10.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 376/1


CINNEADH (AE) 2020/1658 ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Samhain 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC) i dtaca leis na coinníollacha maidir le haontachas Rialtas Phoblacht na hÚisbéiceastáine leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Síníodh an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (“an Comhaontú”) thar ceann an Aontais i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2016/1892 (1) ón gComhairle an 18 Samhain 2016 ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach an 1 Eanáir 2017 i gcomhréir le hAirteagal 31(2) de.

(2)

Tugadh an Comhaontú i gcrích an 17 Bealtaine 2019 le Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle (2).

(3)

De bhun Airteagal 29 den Chomhaontú, tá Comhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (“Comhairle na gComhaltaí”) chun na coinníollacha maidir le haontachas rialtais leis an gComhaontú seo a leagan síos.

(4)

Rinne Rialtas Phoblacht na hÚisbéiceastáine iarratas foirmiúil ar aontú don Chomhaontú. Ba cheart a iarraidh ar Chomhairle na gComhaltaí, dá bhrí sin, le linn seisiúin amach anseo, nó faoi chuimsiú nós imeachta maidir le glacadh cinntí ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a chomhmhalartú, na coinníollacha maidir le haontachas Phoblacht an hÚisbéiceastáine a leagan síos, i leith sciartha rannpháirtíochta IOC agus na teorann ama chun an ionstraim a thaisceadh.

(5)

Ós rud é go bhfuil a hearnálacha olóige á bhforbairt ag Poblacht na hÚisbéiceastáine a mhéid a bhaineann le tomhaltas agus go bhfuil sé i gceist aici an táirgeadh a fhorbairt, d’fhéadfadh a haontachas an IOC a threisiú faoi choinníollacha áirithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le haonfhoirmeacht a bhaint amach sa dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le saintréithe táirgí olóige chun aon bhacainn ar thrádáil a sheachaint.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na gComhaltaí a leagan síos ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag na cinntí atá le glacadh ar an Aontas trí dhifear a dhéanamh don chothromaíocht chinnteoireachta laistigh de Chomhairle na gComhaltaí nuair nach nglacfar le cinntí trí chomhthoil i gcomhréir le hAirteagal 10(4) den Chomhaontú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is le tacú le haontachas Rialtas Phoblacht na hÚisbéiceastáine leis an gComhaontú a bheidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg le linn seisiún amach anseo, nó faoi chuimsiú nós imeachta maidir le glacadh cinntí ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a chomhmhalartú, a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha maidir le haontachas Rialtas Phoblacht na hÚisbéiceastáine leis an gComhaontú, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na forálacha seo a leanas:

(a)

ríomhtar scaireanna rannpháirtíochta Phoblacht na hÚisbéiceastáine de réir na foirmle a leagtar amach in Airteagal 11 den Chomhaontú, agus

(b)

ní mhaireann an teorainn ama le haghaidh taisce na n‐ionstraimí aontachais níos faide ná bliain go leith tar éis chinneadh Chomhairle na gComhaltaí.

Má bhíonn moill ar thaisceadh na hionstraime, féadfaidh an tAontas tacú le síneadh a chur ar an tréimhse le haghaidh thaisceadh na hionstraime i gcínntí níos déanaí a ghlacfaidh Comhairle na gComhaltaí.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm ar lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh (AE) 2016/1892 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 293, 28.10.2016, lch. 2).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 139, 27.5.2019, lch. 1).