16.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 343/10


CINNEADH (AE) 2020/1489 ÓN GCOMHAIRLE

an 6 Deireadh Fómhair 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhchoiste LEE, i ndáil leis an leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,

Ag féachaint don Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 2894/94 an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (2), agus go háirithe Airteagail 58(2)(b), 110(1) agus Airteagal 181 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (3) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE (“Prótacal 31”) a leasú.

(3)

I bPrótacal 31 tá forálacha maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse.

(4)

Ba cheart do na Stáit CSTE leanúint de bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Aontais a bhaineann le líne bhuiséid 02 04 77 03 (an Réamhbheart maidir le taighde cosanta), a iontráladh i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2020.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a leasú ionas go mbeifear in ann an comhar leathnaithe sin a chur ar siúl ón 1 Eanáir 2020.

(6)

Ba cheart seasamh an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atáthar a bheartú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, bunófar an seasamh sin ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)  IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(3)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(4)  Féach doiciméád ST 10136/20 ar http://register.consilium.europa.eu.