise a sholáthraíonn an Coimisiún á gcur san áireamh aige.
Airteagal 21
Faireachán teicneolaíochta
Cuirfidh an MECS, agus faireachán á dhéanamh aige ar fhorbairt teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a mhéid a bhíonn tionchar acu ar chosaint sonraí pearsanta, feasacht a chur chun cinn agus tabharfaidh sé comhairle go háirithe maidir le prionsabail na cosanta sonraí trí dhearadh agus cosaint sonraí de réir réamhshocraithe.
Airteagal 22
Tionscadail taighde
Féadfaidh an MECS a chinneadh rannchuidiú le Creatchláir an Aontais agus fónamh ar choistí comhairleacha na dtionscadal taighde.
Airteagal 23
Gníomh i gcoinne institiúidí mar gheall ar shárú an Rialacháin
Féadfaidh an MECS an t-ábhar a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcás nach gcomhlíonann institiúid an Rialachán, go háirithe i gcás nár chuathas i gcomhairle leis an MECS i gcásanna dá bhforáiltear in Airteagal 42(1) den Rialachán agus mura bhfreagraítear go héifeachtach do ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin arna glacadh ag an MECS faoi Airteagal 58 den Rialachán.
Airteagal 24
Idirghabháil MECS i ngníomhartha a tugadh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
1. Féadfaidh an MECS idirghabháil a dhéanamh i gcaingne a thionscnaítear os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 58(4) den Rialachán, Airteagal 43(3)(i) de Rialachán (AE) 2016/794, Airteagal 85(3)(g) de Rialachán (AE) 2017/1939, agus Airteagal 40(3)(g) de Rialachán (AE) 2018/1727.
2. Agus cinneadh á dhéanamh an n-iarrfaidh sé cead idirghabháil a dhéanamh nó glacadh le cuireadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh déanamh amhlaidh, cuirfidh an MECS san áireamh go háirithe:
|
a. |
an raibh nó nach raibh baint dhíreach ag an MECS le fíorais an cháis agus a chúraimí maoirseachta á gcomhlíonadh aige; |
|
b. |
an ardaíonn an cás saincheisteanna maidir le cosaint sonraí atá substaintiúil iontu féin nó cinntitheach maidir lena thoradh; agus |
|
c. |
an dócha nó nach dócha go ndéanfaidh idirghabháil an MECS difear do thoradh na n-imeachtaí. |
TEIDEAL IV
COMHAR LEIS NA hÚDARÁIS MHAOIRSEACHTA NÁISIÚNTA AGUS COMHAR IDIRNÁISIÚNTA
Airteagal 25
MECS mar bhall den Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí
Beidh sé d’aidhm ag an MECS mar bhall den BECS peirspictíocht an Aontais a chur chun cinn, agus go háirithe na luachanna comhroinnte dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chonradh an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 26
Comhar le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta faoi Airteagal 61 den Rialachán
1. Comhoibreoidh an MECS le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus leis an údarás maoirseachta comhpháirteach arna bhunú faoi Airteagal 25 de Chinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle (10) chun, go háirithe:
|
a) |
an fhaisnéis ábhartha uile a mhalartú, lena n-áirítear dea-chleachtais, chomh maith le faisnéis i ndáil le hiarrataí chun faireachán, cumhachtaí imscrúdaitheacha agus forfheidhmithe a chur i bhfeidhm trí údaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla; |
|
b) |
teagmháil a fhorbairt agus a choinneáil le comhaltaí ábhartha agus le foireann na n-údarás maoirseachta náisiúnta. |
2. I gcás inarb ábhartha, beidh an MECS i mbun cúnaimh fhrithpháirtigh agus glacfaidh sé páirt in oibríochtaí comhpháirteacha le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, gach ceann acu ag gníomhú faoi raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach mar a leagtar amach sa Rialachán, in RGCS agus i ngníomhartha ábhartha eile de dhlí an Aontais.
3. Féadfaidh an MECS páirt a ghlacadh, ar cuireadh a fháil, in imscrúdú trí údarás maoirseachta nó iarraidh ar údarás maoirseachta páirt a ghlacadh in imscrúdú i gcomhréir leis na rialacha dlíthiúla agus nós imeachta is infheidhme don pháirtí a thugann an cuireadh.
Airteagal 27
Comhar idirnáisiúnta
1. Cuirfidh an MECS dea-chleachtais, cóineasú agus sineirgí chun cinn maidir le cosaint sonraí pearsanta idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear rannpháirteach i líonraí agus imeachtaí ábhartha réigiúnacha agus idirnáisiúnta.
2. I gcás inarb iomchuí, beidh an MECS i mbun cúnaimh fhrithpháirtigh i ngníomhaíochtaí imscrúdaithe agus forfheidhmithe de chuid údaráis mhaoirseachta tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta.
TEIDEAL V
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 28
Comhairliúchán leis an gCoiste Foirne
1. Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Foirne, a dhéanann ionadaíocht ar fhoireann an MECS, lena n-áirítear rúnaíocht BECS, in am trátha maidir le dréachtchinntí a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialacháin Foirne d’oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta do sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos le Rialachán (CEE, Euratom, ECSC) Uimh. 259/68 agus is féidir dul i gcomhairle leo maidir le ceist ar bith eile faoi chúrsaí ginearálta a bhaineann leis an bhfoireann. Cuirfear an Coiste Foirne ar an eolas faoi aon cheist a bhaineann le feidhmiú a chuid cúraimí. Eiseoidh sé a chuid tuairimí laistigh de 10 lá oibre tar éis dul i gcomhairle leo.
2. Rannchuideoidh an Coiste Foirne le dea-fheidhmiú an MECS, rúnaíocht BECS san áireamh, trí mholtaí a dhéanamh maidir le cúrsaí eagraíochtúla agus dálaí oibre.
3. Beidh an Coiste Foirne comhdhéanta de thriúr comhaltaí agus triúr ionadaithe, agus toghfaidh foireann uile an MECS, an BECS san áireamh, iad go ceann tréimhse dhá bhliain.
Airteagal 29
Oifigeach Cosanta Sonraí
1. Is é an MECS a cheapfaidh Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS).
2. Rachfar i gcomhairle leis an OCS go háirithe nuair a bheartaíonn an MECS mar rialaitheoir srian a úsáid, bunaithe ar na rialacha inmheánacha lena gcuirtear Airteagal 25 den Rialachán i bhfeidhm.
3. I gcomhréir le pointe IV(2)(viii) den Mheabhrán Tuisceana idir an MECS agus an BECS, tá OCS ar leith ag an BECS. I gcomhréir le pointe IV(4) den Mheabhrán Tuisceana idir an MECS agus an BECS, tiocfaidh OCS an MECS agus an BECS le chéile go rialta chun a áirithiú go mbeidh a gcuid cinntí comhsheasmhach an t-am ar fad.
Airteagal 30
Rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus Oifigeach Trédhearcachta an MECS
Ainmneoidh an MECS Oifigeach Trédhearcachta chun a áirithiú go gcomhlíonfar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), gan dochar don tslí a láimhseáiltear rochtain phoiblí ar iarrataí ar dhoiciméid ó rúnaíocht an BECS de réir pointe IV(2)(iii) den Meabhrán Tuisceana idir an MECS agus an BECS.
Airteagal 31
Teangacha
1. Tá an MECS tiomanta do phrionsabal an ilteangachais, toisc go bhfuil éagsúlacht chultúrtha agus teanga ar cheann de bhunchlocha agus sócmhainní an Aontais Eorpaigh. Déanann an MECS a dhícheall cothromaíocht a aimsiú idir prionsabal an ilteangachais agus an oibleagáid bainistiú fónta airgeadais agus coigilteas fónta a áirithiú do bhuiséad an Aontais Eorpaigh, agus, dá bhrí sin, úsáid phragmatach a bhaint as a chuid acmhainní teoranta.
