|
18.12.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 430/15 |
CINNEADH (AE) 2020/2137 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Nollaig 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir Stáit CARIFORUM, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a chuid Ballstát, de pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Coiste Speisialta um Sheirbhísí a bhunú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir Stáit CARIFORUM, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a chuid Ballstát, de pháirt eile (1) (“an Comhaontú”), an 15 Deireadh Fómhair 2008, agus tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach ón 29 Nollaig 2008 i leith. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 230(4) den Chomhaontú, féadfaidh Coiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE aon choiste speisialta a bhunú agus a mhaoirsiú chun dul i ngleic le hábhair a thagann laistigh dá inniúlacht. |
|
(3) |
Chun dul i ngleic le gach ábhar den Chomhaontú a bhaineann le trádáil seirbhísí ar bhealach níos éifeachtúla, tá sé ar intinn ag an gCoiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE cinneadh a ghlacadh lena mbunaítear Coiste Speisialta um Sheirbhísí. |
|
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh lena mbunaítear Coiste Speisialta um Sheirbhísí. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Choiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE a mhéid a bhaineann le Cosite Speisialta um Sheirbhísí a bhunú, ba cheart é a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir Stáit CARIFORUM, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a chuid Ballstát, de pháirt eile, maidir le Coiste Speisialta um Sheirbhísí a bhunú, beidh an seasamh sin bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Choiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE (2).
2. Féadfaidh ionadaithe an Aontais sa Choiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe ar an dréachtchinneadh ó Choiste Trádála agus Forbartha CARIFORUM-AE gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Nollaig 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. KLOECKNER
(1) IO L 289, 30.10.2008, lch. 3.
(2) Féach doiciméad ST 13287/20 ar http://register.consilium.europa.eu