|
11.12.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 419/24 |
CINNEADH (AE, Euratom) 2020/2030 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Nollaig 2020
lena leasaítear Rialacha Nós Imeachta na Comhairle
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 240(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tráth atá gníomh le glacadh ag an gComhairle trí thromlach cáilithe, ní mór a fhíorú gurb ionann na Ballstáit a seasann an tromlach cáilithe dóibh agus 65 %, ar a laghad, de dhaonra an Aontais. |
|
(2) |
Déantar an céatadán sin a ríomh de réir na bhfigiúirí daonra a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (“Rialacha Nós Imeachta”) (1). |
|
(3) |
Foráiltear, le hAirteagal 11(6) de na Rialacha Nós Imeachta, go leasóidh an Chomhairle, le héifeacht ón 1 Eanáir gach bliain, na figiúirí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, i gcomhréir leis na sonraí atá ar fáil d’Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh an 30 Meán Fómhair den bhliain roimhe sin. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, na Rialacha Nós Imeachta a leasú dá réir don bhliain 2021. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, tá feidhm ag Airteagal 240 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontas Eorpaigh maidir leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta:
“IARSCRÍBHINN III
Na figiúirí a bhaineann le daonra an Aontais agus daonra gach Ballstáit i gcás chur chun feidhme na bhforálacha a bhaineann le vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle
|
An Ballstát |
An Daonra |
Céatadán de dhaonra an Aontais (%) |
|
an Ghearmáin |
83 100 961 |
18,54 |
|
an Fhrainc |
67 098 824 |
14,97 |
|
an Iodáil |
60 897 891 |
13,58 |
|
an Spáinn |
47 329 981 |
10,56 |
|
an Pholainn |
37 958 138 |
8,47 |
|
an Rómáin |
19 317 984 |
4,31 |
|
an Ísiltír |
17 549 457 |
3,91 |
|
an Bheilg |
11 549 888 |
2,58 |
|
an Ghréig |
10 709 739 |
2,39 |
|
An tSeicea |
10 557 001 |
2,35 |
|
an tSualainn |
10 330 000 |
2,30 |
|
an Phortaingéil |
10 295 909 |
2,30 |
|
an Ungáir |
9 769 526 |
2,18 |
|
an Ostair |
8 897 000 |
1,98 |
|
an Bhulgáir |
6 951 482 |
1,55 |
|
an Danmhairg |
5 816 443 |
1,30 |
|
an Fhionlainn |
5 521 292 |
1,23 |
|
an tSlóvaic |
5 457 873 |
1,22 |
|
Éire |
4 964 440 |
1,11 |
|
an Chróit |
4 058 165 |
0,91 |
|
an Liotuáin |
2 794 090 |
0,62 |
|
an tSlóivéin |
2 095 861 |
0,47 |
|
an Laitvia |
1 907 675 |
0,43 |
|
an Eastóin |
1 328 976 |
0,30 |
|
an Chipir |
888 005 |
0,20 |
|
Lucsamburg |
623 962 |
0,14 |
|
Málta |
514 564 |
0,11 |
|
AE 27 |
448 285 127 |
|
|
Tairseach (65 %) |
291 385 333 |
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Nollaig 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).