11.12.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 419/16 |
CINNEADH (AE) 2020/2026 ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Nollaig 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhairle Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála a mhéid a bhaineann le glacadh cinnidh lena ndéantar ceannacháin áirithe earraí bia a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm toirmeasc nó srianta onnmhairiúcháin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhréir le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rinne an tAontas Comhaontú Marrakech lena mbunaítear Eagraíocht Dhomhanda Trádála 1994 (“Comhaontú EDT”) a thabhairt i gcrích le Cinneadh 94/800/CEE ón gComhairle (1) an 22 Nollaig 1994, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995. |
(2) |
De bhun mhír 1 d’Airteagal IV de Chomhaontú EDT, tá sé d’údarás ag Comhdháil Aireachta EDT cinntí a dhéanamh maidir le gach ábhar a chumhdaítear faoi aon cheann de na Comhaontuithe Trádála Iltaobhacha, más rud é go n-iarrann Comhalta amhlaidh. |
(3) |
De bhun mhír 2 d’Airteagal IV de Chomhaontú EDT, le linn na dtréimhsí idir cruinnithe na Comhdhála Aireachta, tá Comhairle Ghinearálta EDT chun feidhmeanna na Comhdhála Aireachta a fheidhmiú. |
(4) |
De bhun mhír 1 d’Airteagal IX de Chomhaontú EDT, leanann EDT, i gcás inar féidir, den chleachtas arb é cinntí a dhéanamh trí chomhdhearcadh. |
(5) |
Le linn chruinniú Chomhairle Ghinearálta EDT i mí na Nollag 2020, nó le linn cruinniú dá cuid ag cruinniú ina diaidh sin in 2021, d’fhéadfaidh sé go n-iarrfaí uirthi togra a bhreithniú agus a ghlacadh arb é is aidhm dó earraí bia arna gceannach ag Clár Domhanda Bia na Náisiún Aontaithe (NA) chun críoch daonnúil neamhthráchtálach a dhíolmhú ó thoirmisc agus ó shrianta onnmhairiúcháin. |
(6) |
Le mír 2(a) d’Airteagal XI de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (GATT 1947), ceadaítear do Chomhaltaí EDT toirmisc nó srianta onnmhairiúcháin a chur i bhfeidhm go sealadach faoi chúinsí sonracha, chun ganntanais chriticiúla earraí bia nó táirgí eile atá fíor-riachtanach dóibh a chosc nó faoiseamh a thabhairt ina leith. Le hAirteagal 12 de Chomhaontú EDT maidir le Talmhaíocht, a bhaineann le GATT 1994, sonraítear coinníollacha breise atá le comhlíonadh ag Comhaltaí EDT i gcásanna den sórt sin. Le linn phaindéim COVID-19, chuaigh Comhaltaí EDT i muinín bearta sriantacha den sórt sin, bearta ar féidir leo difear a dhéanamh freisin d’earraí bia rna gceannach chun críoch daonnúil neamhthráchtálach. |
(7) |
Na ceannacháin dhaonnúla a dhéanann Clár Domhanda Bia NA, ba cheart iad a dhíolmhú ó thoirmisc agus ó shrianta onnmhairiúcháin i bhfianaise an ghá ríthábhachtaigh atá leis an tacaíocht dhaonnúil a chuireann Clár Domhanda Bia NA ar fáil, rud a bhfuil tábhacht bhreise fós tagtha chun a bheith ag baint leis le linn phaindéim COVID-19. |
(8) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gcruinniú ábhartha de Chomhairle Ghinearálta EDT amach anseo a bhunú a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh i dtaca le togra arb é is aidhm dó earraí bia arna gceannach chun críoch neamhthráchtála daonnúil ag Clár Domhanda Bia NA a dhíolmhú ó thoirmisc agus srianta ollmhairiúcháin, ós rud é go mbeadh cinneadh den sórt sin ina cheangal ar an Aontas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhairle Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) le linn a cruinnithe i mí na Nollag 2020, nó le linn chruinniú dá cuid ina dhiaidh sin in 2021 aontú leis an gcomhdhearcadh, i gcás ina dtagtar ar chomhdhearcadh i measc chomhaltaí EDT i dtaca le cinneadh maidir le hearraí bia arna gceannach ag an gClár Domhanda Bia chun críoch daonnúil neamhthráchtálach a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm toirmeasc nó srianta onnmhairiúcháin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Nollaig 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 a bhaineann leis na comhaontuithe ar thángthas orthu faoi Bhabhta Uragua de na caibidlíochtaí iltaobhacha (1986-1994) a thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, i ndáil le hábhair a thagann faoina inniúlacht (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1).