|
31.7.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 247/22 |
CINNEADH (CBES) 2020/1133 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Iúil 2020
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/610 maidir le misean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 19 Aibreán 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/610 (1) lenar bunaíodh Misean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) le sainordú go dtí 24 mhí tar éis don Mhisean Cumas Oibriúcháin Iomlán a bhaint amach, is é sin le rá go dtí an 19 Meán Fómhair 2018, agus le méid tagartha airgeadais a chumhdaigh an tréimhse sin. |
|
(2) |
An 30 Iúil 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1082 (2), lenar cuireadh síneadh le sainordú EUTM RCA go dtí an 19 Meán Fómhair 2020. |
|
(3) |
An 28 Bealtaine 2020, ar bhonn Athbhreithniú Straitéiseach ar an Misean, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go gcuirfí síneadh dhá bhliain breise le sainordú EUTM RCA. |
|
(4) |
Ba cheart do EUTM RCA comhordú le Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA), a luaithe a sheolfar EUAM RCA, agus le gníomhaithe idirnáisiúnta eile, go háirithe Misean Ilghnéitheach Comhtháite Cobhsúcháin na Náisiún Aontaithe san Afraic Láir (MINUSCA), d’fhonn a áirithiú go gcuirfear tacaíocht chomhtháite chomhleanúnach ar fáil do rialtas agus d’fhórsaí slándála Phoblacht na hAfraice Láir. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2016/610 a leasú dá réir sin. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i ndréachtú agus cur chun feidhme cinntí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhfuil impleachtaí acu in ábhair chosanta. Dá bhrí sin, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, ní bheidh sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm, agus ní bheidh sí rannpháirteach i maoiniú EUTM RCA, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/610 mar seo a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 1 mar seo a leanas:
|
|
(2) |
in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Déanfar na socruithe comhordúcháin idir Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh, gníomhaithe an Aontais, go háirithe EUAM RCA, agus comhpháirtithe tábhachtacha straitéiseacha áitiúla atá ábhartha don oibríocht a shainiú sa phlean misin.”; |
|
(3) |
in Airteagal 10, cuirtear an mhír a leanas leis: “4. EUR 36 960 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chostais choiteanna EUTM RCA ar feadh na tréimhse ón 20 Meán Fómhair 2020 go dtí an 19 Meán Fómhair 2022. 0 % a bheidh sa chéatadán den mhéid tagartha sin dá dtagraítear in Airteagal 25(1) de Chinneadh (CBES) 2015/528 agus 10 % a bheidh sa chéatadán dá dtagraítear in Airteagal 34(3) le haghaidh gealltanas agus 0 % le haghaidh íocaíochtaí.”; |
|
(4) |
in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Tiocfaidh deireadh le EUTM RCA an 19 Meán Fómhair 2022.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Cinneadh (CBES) 2016/610 ón gComhairle an 19 Aibreán 2016 maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) (IO L 104, 20.4.2016, lch. 21).
(2) Cinneadh (CBES) 2018/1082 ón gComhairle an 30 Iúil 2018 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/610 maidir le misean an Aontais Eorpaigh le haghaidh oiliúint mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (IO L 194, 31.7.2018, lch. 140).