23.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 393/19


CINNEADH (CBES) 2020/1748 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Samhain 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Bealtaine 2019 ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/797 (1).

(2)

An 30 Iúil 2020 ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1127 (2) lenar cuireadh seisear daoine nádúrtha agus trí eintiteas nó comhlacht ar liosta na ndaoine, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/797.

(3)

Tá faisnéis nuashonraithe faighte maidir le dhá liostú i dtaca le daoine nádúrtha.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/797 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/797 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/797 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (IO L 129I, 17.5.2019, lch. 13).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/1127 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (IO L 246, 30.7.2020, lch. 12).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/797, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad iontrálacha 1 agus 2 faoin bhfo-cheannteideal “A. Daoine nádúrtha”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“1.

GAO Qiang

Dáta breithe: 4 Deireadh Fómhair 1983

Áit bhreithe: Shandong Province, China

Seoladh: Room 1102, Guanfu Mansion, 46 Xinkai Road, Hedong District, Tianjin, China

Náisiúntacht: Síneach

Inscne: fireann

Tá Gao Qiang páirteach in ‘Operation Cloud Hopper’, sraith cibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu agus a tháinig ó fhoinse lasmuigh den Aontas, agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit agus cibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu i gcoinne tríú Stáit.

Dhírigh ‘Operation Cloud Hopper’ ar chórais faisnéise cuideachtaí ilnáisiúnta i sé mhór-roinn, lena n‐áirítear cuideachtaí atá lonnaithe san Aontas, agus d’éirigh leis rochtain neamhúdaraithe a fháil ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus caillteanas suntasach eacnamaíoch ann dá dheasca.

Is é an gníomhaí ‘APT10’ (‘Ardbhagairt Sheasmhach 10’) (a.k.a. ‘Red Apollo’, ‘CVNX’, ‘Stone Panda’, ‘MenuPass’ agus ‘Potassium’), mar a thugtar air go poiblí, a chuir ‘Operation Cloud Hopper’ i gcrích.

Tá fianaise ann go bhfuil nasc idir Gao Qiang agus APT10, lena n‐áirítear tríd an mbaint atá aige le bonneagar ceannasaíochta agus rialaithe APT10. Thairis sin, bhí Gao Qiang fostaithe ag Huaying Haitai, eintiteas atá ainmnithe mar gheall ar thacaíocht a thabhairt do ‘Operation Cloud Hopper’ agus é a éascú. Tá naisc idir é agus Zhang Shilong, fear atá ainmnithe agus luaite le ‘Operation Cloud Hopper’. Tá Gao Qiang bainteach, dá bhrí sin, le Huaying Haitai agus Zhang Shilong araon.

30.7.2020

2.

ZHANG Shilong

Dáta breithe: 10 Meán Fómhair 1981

Áit bhreithe: China

Seoladh: Hedong, Yuyang Road No 121, Tianjin, China

Náisiúntacht: Síneach

Inscne: fireann

Tá Zhang Shilong páirteach in ‘Operation Cloud Hopper’, sraith cibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu agus a tháinig ó fhoinse lasmuigh den Aontas, agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit agus cibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu i gcoinne tríú Stáit.

Dhírigh ‘Operation Cloud Hopper’ ar chórais faisnéise cuideachtaí ilnáisiúnta i sé mhór-roinn, lena n‐áirítear cuideachtaí atá lonnaithe san Aontas, agus d’éirigh leis rochtain neamhúdaraithe a fháil ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus caillteanas suntasach eacnamaíoch ann dá dheasca.

Is é an gníomhaí ‘APT10’ (‘Ardbhagairt Sheasmhach 10’) (a.k.a. ‘Red Apollo’, ‘CVNX’, ‘Stone Panda’, ‘MenuPass’ agus ‘Potassium’), mar a thugtar air go poiblí, a chuir ‘Operation Cloud Hopper’ i gcrích.

Tá fianaise ann go bhfuil nasc idir Zhang Shilong agus APT10, lena n‐áirítear trí na bogearraí mailíseacha a d’fhorbair sé agus a thástáil sé i ndáil leis na cibirionsaithe a rinne APT10. Thairis sin, bhí Zhang Shilong fostaithe ag Huaying Haitai, eintiteas atá ainmnithe mar gheall ar thacaíocht a thabhairt do ‘Operation Cloud Hopper’ agus é a éascú. Tá naisc idir é agus Gao Qiang, fear atá ainmnithe i dtaca le ‘Operation Cloud Hopper’. Tá Zhang Shilong bainteach, dá bhrí sin, le Huaying Haitai agus Gao Qiang araon.

30.7.2020”.