|
23.12.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 435/65 |
CINNEADH (AE) 2020/2186 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Nollaig 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann leis na socruithe oibre praiticiúla a bhaineann le feidhmiú na gceart atá ag ionadaithe den Aontas
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas i gcrích an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”) trí bhíthin Chinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle (1) an 30 Eanáir 2020 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. |
|
(2) |
Le hAirteagal 166 den Chomhaontú um Tharraingt Siar tugtar de chumhacht don Chomhchoiste arna bhunú le hAirteagal 164 den Chomhaontú um Tharraingt Siar (“an Comhchoiste”) cinntí a ghlacadh maidir leis na hábhair uile dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar. Tá an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (“an Prótacal”) ina dhlúthchuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar. |
|
(3) |
Bunaítear le hAirteagal 12(2) den Phrótacal an ceart ag ionadaithe den Aontas a bheith i láthair i rith aon ghníomhaíochtaí de chuid na Ríochta Aontaithe a bhaineann le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm forálacha i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an bPrótacal, mar aon le gníomhaíochtaí a bhaineann le hAirteagal 5 a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm. Foráiltear go sonrach leis don cheart chun faisnéis a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin a iarraidh ó údaráis na Ríochta Aontaithe agus chun iarraidh ar na húdaráis sin bearta rialaithe a dhéanamh. |
|
(4) |
Foráiltear in Airteagal 12(3) den Phrótacal do chinneadh ón gComhchoiste lena leagtar amach na socruithe oibre praiticiúla a bhaineann le feidhmiú na gceart a dheonaítear leis an bPrótacal i ndáil leis sin. Ba cheart a áirithiú leis na socruithe oibre sin go mbeidh ionadaithe an Aontais in ann na cearta a leagtar síos in Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú go héifeachtach. |
|
(5) |
Is gá na cúinsí uathúla atá ar oileán na hÉireann a chur san áireamh maidir le láithreacht an Aontais dá bhforáiltear sa Phrótacal, agus ba cheart cearta ionadaithe den Aontas a fheidhmiú agus aird chuí á tabhairt ar cheannasacht eachtrach a urramú, agus go háirithe, ar Chomhaontú Aoine an Chéasta nó Comhaontú Bhéal Feirste an 10 Aibreán 1998 a urramú freisin. |
|
(6) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú le hAirteagal 164 den Chomhaontú um Tharraingt Siar a mhéid a bhaineann leis na socruithe oibre praiticiúla a bhaineann le feidhmiú na gceart atá ag ionadaithe den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Phrótacal a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Foilseofar Cinneadh an Chomhchoiste in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. SCHULZE
(1) Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch.1).
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. …/2020 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH
an ...
lena ndéantar forail maidir leis na socruithe oibre praiticiúla a bhaineann le feidhmiú chearta ionadaithe an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann
TÁ AN COMHCHOISTE,
Ag féachaint don Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann atá i gceangal leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 12(3) de,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
1. Leagtar amach sa Chinneadh seo na socruithe oibre praiticiúla a bhaineann le feidhmiú chearta an Aontais, trína ionadaithe, dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (“an Prótacal”).
2. Chun críocha an Chinnidh seo, ciallaíonn “gníomhaíochtaí cumhdaithe” aon ghníomhaíocht de chuid údaráis na Ríochta Aontaithe a bhaineann le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm fhorálacha dhlí an Aontais a dtugtar feidhm dóibh leis an bPrótacal, chomh maith le gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Airteagal 5 den Phrótacal, lena n-áirítear cinntí ón gComhchoiste a ghlactar faoi sin, de bhun Airteagal 12(2) den Phrótacal.
Airteagal 2
Ionadaithe an Aontais
1. Áiritheoidh an tAontas go ngníomhóidh a chuid ionadaithe, a fheidhmíonn na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal, de mheon macánta agus go rachaidh siad i ndlúthchomhar le húdaráis na Ríochta Aontaithe a dhéanfaidh gníomhaíochtaí cumhdaithe, agus áiritheoidh sé freisin go gcoinneoidh siad ndlúth-chumarsáid ar bun leo.
