|
15.12.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 424/58 |
CINNEADH (AE) 2020/2078 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Nollaig 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhchoiste um Chomhar Custaim idir an tAontas Eorpach agus Ceanada a mhéid a bhaineann leis an gcinneadh a bheartaítear a ghlacadh maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do Chlár Cheanada maidir le Comhpháirtithe Cosanta agus do Chlár an Oibreora Eacnamaíoch Údaraithe san Aontas Eorpach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ceanada maidir le comhair custaim agus cúnamh frithpháirteach i gcúrsaí custaim (“CCCF”) i gcrích le Cinneadh 98/18/CE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1998. |
|
(2) |
In Airteagal 2 CCCF, iarrtar ar na húdaráis chustaim comhar custaim a fhorbairt a bheidh chomh fairsing agus is féidir ó thaobh raon feidhme de. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 20 CCCF, tá na bearta is gá le haghaidh comhair custaim le glacadh ag an gComhchoiste um Chomhar Custaim (“CCCC”). |
|
(4) |
Thug an tAontas an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ceanada maidir le comhair custaim i ndáil le cúrsaí a bhaineann le slándáil an tslabhra soláthair (“CSSS”) i gcrích le Cinneadh 2014/941/AE (2) ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Samhain 2013.. |
|
(5) |
De bhun Airteagal 5 CSSS, cumhachtaítear CCCC cinntí a ghlacadh maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do theicnící bainistíochta riosca, caighdeáin riosca, rialuithe slándála agus cláir comhpháirtíochta trádála. |
|
(6) |
Tá sé ar intinn ag CCCC cinneadh a bhaineann le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do Chlár Cheanada maidir le Comhpháirtithe Cosanta agus do Chlár an Oibreora Eacnamaíoch Údaraithe san Aontas Eorpach a ghlacadh i rith a chúigiú cruinniú, agus ar aon chuma roimh dheireadh 2022. |
|
(7) |
Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais i CCCC a bhunú ós rud é go mbeidh éifeachtaí leis an gcinneadh a bhaineann le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do Chlár Cheanada maidir le Comhpháirtithe Cosanta agus do Chlár an Oibreora Eacnamaíoch Údaraithe san Aontas, |
|
(8) |
Maidir le seasamh an Aontais laistigh de CCCC a bhaineann le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do Chlár Cheanada maidir le Comhpháirtithe Cosanta agus do Chlár an Oibreora Eacnamaíoch Údaraithe san Aontas Eorpach, ba cheart don seasamh sin a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó CCCC, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste um Chomhar Custaim a bunaíodh leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ceanada maidir le Comhair Custaim agus Cúnamh Frithpháirteach i gCúrsaí Custaim (“CCCC”), ag cúigiú cruinniú CCCC, a mhéid a bhaineann le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do Chlár Cheanada maidir le Comhpháirtithe Cosanta agus do Chlár an Oibreora Eacnamaíoch Údaraithe san Aontas Eorpach, bunófar an seasamh sin bunaithe ar an dréachtchinneadh ón CCCC (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha agus rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2022.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Nollaig 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Cinneadh 98/18/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 maidir le Comhaontú a chur i gcrích idir an Comhphobal Eorpach agus Ceanada maidir le comhoibriú custam agus cúnamh frithpháirteach i dtaca le cúrsaí custam an 27 Samhain 1997 (IO L 7, 13.1.1998, lch. 37).
(2) Cinneadh 2014/941/AE ón gComhairle an 27 Meitheamh 2013 maidir le Comhaontú idir an Aontas Eorpach agus Ceanada a chur i gcrích maidir le comhoibriú custam i dtaca le cúrsaí a bhaineann le slándáil an tslabhra soláthair (IO L 367, 23.12.2014, lch. 8).
(3) Féach doiciméad ST13014/20 ar http://register.consilium.europa.eu