|
16.10.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 343/13 |
CINNEADH (AE) 2020/1491 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Deireadh Fómhair 2020
maidir leis an seasamh a ghlacfar, thar ceann an Aontais, laistigh de Choiste CCE arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir an Cósta Eabhair, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, maidir leis an liosta eadránaithe a ghlacadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinneadh an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir an Cósta Eabhair, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (1) (dá ngairfear “Comhaontú” anseo feasta) a shíniú thar ceann an Aontais le Cinneadh 2009/156/CE ón gComhairle (2) agus tá sé i bhfeidhm go sealadach ón 3 Meán Fómhair 2016 i leith. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 64(1) den Chomhaontú, bunaíonn Coiste CCE liosta de dhaoine atá toilteanach agus atá inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe (dá ngairfear “liosta eadránaithe” anseo feasta). |
|
(3) |
Ba cheart do Choiste CCE, le linn an chéad chruinnithe bhliantúil eile, cinneadh a ghlacadh lena mbunófar an liosta eadránaithe i gcomhréir le hAirteagal 64(1) den Chomhaontú. |
|
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, laistigh de Choiste CCE, a leagan síos, a mhéid a bheidh an cinneadh lena mbunófar an liosta eadránaithe ceangailteach ar an Aontas. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, is iomchuí seasamh an Aontais laistigh de Choiste CCE a bheith bunaithe ar an togra le haghaidh cinneadh ó Choiste CCE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Choiste CCE arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir an Cósta Eabhair, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, tá sé bunaithe ar an togra maidir le Cinneadh ó Choiste CCE maidir leis an liosta de dhaoine atá toilteanach agus atá inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar eadránaithe a ghlacadh (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 12 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 59, 3.3.2009, lch. 3.
(2) Cinneadh 2009/156/CE ón gComhairle an 21 Samhain 2008 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an Cósta Eabhair, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (IO L 59, 3.3.2009, lch. 1).
(3) Féach ar dhoiciméad ST10614/20 ag an seoladh seo a leanas http://register.consilium.europa.eu.