31.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 445/2


CINNEADH (AE, Euratom) 2020/2255 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Nollaig 2020

maidir le tabhairt i gcrích, ag an gCoimisiún Eorpach, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach maidir leis an gComhar i ndáil le hÚsáid Shábháilte agus Shíochánta an Fhuinnimh Núicléach, agus tabhairt i gcrích, ag an gCoimisiún Eorpach thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (‘Conradh Euratom’), agus go háirithe Airteagal 101, an dara mír, de,

Ag féachaint don fhormheas ón gComhairle,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug an Chomhairle údarás don Choimisiún Eorpach an 25 Feabhra 2020 tús a chur le caibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe le haghaidh comhaontú nua comhpháirtíochta. Tar éis na caibidlíochta, tháinig na Páirtithe ar chomhaontú ar leibhéal na n-idirbheartaithe maidir le Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus an Ríocht Aontaithe, den pháirt eile, (an ‘Comhaontú Trádála agus Comhair’ anseo feasta) agus maidir le Comhaontú idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach maidir leis an gComhar i ndáil le hÚsáid Shábháilte agus Shíochánta an Fhuinnimh Núicléach (an ‘Comhaontú um Fhuinneamh Núicléach’).

(2)

Cumhdaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair ábhair a thagann faoi inniúlachtaí an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhphobal’), is é sin an bhaint le Clár Taighde agus Oiliúna Euratom agus leis an gComhghnóthas Eorpach um ITER arna rialú le forálacha Chuid a Cúig den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Ba cheart, dá bhrí sin, an Comhaontú Trádála agus Comhair a thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail freisin, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi Chonradh Euratom. Tá síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair thar ceann an Aontais Eorpaigh faoi réir nós imeachta ar leith.

(3)

Ós eisceachtúil iad imthosca na Ríochta Aontaithe maidir leis an Aontas agus leis an gComhphobal, agus ós práinneach an cás mar go mbeidh deireadh leis an idirthréimhse ar an 31 Nollaig 2020, ba cheart an Comhaontú Trádála agus Comhair, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi Chonradh Euratom, a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach go dtí go gcríochnófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

(4)

Le toiliú na Ríochta Aontaithe, ba cheart an Comhaontú maidir le Fuinneamh Adamhach a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach go dtí go gcríochnófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm agus go gcríochnófar an t-athbhreithniú dlí agus teanga deiridh agus go ndeimhneoidh na Páirtithe go bhfuil na leaganacha teanga deiridh sin barántúil agus críochnaitheach. Maidir leis sin, cuireann an Coimisiún i gcuimhne go bhfuil an chumhacht comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích dílsithe sa Choimisiún faoi Airteagal 101 den Chonradh agus, de bhun Chonradh Euratom, gur faoin gCoimisiún atá sé cinneadh a dhéanamh faoin síniú agus a áirithiú go gcuirfear na comhaontuithe sin i bhfeidhm i gcomhréir leis an bhformheas ón gComhairle.

(5)

Maidir le dréacht-chomhaontuithe déthaobhacha idir Ballstát den Chomhphobal agus an Ríocht Aontaithe faoi réim Chonradh Euratom, lena n-áirítear comhaontuithe maidir le faisnéis eolaíoch nó thionsclaíoch sa réimse núicléach a mhalartú, meabhraítear go bhféadfar iad a thabhairt i gcrích ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha agus na ceanglais nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 29 agus 103 den Chonradh sin.

(6)

Ba cheart an Comhaontú idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach maidir leis an gComhar i ndáil le hÚsáid Shábháilte agus Shíochánta an Fhuinnimh Núicléach a thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

1.   Leis seo, formheastar an Comhaontú idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach maidir leis an gComhar i ndáil le hÚsáid Shábháilte agus Shíochánta an Fhuinnimh Núicléach thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

Faoi réir na cómhalartachta, cuirfear i bhfeidhm an comhaontú dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar bhonn sealadach ón 1 Eanáir 2021 amach, go dtí go gcríochnófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3.

2.   Leis seo, formheastar an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi Chonradh Euratom, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

Faoi réir na cómhalartachta, cuirfear i bhfeidhm an comhaontú dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar bhonn sealadach ón 1 Eanáir 2021 amach, go dtí go gcríochnófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3.

3.   Déanfar athbhreithniú dlí agus teanga deiridh ar na leaganacha de na Comhaontuithe sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris.

Deimhneofar le malartú nótaí taidhleoireachta leis an Ríocht Aontaithe go bhfuil na leaganacha teanga a tháinig as an athbhreithniú dlí agus teanga dá dtagraítear sa chéad fhomhír barántúil críochnaitheach.

Cuirfear na téacsanna barántúla críochnaitheacha dá dtagraítear sa dara fomhír in ionad leaganacha sínithe an Chomhaontaithe ab initio.

4.   Cuirtear téacsanna an Chomhaontaithe dá dtagraítear i mír 1 i gceangal leis an gCinneadh seo. Cuirtear téacsanna an Chomhaontaithe dá dtagraítear i mír 2 i gceangal le Cinneadh (AE) 2020/2252 ón gComhairle (1).

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh leis an duine/na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an fógra dá bhforáiltear i mír 4 d’Airteagal 5 den Chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a thabhairt don Ríocht Aontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach. San áireamh san fhógra sin beidh an liosta de na Ballstáit a chuir in iúl don Choimisiún nár mhian leo an teicneolaíocht a chur i gcreat an Chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(1), agus a chuir an méid sin in iúl faoi dháta teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe .

Airteagal 3

Leis seo, údaraítear Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh leis na Comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 1 a shíniú thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach agus an duine/na daoine a ainmniú a bheidh údaraithe leis na céimeanna riachtanacha uile a dhéanamh chun go gcuirfear i bhfeidhm na Comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 4

Tiocfaidh an cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Nollaig 2020

Ursula VON DER LEYEN

Uachtarán an Choimisiúin


(1)  Cinneadh (AE) (2020)/2252 an 30 Nollaig 2020 ón gComhairle maidir le síniú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, thar ceann an Aontais, idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile agus an Chomhaontaithe maidir le nósanna imeachta slándála i ndáil le faisnéis rúnaicmithe a mhalartú agus a chosaint idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (IO L 444, 31.12.2020, lch. 2).