|
3.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 365/11 |
CINNEADH (AE) 2020/1602 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Deireadh Fómhair 2020
lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag an Rómáin, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint don togra ó rialtas na Rómáine,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 10 Nollaig 2019, an 20 Eanáir 2020, an 3 Feabhra 2020 agus an 26 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinntí (AE) 2019/2157 (1), (AE) 2020/102 (2), (AE) 2020/144 (3) agus (AE) 2020/511 (4) lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 8 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/766 (5) lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 30 Iúil 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh eile (AE) 2020/1153 (6) lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún. |
|
(2) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht le téarma oifige Ştefan ILIE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo ceaptar an duine a leanas ina chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:
|
— |
An tUas. Gheorghe DĂMIAN, Mayor of Ciugud, Alba County. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).
(2) Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).
(3) Cinneadh (AE) 2020/144 ón gComhairle an 3 Feabhra 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 32, 4.2.2020, lch. 16).
(4) Cinneadh (AE) 2020/511 ón gComhairle an 26 Márta 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 113, 8.4.2020, lch. 18).
(5) Cinneadh (AE) 2020/766 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 187, 12.6.2020, lch. 3).
(6) Cinneadh (AE) 2020/1153 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún (IO L 256, 5.8.2020, lch. 12).