15.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 424/49


CINNEADH (AE) 2020/2073 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Nollaig 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhlachais idir an AE agus an Tuirc a mhéid a bhaineann le leasú ar Chinneadh Uimh. 1/98 ón gComhairle Comhlachais idir an CE agus an Tuirc maidir leis an gcóras trádála i gcás táirgí talmhaíochta, trí Phrótacal 3 a ghabhann leis a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin a ionadú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas Cinneadh Uimh. 1/98 ón gComhairle Comhlachais an 25 Feabhra 1998 idir an CE agus an Tuirc maidir leis an gcóras trádála i gcás táirgí talmhaíochta (1) (“an Cinneadh”) a thabhairt i gcrích le Cinneadh 98/223/CE ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1998.

(2)

Áirítear sa Chinneadh Prótacal 3, prótacal a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin (“Prótacal 3”). Le Cinneadh Uimh. 3/2006 ón gComhairle Comhlachais idir an CE agus an Tuirc (2) cuireadh prótacal nua in ionad Phrótacail 3. De bhun Airteagal 39 de Phrótacal 3, féadfaidh an Chomhairle Comhlachais a chinneadh forálacha Phrótacail 3 a leasú.

(3)

Glacfaidh an Chomhairle Comhlachais cinneadh lena leasaítear an Comhaontú trí Phrótacal 3 a ionadú (“cinneadh”) le linn an chéad chruinnithe eile a bheidh aici, roimh dheireadh 2023.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí cheangailteacha dlíthiúla ag an gcinneadh san Aontas.

(5)

Thug an tAontas an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (“an Coinbhinsiún”) i gcrích le Cinneadh 2013/94/AE (3) ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm i ndáil leis an Aontas an 1 Bealtaine 2012. Leagtar síos leis forálacha maidir le tionscnamh earraí a thrádáiltear faoi na comhaontuithe saorthrádála déthaobhacha ábhartha arna dtabhairt i gcrích idir na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún, ar forálacha iad a mbeidh feidhm acu gan dochar do na prionsabail a leagtar síos sna comhaontuithe déthaobhacha sin.

(6)

Foráiltear le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún go ndéanfaidh gach Páirtí Conarthach bearta iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear an Coinbhinsiún i bhfeidhm go héifeachtach. Chuige sin, tabharfaidh an cinneadh tagairt dhinimiciúil isteach sa Choinbhinsiún i bPrótacal 3, ionas go dtagraítear i gcónaí don leagan is déanaí den Choinbhinsiún atá i bhfeidhm.

(7)

Mar thoradh ar an bplé maidir leis an gCoinbhinsiún a leasú, tá tacar nua rialacha tionscnaimh atá nuachóirithe agus níos solúbtha ann atá le hionchorprú sa Choinbhinsiún. Chomhaontaigh an tAontas agus an Poblacht na Tuirce tacar malartach rialacha tionscnaimh a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, iad bunaithe ar na rialacha sa Choinbhinsiún leasaithe, a fhéadfar a úsáid go déthaobhach, mar rialacha tionscnaimh is rialacha malartacha ar na rialacha sin a leagtar síos sa Choinbhinsiún (“Rialacha idirthréimhseacha”), go dtí go dtabharfar an leasú ar an gCoinbhinsiún i gcrích agus go dtiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm. Chuige sin, déanfaidh an cinneadh foráil freisin do na Rialacha idirthréimhseacha.

(8)

Sa limistéar carntha ina bhfuil Stáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), Oileáin Fharó, an tAontas, Poblacht na Tuirce, na rannpháirtithe sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais, Poblacht na Moldóive, an tSeoirsia agus an Úcráin, ba cheart an fhéidearthacht maidir le deimhnithe gluaiseachta EUR.1 nó dearbhuithe tionscnaimh a úsáid in ionad deimhnithe gluaiseachta EUR-MED nó dearbhuithe tionscnaimh EUR-MED, de mhaolú ar fhorálacha an Choinbhinsiúin maidir le carnadh trasnánach i measc na rannpháirtithe sin, ba cheart an fhéidearthacht sin a choinneáil ar bun.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a mhéid a bhaineann le leasú ar Chinneadh Uimh. 1/98 ón gComhairle Comhlachais idir an CE agus an Tuirc maidir leis an gcóras trádála i gcás táirgí talmhaíochta, trí Phrótacal 3 a ghabhann leis ionadú, bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhairle Comhlachais (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha agus rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO L 86, 20.3.1998, lch. 1.

(2)  Ní ann do théacs an Chinnidh seo sa Ghaeilge.

(3)  Ní ann do théacs an Chinnidh seo sa Ghaeilge.

(4)  Féach doiciméad ST 11128/20 ar http://register.consilium.europa.eu