2. Ní bheidh ionadaithe an Aontais a fheidhmíonn na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal páirteach in aon ghníomhaíocht nach mbaineann le feidhmiú na gceart sin.
3. Agus a gceart chun bheith i láthair á fheidhmiú acu, cuirfidh ionadaithe an Aontais san áireamh an treoraíocht a thug údaráis na Ríochta Aontaithe dóibh maidir lena sábháilteacht agus le sábháilteacht daoine eile. Urramóidh siad aon cheanglas arna fhorchur go dleathach ag údaráis na Ríochta Aontaithe atá freagrach as forfheidhmiú an dlí, faoi réir Theideal XII agus Theideal XIII (Airteagail 120 agus 121) de Chuid a Trí den Chomhaontú um Tharraingt Siar.
4. Áiritheoidh an tAontas nach bhféadfaidh a chuid ionadaithe faisnéis a nochtadh, a bhfuil eolas acu uirthi de bharr cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú, ach amháin d'institiúidí, do chomhlachtaí, d'oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais agus chomh maith leis sin d'údaráis na Ríochta Aontaithe, mura rud é go bhfuil siad údaraithe ag institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht inniúil an Aontais.
5. Tá sé de cheart ag ionadaithe an Aontais a bheith i láthair le linn na gníomhaíochtaí cumhdaithe sa Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear i ngach áit ina dtagann earraí nó ainmhithe isteach nó ina n-imíonn siad amach as Tuaisceart Éireann trí na calafoirt nó na haerfoirt. Ní fhéadfaidh ionadaithe an Aontais rochtain a fháil ar shaoráidí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) ach amháin nuair atá ionadaithe údaráis na Ríochta Aontaithe i láthair agus nuair atá na saoráidí á n-úsáid chun gníomhaíochtaí cumhdaithe a dhéanamh, nó nuair a bheidh saoráid oibríochtúil ar shlí eile chun na críche sin. Féadfaidh ionadaithe an Aontais a bheith in éineacht le haon ionadaí ó údaráis na Ríochta Aontaithe aon uair a bheidh aon cheann de na gníomhaíochtaí cumhdaithe á dhéanamh ag ionadaithe na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear le haghaidh cigireachtaí ar láithreáin seachas na cinn dá dtagraítear san abairt roimhe seo.
6. Éascóidh an Ríocht Aontaithe láithreacht na n-ionadaithe de chuid an Aontais a fheidhmíonn na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal agus soláthróidh sí aon trealamh, áiseanna agus saoráidí eile is gá, amhail stáisiúin oibre atá feistithe go leordhóthanach agus naisc TF leormhaithe, chun a gcúraimí a dhéanamh.
7. Beidh cartlann an Aontais maidir le haon fhaisnéis a bhaineann le haon ghníomhaíocht cumhdaithe dosháraithe.
8. Ní chuirfear bac ar ionadaithe an Aontais atá i láthair sa Ríocht Aontaithe gluaiseacht faoi shaoirse sa Ríocht Aontaithe chun na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú.
9. Agus na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal á bhfeidhmiú ag ionadaithe an Aontais, beidh cárta aitheantais fótagrafach ag gabháil leo ina ndeimhneofar a n-ainm, a bhfeidhm, agus institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais a mbaineann siad leo. Eiseoidh an tAontas cártaí aitheantais den sórt sin trí úsáid a bhaint as samplach a roinnfidh an tAontas leis an Ríocht Aontaithe laistigh de mhí amháin ó theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.
