9.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 372/16

CINNEADH (CBES) 2020/1657 ÓN GCOMHAIRLE

an 6 Samhain 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 11 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1894 (1) maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar na bearta sriantacha a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2019/1894, tháinig an Chomhairle ar an gconclúid gur cheart síneadh a chur leis na bearta sin go dtí an 12 Samhain 2021.

(3)

Ba cheart na hiontrálacha atá i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1894 a thabhairt suas chun dáta agus a leasú.

(4)

Ba cheart Cinneadh (CBES) 2019/1894 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

Airteagal 8

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 12 Samhain 2021 agus leanfar d’athbhreithniú leanúnach a dhéanamh air. Déanfar é a athnuachan nó a leasú, mar is iomchuí, i gcás ina measfaidh an Chomhairle nach bhfuil a cuspóirí á gcomhlíonadh.”;

(2)

Leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH

(1)  Cinneadh (CBES) 2019/1894 ón gComhairle an 11 Samhain 2019 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir (IO L 291, 12.11.2019, lch. 47).

IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1894, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1 agus 2:

Ainm

Faisnéis sainaitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“1.

Mehmet Ferruh AKALIN

Dáta breithe: 9.12.1960

Uimhir Phas nó Aitheantais: 13571379758

Náisiúntacht: Turcach

Inscne: fireann

Tá Mehmet Ferruh Akalın ina Leas-Uachtarán (Bainisteoir Cúnta Ginearálta) agus ina chomhalta ar Bhord Stiúrthóirí Chorparáid Pheitriliam na Tuirce (TPAO). Tá sé ina cheann ar na Ranna Taiscéalaíochta, Taighde agus Forbartha agus Teicneolaíochtaí Faisnéise de chuid TPAO.

Ina cháil mar Leas-Uachtarán TPAO agus mar cheann na Roinne Taiscéalaíochta, tá Mehmet Ferruh Akalın freagrach as gníomhaíochtaí taiscéalaíochta hidreacarbóin amach ón gcósta de chuid TPAO a phleanáil, a stiúradh agus a chur chun feidhme. Áirítear orthu siúd gníomhaíochtaí druileála TPAO nár údaraigh Poblacht na Cipire iad, mar a leagtar amach thíos.

Rinne na soithí seo a leanas na gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe sin:

(a)

soitheach druileála TPAO Yavuz i bhfarraige theorann Phoblacht na Cipire idir mí Iúil agus mí Mheán Fómhair 2019;

(b)

soitheach druileála TPAO Yavuz i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe agus atá teormharcáilte i gcomhaontú leis an Éigipt, idir mí Dheireadh Fómhair 2019 agus mí Eanáir 2020;

(c)

soitheach druileála TPAO Yavuz i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe agus atá teormharcáilte i gcomhaontú leis an Éigipt, agus i gcomhaontú le hIosrael, idir mí Eanáir agus mí Aibreáin 2020;

(d)

soitheach druileála TPAO Yavuz i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe agus atá teormharcáilte i gcomhaontú leis an Éigipt, idir mí Aibreáin agus mí Mheán Fómhair 2020;

(e)

soitheach druileála TPAO Fatih i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe, an‐ghar dá farraige theorann, idir mí na Samhna 2019 agus mí Eanáir 2020;

(f)

soitheach druileála TPAO Fatih i réimse thiar den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra do na Náisiúin Aontaithe ina leith, idir mí na Bealtaine agus mí na Samhna 2019.

27.2.2020

2.

Ali Coscun NAMOGLU

Dáta breithe: 27.11.1956

Uimhir Phas nó Aitheantais: 11096919534

Náisiúntacht: Turcach

Inscne: fireann

Tá Ali Coscun Namoglu ina Leas-stiúrthóir ar Roinn Taiscéalaíochta Chorparáid Pheitriliam na Tuirce (TPAO).

Sa cháil sin, tá Ali Coscun Namoglu páirteach i ngníomhaíochtaí taiscéalaíochta hidreacarbóin amach ón gcósta de chuid TPAO a phleanáil, a stiúradh agus a chur chun feidhme. Áirítear orthu siúd gníomhaíochtaí druileála TPAO nár údaraigh Poblacht na Cipire iad, mar a leagtar amach thíos.

Rinne na soithí seo a leanas na gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe sin:

(a)

soitheach druileála TPAO Yavuz i bhfarraige theorann Phoblacht na Cipire idir mí Iúil agus mí Mheán Fómhair 2019;

(b)

soitheach druileála TPAO Yavuz i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe agus atá teormharcáilte i gcomhaontú leis an Éigipt, idir mí Dheireadh Fómhair 2019 agus mí Eanáir 2020;

(c)

soitheach druileála TPAO Yavuz i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe agus atá teormharcáilte i gcomhaontú leis an Éigipt, agus i gcomhaontú le hIosrael, idir mí Eanáir 2020 agus mí Aibreáin 2020;

27.2.2020“