15.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 424/41


CINNEADH (AE) 2020/2069 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Nollaig 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Liobáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú ar an gComhaontú sin trí Phrótacal 4 a ghabhann leis a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin a ionadú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas an Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Liobáine, den pháirt eile (“an Comhaontú”), a thabhairt i gcrích le Cinneadh 2006/356/CE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2006.

(2)

Áirítear sa Chomhaontú Prótacal 4, prótacal a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin (“Prótacal 4”). De bhun Airteagal 38 de Phrótacal 4, féadfaidh an Chomhairle Comhlachais a bunaíodh le hAirteagal 74(1) den Chomhaontú (“an Chomhairle Comhlachais”) a chinneadh forálacha Phrótacal 4 a leasú.

(3)

Glacfaidh an Chomhairle Comhlachais cinneadh lena leasaítear an Comhaontú trí Phrótacal 4 a ionadú (“cinneadh”) le linn an chéad chruinnithe eile a bheidh aici, roimh dheireadh 2023.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí ceangailteacha dlíthiúla ag an gcinneadh san Aontas.

(5)

Thug an tAontas an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (“an Coinbhinsiún”) i gcrích le Cinneadh 2013/94/AE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm i ndáil leis an Aontas an 1 Bealtaine 2012. Leagtar síos leis forálacha maidir le tionscnamh earraí a thrádáiltear faoi na comhaontuithe saorthrádála déthaobhacha ábhartha arna dtabhairt i gcrích idir na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún, ar forálacha iad a mbeidh feidhm acu gan dochar do na prionsabail a leagtar síos sna comhaontuithe déthaobhacha sin.

(6)

Foráiltear le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún go ndéanfaidh gach Páirtí Conarthach bearta iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear an Coinbhinsiún i bhfeidhm go héifeachtach. Chuige sin, tabharfaidh an cinneadh tagairt dhinimiciúil isteach sa Choinbhinsiún i bPrótacal 4, ionas go dtagraítear i gcónaí don leagan is déanaí den Choinbhinsiún atá i bhfeidhm.

(7)

Mar thoradh ar an bplé maidir leis an gCoinbhinsiún a leasú, tá tacar nua rialacha tionscnaimh atá nuachóirithe agus níos solúbtha ann atá le hionchorprú sa Choinbhinsiún. Chomhaontaigh an tAontas agus Poblacht na Liobáine tacar malartach rialacha tionscnaimh a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, iad bunaithe ar na rialacha sa Choinbhinsiún leasaithe, a fhéadfar a úsáid go déthaobhach, mar rialacha tionscnaimh is rialacha malartacha ar na rialacha sin a leagtar síos sa Choinbhinsiún (“Rialacha idirthréimhseacha”), go dtí go dtabharfar an leasú ar an gCoinbhinsiún i gcrích agus go dtiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm. Chuige sin, déanfaidh an cinneadh foráil freisin do na Rialacha idirthréimhseacha.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Liobáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú ar an gComhaontú sin trí Phrótacal 4 a ghabhann leis a ionadú, bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhairle Comhlachais (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha agus rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh 2006/356/CE ón gComhairle an 14 Feabhra 2006 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Liobáine, den pháirt eile (IO L 143, 30.5.2006, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2013/94/AE ón gComhairle an 26 Márta 2012 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (IO L 54, 26.2.2013, lch. 3).

(3)  Féach doiciméad ST 11104/20 ar http://register.consilium.europa.eu