|
8.12.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 413/4 |
CINNEADH (AE) 2020/2001 ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Nollaig 2020
lena gceaptar beirt chomhaltaí,arna moladh ag Poblacht na Portaingéile,de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint don togra ó rialtas na Portaingéile,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 10 Nollaig 2019, an 20 Eanáir 2020, an 3 Feabhra 2020 agus an 26 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinntí (AE) 2019/2157 (1), (AE) 2020/102 (2), (AE) 2020/144 (3) agus (AE) 2020/511 (4) lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 8 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/766 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. (5) An 30 Iúil 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh eile (AE) 2020/1153 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún (6). |
|
(2) |
Tá suíochán duine de chomhaltaí Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht le téarma oifige Cristina de Fátima SILVA CALISTO. |
|
(3) |
Tá suíochán duine de chomhaltaí Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis dheireadh an tsainordaithe ar ar a bhonn a moladh Vasco Ilídio ALVES CORDEIRO (Comhalta d’Fheidhmeannas Réigiúnach: Governo Regional dos Açores), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo ceaptar na daoine a leanas ina chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:
|
— |
José Manuel Cabral Dias BOLIEIRO, Comhalta d’Fheidhmeannas Réigiúnach: President of the Regional Government of Azores, |
|
— |
Vasco Ilídio Alves CORDEIRO, Comhalta de Thionól Réigiúnach: Regional Parliament of Azores (athrú sainordaithe). |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Nollaig 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).
(2) Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).
(3) Cinneadh (AE) 2020/144 ón gComhairle an 3 Feabhra 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 32, 4.2.2020, lch. 16).
(4) Cinneadh (AE) 2020/511 ón gComhairle an 26 Márta 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 113, 8.4.2020, lch. 18).
(5) Cinneadh (AE) 2020/766 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 187, 12.6.2020, lch. 3).
(6) Cinneadh (AE) 2020/1153 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún (IO L 256, 5.8.2020, lch. 12).