10. Agus na háiteanna ina bhfeidhmeofar na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal bainte amach ag ionadaí an Aontais, cuirfidh sé an cárta aitheantais dá dtagraítear i mír 9 ar fáil. Faoi réir mhír 3 agus a luaithe a bheidh sé sainaitheanta go cuí, deonófar rochtain ar an tsaoráid láithreach d'ionadaí an Aontais.
11. Beidh ionadaithe an Aontais i dteideal taisteal chuig an Ríocht Aontaithe gan fógra nó formheas a thabhairt roimh ré chun na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú. Féadfaidh siad taisteal chuig an Ríocht Aontaithe tríd an laissez-passer arna eisiúint ag an Aontas a úsáid.
12. Maidir le hionadaithe an Aontais sa Ríocht Aontaithe chun na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú, in éineacht lena gcéilí agus le baill chleithiúnacha dá dteaghlaigh, ní bheidh siad faoi réir srianta inimirce ná foirmiúlachtaí ó thaobh eachtrannaigh a chlárú de.
13. Fad a bheidh siad sa Ríocht Aontaithe chun na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú, tabharfar na saoráidí céanna d'ionadaithe an Aontais maidir le rialacháin airgeadra nó mhalairte is gnách a thabhairt d'oifigigh ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe agus beidh siad díolmhaithe ó chánachas náisiúnta ar a dtuarastail, a bpá agus a ndíolaíochtaí arna n-íoc ag an Aontas nó ag na Ballstáit. Ní bheidh feidhm ag pribhléidí ná díolúintí cánach den sórt sin maidir le hionadaí de chuid an Aontais más náisiúnach Briotanach é (seachas náisiúnach Briotanach ar náisiúnach é freisin de Bhallstát den Aontas agus nach bhfuil cónaí air sa Ríocht Aontaithe tráth an cheapacháin) nó más cónaitheoir buan den Ríocht Aontaithe é.
14. Fad a bheidh siad sa Ríocht Aontaithe chun na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú, beidh an ceart ag ionadaithe an Aontais a dtroscán agus a maoin phearsanta, lena n-áirítear mótarfheithiclí, a allmhairiú agus a athonnmhairiú saor ó dhleacht.
15. Measfar, chun críocha Theideal XII agus Theideal XIII (Airteagail 120 agus 121) de Chuid a Trí den Chomhaontú um Tharraingt Siar, gur gníomhaíochtaí de chuid an Aontais de bhun an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar iad gníomhaíochtaí ionadaithe an Aontais sa Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 12(2) den Phrótacal.
Airteagal 3
Pointí teagmhála
1. Cuirfidh an Ríocht Aontaithe liosta ar fáil don Aontas de na húdaráis a dhéanfaidh gníomhaíochtaí cumhdaithe agus dá saoráidí.
Ainmneoidh an Ríocht Aontaithe pointe teagmhála le haghaidh gach ceann de na húdaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus cuirfidh sí na sonraí teagmhála ábhartha ar fáil don Aontas.
2. Cuirfidh an Ríocht Aontaithe aon leasú ar an liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, nó aon athrú ar phointe nó sonraí teagmhála, in iúl don Aontas go pras.
3. Ainmneoidh an tAontas pointe teagmhála chun críoch mhír 2.
Airteagal 4
Módúlachtaí a bhaineann le faisnéis a iarraidh
1. Freagróidh ionadaí nó pointe teagmhála na Ríochta Aontaithe, de réir mar a bheidh, d'aon iarraidh ar fhaisnéis go gasta, agus ar an gcaoi sin tabharfaidh sé am leordhóthanach d'ionadaí an Aontais measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis chun na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú.
2. Má mheasann údaráis na Ríochta Aontaithe nach bhfuil iarraidh ar fhaisnéis nó ábharthacht na hiarrata sin soiléir, nó go mbeadh ualach rómhór ag baint le hiarraidh a chomhlíonadh mar gheall ar raon feidhme na faisnéise a iarradh, féadfaidh siad a iarraidh ar ionadaí an Aontais a rinne an iarraidh a raon feidhme a shoiléiriú nó a bheachtú.
