30.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 362/25


CINNEADH (AE) 2020/1584 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Deireadh Fómhair 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le glacadh Leasú 46 ar Iarscríbhinn 6, Cuid I, agus Leasú 39 ar Iarscríbhinn 6, Cuid II, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a bhaineann le cur siar an cheanglais le haghaidh trealamh sa todhchaí le haghaidh taifeadán gutha cúig uair is fiche ó chró an phíolóta chun iarmhairtí neamhbheartaithe mar gheall ar theagmhas a bhaineann le paindéim COVID-19 a chosc

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún Chicago”) lena rialaítear aeriompar idirnáisiúnta, i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) leis.

(2)

Is Stáit Chonarthacha i gCoinbhinsiún Chicago iad na Ballstáit agus is comhaltaí de chuid ICAO iad, agus tá stádas breathnóra ag an Aontas i gcomhlachtaí áirithe ICAO. Tá ionadaithe ó sheacht mBallstát i gComhairle ICAO.

(3)

De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, féadfaidh Comhairle ICAO na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta a ghlacadh, agus iad a ainmniú mar Iarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

(4)

Maidir le hAirteagal 90 de Choinbhinsiún Chicago, tiocfaidh aon Iarscríbhinn den sórt sin nó aon leasú ar Iarscríbhinn i bhfeidhm laistigh de thrí mhí tar éis í a thíolacadh do Stáit Chonarthacha ICAO, nó ag deireadh cibé tréimhse ama is faide a fhorordóidh Comhairle ICAO, mura rud é go gcláraíonn tromlach de Stáit Chonarthacha ICAO a míshástacht idir an dá linn.

(5)

De bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, más dofheidhmithe d’aon Stát caighdeán nó nós imeachta idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 37 den Choinbhinsiún sin a chomhlíonadh ar gach bealach, sin nó más dofheidhmithe dó a rialacháin nó a chleachtais féin a chur i gcomhréir go hiomlán lena leithéid de chaighdeán nó de nósanna imeachta idirnáisiúnta, nó má mheasann sé é a bheith riachtanach rialacháin nó cleachtais a ghlacadh atá éagsúil ar dhóigh ar bith leis na rialacháin nó na cleachtais arna mbunú le caighdeán idirnáisiúnta, tá an Stát sin le fógra láithreach a thabhairt do ICAO faoi na difríochtaí idir a chleachtas féin agus an cleachtas arna bhunú leis an gcaighdeán idirnáisiúnta.

(6)

Bhí tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar oibreoirí aerárthaigh, monaróirí aerárthaí agus soláthróirí foshraithe do mhonaróirí, agus chuir sé moill ar chórais nua a fhorbairt. Tá seachadtaí aerárthaigh á gcur ar ceal nó siar ag oibreoirí aerárthaigh, agus dá thoradh sin, tá seachadadh aerárthaí atá beartaithe don bhliain 2020 curtha ar athló go 2021. Teastaíonn athchumrú ó aerárthach monaraithe a cumraíodh le haghaidh seachadta in 2020 agus ar cuireadh a sheachadadh siar go 2021 chun go mbeidh sé in oiriúint do na forálacha is infheidhme tar éis 1 Eanáir 2021. Tá oibreoirí aerárthaí agus monaróirí aerárthaí i ngleic le hualach airgeadais míchuí más gá aisfheistiú a dhéanamh ar na aerárthaí sin. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún i mbun atráth i leith an dáta sin a ghlacadh ar leibhéal an Aontais a ghlacadh, trí bhíthin leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 965/2012. Baintear úsáid as an taifeadán gutha ó chró an phíolóta mar thacaíocht d’imscrúdú tionóiscí agus teagmhas. Ní bhaineann riosca suntasach sábháilteachta le moill ar chur chun feidhme fhad an taifeadáin gutha ó chró an phíolóta ó dhá huair go cúig uair is fiche, ach déantar an leas sábháilteachta a bhaineann le fad níos mó ar an taifead gutha ó chró an phíolóta a ailíniú leis na dálaí atá ann faoi láthair agus dálaí a mbíonn an tionscal eitlíochta i ngleic leo. Is láidir a thacaíonn an tAontas leis an dícheall a dhéanann ICAO le feabhas a chur ar shábháilteacht eitlíochta. I bhfianaise na staide nach bhfacthas a leithéid riamh a chruthaigh paindéim COVID-19 agus ó nach bhfuil riosca suntasach sábháilteachta ann, ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, tacaíocht a thabhairt do na leasuithe sin.

(7)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 221ú seisiún de chuid Chomhairle ICAO maidir le Leasú 46 ar Iarscríbhinn 6, Cuid I, agus Leasú 39 ar Iarscríbhinn 6, Cuid IIa bhunú. Is é an seasamh sin gur cheart tacaíocht a thabhairt do na leasuithe sin, agus is seasamh é atá le cur in iúl ag na Ballstáit den Aontas ar comhaltaí iad de Chomhairle ICAO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais.

(8)

Maidir le seasamh an Aontais tar éis do Chomhairle ICAO Leasú 46 ar Iarscríbhinn 6, Cuid I, agus Leasú 39 ar Iarscríbhinn 6, Cuid II, a ghlacadh, gan athruithe suntasacha, rud atá le fógairt ag Ardrúnaí ICAO trí nós imeachta Litreach Stáit de chuid ICAO, ba cheart gan fógra míshástachta a chlárú agus fógra a thabhairt maidir le comhlíonadh na leasuithe sin, agus tá sé le cur in iúl ag Ballstáit uile an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 221ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) tacaíocht a thabhairt do Leasú 46 ar Iarscríbhinn 6, Cuid I, agus Leasú 39 ar Iarscríbhinn 6, Cuid II, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta ina n‐iomláine.

2.   Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, ar choinníoll go nglacfaidh Comhairle ICAO, gan athruithe suntasacha, na leasuithe atá beartaithe, dá dtagraítear i mír 1, gan míshástacht a chlárú agus fógra a thabhairt maidir le comhlíonadh na leasuithe a glacadh mar fhreagra ar Litreacha Stáit ICAO faoi seach.

Airteagal 2

1.   Déanfaidh na Ballstáit den Aontas ar comhaltaí iad de Chomhairle ICAO, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chur in iúl.

2.   An seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(2), is seasamh é a ndéanfaidh Ballstáit uile an Aontais a chur in iúl.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH