|
15.12.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 424/19 |
CINNEADH (AE) 2020/2058 ÓN gCOMHAIRLE
an 7 Nollaig 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a mhéid a bhaineann le leasú ar Phrótacal 4 (maidir le rialacha tionscnaimh) a ghabhann leis an gComhaontú sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinne an tAontas Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”) a thabhairt i gcrích le Cinneadh 94/1/CEGC, CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. |
|
(2) |
Leagtar síos le Prótacal 4 a ghabhann le Comhaontú LEE na rialacha tionscnaimh. De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a bunaíodh le hAirteagal 92 de Chomhaontú LEE (“an Comhchoiste”) forálacha Phrótacal 4 a leasú. |
|
(3) |
Glacfaidh an Comhchoiste cinneadh lena leasaítear Prótacal 4 (“cinneadh”) le linn an chéad chruinnithe eile a bheidh aige, roimh dheireadh 2023. |
|
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí ceangailteacha dlíthiúla ag an gcinneadh san Aontas. |
|
(5) |
Thug an tAontas an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (“an Coinbhinsiún”) i gcrích le Cinneadh 2013/94/AE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm i ndáil leis an Aontas an 1 Bealtaine 2012. Leagtar síos leis forálacha maidir le tionscnamh earraí a thrádáiltear faoi na comhaontuithe saorthrádála déthaobhacha ábhartha arna dtabhairt i gcrích idir na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún, ar forálacha iad a mbeidh feidhm acu gan dochar do na prionsabail a leagtar síos sna comhaontuithe déthaobhacha sin. |
|
(6) |
Mar thoradh ar an bplé maidir leis an gCoinbhinsiún a leasú, tá tacar nua rialacha tionscnaimh atá nuachóirithe agus níos solúbtha ann atá le hionchorprú sa Choinbhinsiún. Chomhaontaigh na Páirtithe LEE tacar malartach rialacha tionscnaimh a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, iad bunaithe ar na rialacha sa Choinbhinsiún leasaithe, a fhéadfar a úsáid go déthaobhach, mar rialacha tionscnaimh is rialacha malartacha ar na rialacha sin a leagtar síos sa Choinbhinsiún (“Rialacha idirthréimhseacha”), go dtí go dtabharfar an leasú ar an gCoinbhinsiún i gcrích agus go dtiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm. Chuige sin, déanfaidh an cinneadh foráil freisin do na Rialacha idirthréimhseacha. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a mhéid a bhaineann le leasú ar Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú sin, bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha agus rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2023.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Cinneadh 94/1/CEGC, CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 13 Nollaig 1993 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch idir na Comhphobail Eorpacha, a mBallstáit agus Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne, Poblacht na hÍoslainne, Prionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, Ríocht na Sualainne agus Cónaidhm na hEilvéise (IO L 1, 3.1.1994, lch. 1).
(2) Cinneadh 2013/94/AE ón gComhairle an 26 Márta 2012 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (IO L 54, 26.2.2013, lch. 3).
(3) Féach doiciméad ST 10297/20 ar http://register.consilium.europa.eu