3. Agus na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal á bhfeidhmiú acu, agus aird chuí á tabhairt ar a n-oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Chinneadh seo, beidh sé de cheart ag ionadaithe an Aontais scrúdú a dhéanamh ar dhoiciméid agus taifid atá i seilbh údaráis na Ríochta Aontaithe agus, i gcás inar gá, iad sin a chóipeáil, ar doiciméid agus taifid iad ina bhfuil faisnéis atá ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí cumhdaithe. Cosnóidh an tAontas an fhaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 2(4).
4. Féadfaidh ionadaithe an Aontais a iarraidh ar údaráis na Ríochta Aontaithe a dhéanann gníomhaíochtaí cumhdaithe faisnéis ábhartha a chur ar fáil faoi na gníomhaíochtaí sin.
Airteagal 5
Rochtain leictreonach ar chórais faisnéise, bunachair sonraí agus líonraí is infheidhme
1. Arna iarraidh sin ag an Aontas, tabharfaidh an Ríocht Aontaithe rochtain leictreonach leanúnach d'ionadaithe an Aontais ar bhonn fíor-ama ar fhaisnéis ábhartha atá i líonraí, i gcórais faisnéise agus i mbunachair sonraí na Ríochta Aontaithe, agus i modúil náisiúnta na Ríochta Aontaithe de chórais an Aontais (dá ngairfear anseo feasta: “córais TF”) a liostaítear in Iarscríbhinn 1, a mhéid is gá le go bhféadfaidh ionadaithe an Aontais na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú. Áiritheoidh an tAontas go gcosnóidh a chuid ionadaithe an fhaisnéis sin i gcomhréir le míreanna 3 agus 4.
2. Arna iarraidh sin ag an Aontas, tabharfaidh an Ríocht Aontaithe rochtain leictreonach d'ionadaithe an Aontais ar fhaisnéis ábhartha atá sna córais TF dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2, a mhéid is gá d'ionadaithe an Aontais chun na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú. Áiritheoidh an tAontas go gcosnóidh a chuid ionadaithe an fhaisnéis sin i gcomhréir le míreanna 3 agus 4.
3. Is féidir an rochtain a dheonaítear a fheidhmiú go cianda freisin agus tá an rochtain sin faoi réir ionadaithe an Aontais ag comhlíonadh riachtanais slándála agus riachtanais úsáideora eile gach ceann de na córais TF sin.
4. Áiritheoidh an tAontas nach bhféadfaidh a chuid ionadaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a úsáid ach amháin chun na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú. Áiritheoidh an tAontas nach nochtfaidh a chuid ionadaithe aon fhaisnéis a bhfuarthas rochtain uirthi de bhun mhír 1 agus mhír 2 ach amháin d'institiúidí, do chomhlachtaí, d'oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais agus d'údaráis na Ríochta Aontaithe, mura mbeidh siad údaraithe amhlaidh ag údaráis chustaim na Ríochta Aontaithe agus ag institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht inniúil an Aontais. Ní fhéadfaidh údaráis chustaim na Ríochta Aontaithe diúltú nochtadh den sórt sin a údarú ach amháin ar chúiseanna a shonraítear go cuí.
5. Cuirfidh an Ríocht Aontaithe in iúl don Aontas, in am trátha, aon athrú maidir leis na córais TF a liostaítear in Iarscríbhinn 1 agus in Iarscríbhinn 2 a bheith ann, maidir lena raon feidhme nó lena n-oibriú, sula dtiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm.
Airteagal 6
Módúlachtaí a bhaineann le bearta rialaithe a iarraidh
1. Féadfaidh ionadaithe an Aontais bearta rialaithe a iarraidh i gcásanna aonair, ó bhéal agus i scríbhinn araon. Sonrófar go cuí in iarrataí den sórt sin na cúiseanna leis an mbeart rialaithe sonrach a iarraidh. Treorófar iarrataí chuig an duine teagmhála ábhartha de chuid údarás na Ríochta Aontaithe de ghnáth, ach féadfar iarrataí ó bhéal a dhíriú freisin ar ionadaí de chuid údaráis na Ríochta Aontaithe.