2. Freagróidh an MECS d’aon duine a bheidh ag dul i dteagmháil leis ar ábhar a thagann faoina inniúlacht i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh sa teanga chéanna a úsáidtear chun teagmháil a dhéanamh leis. Féadfar gach gearán, iarratas ar fhaisnéis agus aon iarrataí eile a sheoladh chuig an MECS in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, agus tabharfar freagra sa teanga chéanna.
3. Beidh suíomh gréasáin an MECS ar fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis. Foilseofar doiciméid straitéiseacha an MECS, amhail an straitéis do shainordú an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis.
Airteagal 32
Seirbhísí tacaíochta
Féadfaidh an MECS comhaontuithe comhair nó comhaontuithe leibhéal seirbhíse a dhéanamh le hinstitiúidí eile, agus féadfaidh sé a bheith rannpháirteach i nglaonna idirinstitiúideacha ar thairiscintí a mbíonn conarthaí creata le tríú páirtithe mar thoradh orthu chun seirbhísí tacaíochta a sholáthar don MECS agus don BECS. Féadfaidh an MECS conradh a shíniú le soláthraithe seirbhíse seachtracha i gcomhréir leis na rialacha soláthair is infheidhme do na hinstitiúidí.
Airteagal 33
Cinntí a fhíordheimhniú
1. Fíordheimhneofar cinntí an MECS trí shíniú an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí nó an Stiúrthóra mar a fhoráiltear sa Chinneadh seo. Féadfaidh an síniú sin a bheith lámhscríofa nó i bhfoirm leictreonach.
2. I gcás tarmligin nó ionadaithe i gcomhréir le hAirteagal 11, fíordheimhneofar na cinntí trí shíniú an duine ar tarmligeadh an chumhacht dó nó an duine atá ag déanamh ionadaíochta. Féadfaidh an síniú sin a bheith lámhscríofa nó i bhfoirm leictreonach.
Airteagal 34
Cianobair ag MECS agus doiciméid leictreonacha
1. Le cinneadh ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, féadfaidh an MECS córas cianoibre a chur i bhfeidhm don bhfoireann go léir nó do chuid dá fhoireann. Cuirfear an cinneadh sin in iúl don bhfoireann agus foilseofar é ar shuíomhanna gréasáin an MECS agus an BECS.
2. Le cinneadh ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, féadfaidh an MECS coinníollacha bailíochta doiciméad leictreonach, nósanna imeachta leictreonacha agus modhanna leictreonacha tarchuir doiciméad a chinneadh chun críocha an MECS. Cuirfear an cinneadh sin in iúl don bhfoireann agus foilseofar é ar shuíomh gréasáin an MECS.
3. Rachfar i gcomhairle le Cathaoirleach an BECS i gcás ina mbaineann na cinntí sin le Rúnaíocht BECS.
Airteagal 35
Rialacha maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama a ríomh
Cuirfidh an MECS na rialacha i bhfeidhm maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama arna mbunú faoi Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle a ríomh (12).
TEIDEAL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 36
Bearta bainistíochta
Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí forálacha an Chinnidh seo a shonrú tuilleadh trí rialacha um chur i bhfeidhm agus bearta forlíontacha a bhaineann le feidhmiú an MECS a ghlacadh.
Airteagal 37
Aisghairm Chinneadh 2013/504/AE ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
Aisghairtear Cinneadh 2013/504/AE ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (13) agus cuirtear an Cinneadh seo ina ionad.
Airteagal 38
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá i ndiaidh lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Bealtaine 2020
Thar ceann an MECS
Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
(1) IO L 295, 21.11.2018, p. 39.
(2) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(3) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(4) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).
(5) Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinnidh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an Cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).
(6) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(7) Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (Coinníolllacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile) (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).
(8) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(9) Cinneadh ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) an 1 Márta 2017 maidir le hOifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin Eorpaigh a cheapadh mar Oifigeach Cuntasaíochta an MECS.
(10) Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise chun críocha custaim (IO L 323, 10.12.2009, lch. 20).
(11) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(12) Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1).
(13) Cinneadh 2013/504/AE ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an 17 Nollaig 2012 maidir le Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh (IO L 273, 15.10.2013, lch. 41).