15.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 424/17


CINNEADH (AE) 2020/2057 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Nollaig 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne a mhéid a bhaineann le leasú ar an gComhaontú sin trí Phrótacal Uimh. 3 a ghabhann leisa bhaineann le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin a ionadú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas an Comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, agus Poblacht na hÍoslainne, (“an Comhaontú”), a thabhairt i gcrích le Rialachán (CEE) Uimh. 2842/72 ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 1973.

(2)

Áirítear sa Chomhaontú Prótacal Uimh. 3, prótacal a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin (“Prótacal Uimh. 3”). De bhun Airteagal 3 de Phrótacal Uimh. 3, féadfaidh an Comhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 30 den Chomhaontú (“an Comhchoiste”) a chinneadh forálacha Phrótacail Uimh. 3 a leasú.

(3)

Glacfaidh an Comhchoiste cinneadh lena leasaítear an Comhaontú trí Phrótacal Uimh. 3 a ionadú (“cinneadh”) le linn an chéad chruinnithe eile a bheidh aige, roimh dheireadh 2023.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí cheangailteacha dlíthiúla ag an gcinneadh san Aontas.

(5)

Thug an tAontas an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (“an Coinbhinsiún”) i gcrích le Cinneadh 2013/94/AE (2) ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm i ndáil leis an Aontas an 1 Bealtaine 2012. Leagtar síos leis forálacha maidir le tionscnamh earraí a thrádáiltear faoi na comhaontuithe saorthrádála déthaobhacha ábhartha arna dtabhairt i gcrích idir na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún, ar forálacha iad a mbeidh feidhm acu gan dochar do na prionsabail a leagtar síos sna comhaontuithe déthaobhacha sin.

(6)

Foráiltear le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún go ndéanfaidh gach Páirtí Conarthach bearta iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear an Coinbhinsiún i bhfeidhm go héifeachtach. Chuige sin, tabharfaidh an cinneadh tagairt dhinimiciúil isteach sa Choinbhinsiún i bPrótacal Uimh. 3, ionas go dtagraítear i gcónaí don leagan is déanaí den Choinbhinsiún atá i bhfeidhm.

(7)

Mar thoradh ar an bplé maidir leis an gCoinbhinsiún a leasú, tá tacar nua rialacha tionscnaimh atá nuachóirithe agus níos solúbtha ann atá le hionchorprú sa Choinbhinsiún. Chomhaontaigh an tAontas agus Poblacht na hÍoslainne tacar malartach rialacha tionscnaimh a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, iad bunaithe ar na rialacha sa Choinbhinsiún leasaithe, a fhéadfar a úsáid go déthaobhach, mar rialacha tionscnaimh is rialacha malartacha ar na rialacha sin a leagtar síos sa Choinbhinsiún (“Rialacha idirthréimhseacha”), go dtí go dtabharfar an leasú ar an gCoinbhinsiún i gcrích agus go dtiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm. Chuige sin, déanfaidh an cinneadh foráil freisin do na Rialacha idirthréimhseacha.

(8)

Sa limistéar carntha ina bhfuil Stáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), Oileáin Fharó, an tAontas, Poblacht na Tuirce, na rannpháirtithe sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais, Poblacht na Moldóive, an tSeoirsia agus an Úcráin, ba cheart an fhéidearthacht maidir le deimhnithe gluaiseachta EUR.1 nó dearbhuithe tionscnaimh a úsáid in ionad deimhnithe gluaiseachta EUR-MED nó dearbhuithe tionscnaimh EUR-MED, de mhaolú ar fhorálacha an Choinbhinsiúin maidir le carnadh trasnánach i measc na rannpháirtithe sin, ba cheart an fhéidearthacht sin a choinneáil ar bun.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne, a mhéid a bhaineann le leasú ar an gComhaontú sin trí Phrótacal Uimh. 3 a ghabhann leis a ionadú, bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha agus rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Rialachán (CEE) Uimh 2842/72 ón gComhairle an 19 Nollaig 1972 lenar dtugadh i gcrích an Comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne agus lena nglactar forálacha maidir lena chur chun feidhme (IO L 301, 31.12.1972, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2013/94/AE ón gComhairle an 26 Márta 2012 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (IO L 54, 26.2.2013, lch. 3).

(3)  Féach doiciméad ST 10292/20 ar http://register.consilium.europa.eu