2. Déanfaidh údaráis na Ríochta Aontaithe an beart rialaithe iarrtha go gasta.
3. Má mheasann údaráis na Ríochta Aontaithe nach bhfuil na cúiseanna a thug ionadaithe an Aontais dá n-iarraidh leordhóthanach nó go bhfuil siad doiléir, féadfaidh údaráis na Ríochta Aontaithe a iarraidh ar ionadaithe an Aontais a gcuid cúiseanna a shoiléiriú nó a mhíniú ar bhealach níos mionsonraithe.
Airteagal 7
Déanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú ar an gCinneadh seo ar a dhéanaí [3] bliana tar éis a theacht i bhfeidhm agus tar éis iarraidh a fháil ón Aontas nó ón Ríocht Aontaithe.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021.
Arna dhéanamh sa...,
Thar ceann an Chomhchoiste
Na Comhchathaoirligh
IARSCRÍBHINN 1
Córais TF ina bhfuil faisnéis atá de dhíth chun reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear sa chéad abairt d'Airteagal 5(3) den Phrótacal agus d'Airteagal 5(1) agus (2) den Phrótacal a chur chun feidhme
|
— |
An tSeirbhís um Dhearbhuithe Custaim (CDS), lena n-áirítear próifílí riosca agus faisnéis maidir le taispeáint agus stóráil shealadach na n-earraí, i gcás ina bhfuil sin ar fáil |
|
— |
Seirbhís um Fheithiclí Earraí a Ghluaiseacht (GVMS) |
|
— |
Córas um Dhíriú ar Lastais, lena n-áirítear faisnéis arna bailiú ar bhealaí malartacha i ndáil le dearbhú na Ríochta Aontaithe maidir le dearbhuithe onnmhairíochta |
|
— |
Córas Rialaithe Allmhairí (ICS) d'fhearann náisiúnta Thuaisceart Éireann, lena n-áirítear próifílí riosca |
|
— |
Córas Nua Ríomhchuidithe Idirthurais (NCTS) d'fhearann náisiúnta Thuaisceart Éireann |
Córais eile a úsáideann údaráis na Ríochta Aontaithe chun Airteagal 5(2) agus (4) agus Airteagal 6(1) den Phrótacal a chur chun feidhme, lena n-áirítear faisnéis maidir le húdaruithe (Údaruithe agus cinntí atá ábhartha maidir le CCA agus leis an bPrótacal).
IARSCRÍBHINN 2
Córais TF eile ina bhfuil an fhaisnéis is gá chun na gníomhaíochtaí cumhdaithe a dhéanamh
|
— |
An Córas um Rialú agus um Ghluaiseacht Máil (EMCS) d'Fhearann Náisiúnta |
|
— |
Córas Malartaithe Faisnéise CBL (VIES) d'Fhearann Náisiúnta agus aon bhunachar sonraí de chuid na Ríochta Aontaithe atá ábhartha go díreach, chun sonraí clárúcháin thrádálaithe Thuaisceart Éireann a cheadú mar aon leis an bhfaisnéis a chuireann trádálaithe Thuaisceart Éireann ar fáil d'údarás cánach na Ríochta Aontaithe maidir le hidirbhearta inchánacha i ndáil le fáil earraí laistigh den Aontas a dhéantar i dTuaisceart Éireann agus ar gá do thrádálaithe de chuid Thuaisceart Éireann iad a dhearbhú. |
|
— |
Ionad Ilfhreastail (IOSS agus OSS) d'Fhearann Náisiúnta (Allmhairiú) |
|
— |
Aisíocaíocht CBL d'Fhearann Náisiúnta |