18.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 430/27


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2020/2144 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2020

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2008/369/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 6 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Nollaig 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/788/CBES.

(2)

An 2 Samhain 2020, nuashonraigh Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 1533 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, an fhaisnéis a bhaineann le duine amháin atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2010/788/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear, leis seo, Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2010/788/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. SCHULZE


(1)  IO L 336, 21.12.2010, lch 30.


IARSCRÍBHINN

I gCuid (a) (Liosta na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 3(1)) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2010/788/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 7:

“7.

Thomas LUBANGA

Áit bhreithe: Ituri, Democratic Republic of the Congo.

Náisiúntacht: Democratic Republic of the Congo.

Seoladh: Democratic Republic of the Congo.

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 1 Samhain 2005.

Faisnéis eile: Gabhadh é in Kinshasa i mí an Mhárta 2005 mar gheall ar rannpháirtíocht UPC/L i sáruithe ar chearta an duine. Aistríodh chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta é an 17 Márta 2006. Ciontaithe ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta i mí an Mhárta 2012 agus gearradh téarma príosúnachta 14 bliana air. An 1 Nollaig 2014, sheas na breithiúna achomhairc ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta le ciontú agus pianbhreith Lubanga. Aistríodh chuig saoráid phríosúin i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó é an 19 Nollaig 2015 chun an phianbhreith phríosúnachta a gearradh air a chur isteach. Scaoileadh saor é an 15 Márta 2020 tar éis dó a phianbhreith ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a chur isteach. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe:https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals

Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Bhí Thomas Lubanga mar Uachtarán ar UPC/L, ceann de ghrúpaí agus mílístí armtha dá dtagraítear i mír 20 de Rún 1493 (2003), a bhí páirteach i ngáinneáil ar airm, de shárú ar an trádbhac arm. De réir Oifig Ionadaí Speisialta Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha, bhí sé freagrach as leanaí a earcú agus a úsáid in Ituri ó 2002 go dtí 2003. Gabhadh in Kinshasa é i mí an Mhárta 2005 mar gheall ar rannpháirtíocht UPC/L i sáruithe ar chearta an duine agus d’aistrigh údaráis Phoblacht Dhaonlathach an Chongó chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta é an 17 Márta 2006. Chiontaigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta é i mí an Mhárta 2012 agus gearradh téarma príosúnachta 14 bliana air. An 1 Nollaig 2014, sheas na breithiúna leis an gciontú agus leis an bpianbhreith. Aistríodh chuig saoráid phríosúin i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó é an 19 Nollaig 2015 chun an phianbhreith phríosúnachta a gearradh air a chur isteach.”