|
19.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 389/1 |
CINNEADH (CBES) 2020/1726 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Meán Fómhair 2020
maidir le síniú agus tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Réime idir an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe maidir le Soláthar Tacaíochta Frithpháirtí i gcomhthéacs a gcuid misean agus a gcuid oibríochtaí allamuigh faoi seach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 37 de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) agus Airteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, de bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 5 Márta 2015, d’údaraigh an Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht le Comhaontú Réime Comhair idir an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe a thabhairt i gcrích i gcomhthéacs a gcuid oibríochtaí bainistíochta géarchéime faoi seach. |
|
(2) |
Rinneadh Comhaontú Réime idir an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe maidir le Soláthar Tacaíochta Frithpháirtí i gcomhthéacs a gcuid misean agus a gcuid oibríochtaí allamuigh (an “Comhaontu Réime”) faoi seach a chaibidil. |
|
(3) |
Ba cheart an Comhaontú Réime a fhormheas thar ceann an Aontais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú Réime idir an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe maidir le Soláthar Tacaíochta Frithpháirtí i gcomhthéacs a gcuid misean agus a gcuid oibríochtaí allamuigh faoi seach, a fhormheas thar ceann an Aontais (1).
Airteagal 2
Déantar Uachtarán na Comhairle a údarú leis seo an duine (na daoine) a ainmniú atá cumhachtaithe an Comhaontú Réime a shíniú chun é a chur de cheangal ar an Aontas.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Meán Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Ní ann do théacs an Chomhaontaithe seo sa Ghaeilge