|
18.12.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 430/25 |
CINNEADH (CBES) 2020/2142 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Nollaig 2020
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1789 a thacaíonn leis an gcomhrac i gcoinne na trádála aindleathaí i mionairm agus in airm éadroma agus a leathadh i mBallstáit Léig na Stát Arabach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1789 (1) a thacaíonn leis an gcomhrac i gcoinne na trádála aindleathaí i mionairm agus in airm éadroma agus a leathadh i mBallstáit Léig na Stát Arabach. |
|
(2) |
Foráiltear le hAirteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2018/1789 go bhfuil an Cinneadh sin le dul in éag 24 mhí tar éis an dáta a dtabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh sin i gcrích. |
|
(3) |
An 30 Deireadh Fómhair 2020, d’iarr Small Arms Survey, is é sin Gníomhaireacht cur chun feidhme an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2018/1789, údarú ón Aontas síneadh 6 mhí a chur leis an tréimhse cur chun feidhme a leagtar amach sa Chinneadh sin, agus, ar an mbealach sin, méadaíodh fad iomlán na tréimhse cur chun feidhme go 30 mí. Iarradh an síneadh mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus roinnt gníomhaíochtaí dá bhforáiltear leis an tionscadal a bheith curtha siar dá bharr. |
|
(4) |
Baineann an leasú a iarradh ar Chinneadh (CBES) 2018/1789 le hAirteagal 5(2) de. |
|
(5) |
Is féidir an síneadh 6 mhí a chur leis an tréimhse cur chun feidhme a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2018/1789 gan aon impleacht ó thaobh acmhainní airgeadais de, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2018/1789:
|
“2. |
Rachaidh an Cinneadh seo in éag 30 mí tar éis an dáta a dtabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. SCHULZE
(1) Cinneadh (CBES) 2018/1789 ón gComhairle an 19 Samhain 2018 a thacaíonn leis an gcomhrac i gcoinne na trádála aindleathaí i mionairm agus in airm éadroma agus a leathadh i mBallstáit Léig na Stát Arabach (IO L 293, 20.11.2018, lch. 24).