13.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 381/18 |
CINNEADH (AE) 2020/1697 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Deireadh Fómhair 2020
maidir leis an seasamh a bheidh le glacadh ag an Aontas Eorpach sa Bhord Déthaobhach Formhaoirseachta faoin gComhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach um chomhar maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialáil, a bhaineann le Cinneadh Uimh. 0010 lena ndéantar Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú a ghlacadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Maidir leis an gComhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach um chomhar maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialáil (1) (“an Comhaontú”), rinneadh é a fhormheas, thar ceann an Aontais, le Cinneadh 2011/719/AE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 1 Bealtaine 2011. |
(2) |
Ar cheann de phríomhaidhmeanna an Chomhaontaithe tá feabhas a chur ar an gcaidreamh comhair atá ann le fada idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe chun ardleibhéal sábháilteachta san eitlíocht shibhialta ar fud an domhain a áirithiú agus chun ualaí eacnamaíocha ar thionscal na heitlíochta agus ar oibreoirí ó fhormhaoirseacht rialála iomarcach a íoslaghdú. |
(3) |
Le Leasú 1 (3) ar an gComhaontú, leathnaítear raon feidhme Airteagal 2.B den Chomhaontú chun go n‐áireofar, inter alia, ceadúnú agus oiliúint pearsanra, agus tá feidhm leis go sealadach ó 13 Nollaig 2017 i leith i gcomhréir le hAirteagal 3 de Chinneadh (AE) 2018/61 ón gComhairle (4). |
(4) |
Le hAirteagal 5 den Chomhaontú, arna leasú, déantar foráil maidir le hIarscríbhinní nua a ghabhann leis an gComhaontú a fhorbairt i ndáil le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe. |
(5) |
Maidir leis an dá Ghníomhaire Theicniúla de réir bhrí Airteagal 1.F an Chomhaontaithe, eadhon Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) don Aontas Eorpach (AE), agus an Riarachán Cónaidhme Eitlíochta (FAA) do na Stáit Aontaithe (SA), mhol siad araon go ndéanfadh an Bord Déthaobhach Formhaoirseachta Cinneadh a ghlacadh chun Iarscríbhinn 3 nua a ghabhann leis an gComhaontú a fhorbairt chun go gcumhdófar glacadh cómhalartach le cinntí comhlíonta agus doiciméadachta, agus soláthar cúnaimh theicniúil maidir le ceadúnú píolótaí príobháideacha agus faireachán ar chomhlíonadh. |
(6) |
Le tiontú simplithe ar cheadúnais do phíolótaí príobháideacha agus ar rátálacha píolóta áirithe a cheadú, cuirfear creat ar fáil chun a áirithiú go n‐eitleoidh píolótaí atá ina gcónaí san Aontas aerárthaí bunaithe ar cheadúnais/rátálacha arna n‐eisiúint i gcomhréir le rialacháin an Aontais faoi fhormhaoirseacht údaráis Bhallstáit an Aontais agus go ndéanfaidh siad a gcáilíochtaí a chothabháil agus a fhorbairt in eagraíochtaí oiliúna de chuid an Aontais. Ina theannta sin, rachaidh sé chun tairbhe go praiticiúil do líon mór píolótaí, atá ina gcónaí san Aontas agus sna Stáit Aontaithe, gan cur isteach ar shábháilteacht. |
(7) |
Foráiltear le hAirteagal 19.C den Chomhaontú go dtiocfaidh Iarscríbhinní aonair i bhfeidhm ar chinneadh ón mBord Déthaobhach Formhaoirseachta arna bhunú de bhun Airteagal 3 den Chomhaontú. |
(8) |
Is iomchuí an seasamh a bhunú atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Bhord Déthaobhach Formhaoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Chinneadh 2011/719/AE, i dtaca le Cinneadh Uimh. 0010 ón mBord Déthaobhach Formhaoirseachta lena ndéantar Iarscríbhinn 3 ar Cheadúnú Píolótaí a ghabhann leis an gComhaontú a oiriúnú i gcomhréir le hAirteagail 3.C.7 agus 19.C de. |
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais sa Bhord Déthaobhach Formhaoirseachta a bhunú ar dhréacht-Chinneadh Uimh. 0010 ón mBord Déthaobhach Formhaoirseachta agus ar an Dearbhú Compháirteach, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Bhord Déthaobhach Formhaoirseachta, faoi Airteagal 3 agus Airteagal 19 den Chomhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach um chomhar maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialáil (“an Comhaontú”), i dtaca le Cinneadh ón mBord Déthaobhach Formhaoirseachta lena nglactar Iarscríbhinn 3 den Chomhaontú a ghlacadh, beidh an seasamh sin bunaithe ar dhréacht-Chinneadh Uimh. 0010 ón mBord Déthaobhach Formhaoirseachta, agus ar shíniú an Dearbhaithe Chomhpháirtigh. (5)
Airteagal 2
Tar éis a ghlactha, foilseofar an Cinneadh ón mBord Déthaobhach Formhaoirseachta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá a ghlacfar é.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 12 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 291, 9.11.2011, lch. 3.
(2) Cinneadh 2011/719/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 Comhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach um chomhar maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialáil (IO L 291, 9.11.2011, lch. 1).
(3) IO L 11, 16.1.2018, lch. 3.
(4) Cinneadh (AE) 2018/61 ón gComhairle an 21 Márta 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach, an Chomhaontaithe idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach um chomhar maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialáil (IO L 11, 16.1.2018, lch. 1).
(5) Féach doiciméad ST 11004/19 ar http://register.consilium.europa.eu.