31.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 247/16


CINNEADH (CBES) 2020/1131 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2020

lena seoltar Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2019/2110 ón gComhairle an 9 Nollaig 2019 maidir le Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (1),

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 9 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/2110 maidir le Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA).

(2)

An 18 Meitheamh 2020, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) gur cheart an Plean Oibríochta (OPLAN) maidir le EUAM RCA a fhormheas.

(3)

De thoradh ar mholadh ón gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha agus ar bhaint amach cumas oibriúcháin tosaigh ag EUAM RCA, ba cheart an Misean a sheoladh an 9 Lúnasa 2020 ar feadh tréimhse dhá bhliain.

(4)

Le Cinneadh (CBES) 2019/2110 tugadh méid tagartha airgeadais EUR 7 100 000 chun an caiteachas a bhaineann le EUAM RCA a chumhdach le linn na chéad sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh sin. Le Cinneadh (CBES) 2020/664 (2) ón gComhairle, cuireadh síneadh le bailíocht an mhéid tagartha airgeadais go dtí an 8 Lúnasa 2020. Ba cheart foráil a dhéanamh do mhéid tagartha breise a chumhdóidh an tréimhse ó sheoladh an Mhisin go dtí 8 Lúnasa 2022.

(5)

Ba cheart go mbeadh Aonad Tionscadail ag EUAM RCA chun tionscadail a shainaithint agus a chur chun feidhme i réimsí a bhaineann le EUAM RCA agus chun tacú lena chuspóirí.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2019/2110 a leasú dá réir sin.

(7)

Cuirfear EUAM RCA i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meath teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar OPLAN maidir le EUAM RCA a fhormheas.

Airteagal 2

Seolfar EUAM RCA an 9 Lúnasa 2020.

Airteagal 3

Leis seo, tugtar údarú don Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha EUAM RCA, le héifeacht láithreach, tús a chur le forghníomhú an Mhisin.

Airteagal 4

Leasaítear, leis seo, Cinneadh (CBES) 2019/2110 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(1):

“1.   Is é EUR 3 0 3 52  481, 10 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe an caiteachas a bhaineann le EUAM RCA a chumhdach don tréimhse ón 9 Nollaig 2019 go dtí an 8 Lúnasa 2022. Is í an Chomhairle a chinnfidh an méid tagartha airgeadais d’aon tréimhse ina dhiaidh sin.”.

(2)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

Airteagal 13a

Aonad Tionscadail

1.   Beidh Aonad Tionscadail ag EUAM RCA chun tionscadail a shainaithint agus a chur chun feidhme. Maidir leis na tionscadail arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit agus ag tríú Stáit atá faoina gcúram i réimsí a bhaineann le EUAM RCA, déanfaidh EUAM RCA na tionscadail sin a éascú agus cuirfidh sé comhairle ar fáil i dtaca leo, de réir mar is iomchuí, chun tacú lena chuspóirí.

2.   Faoi réir mhír 3, údarófar EUAM RCA dul i muinín ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit nó ó na tríú Stáit chun tionscadail a chur chun feidhme a shainaithnítear mar thionscadail lena gcomhlánófar gníomhaíochtaí eile EUAM RCA ar bhealach comhsheasmhach, más rud é:

(a)

go bhforáiltear don tionscadal sa ráiteas airgeadais a bhaineann leis an gCinneadh seo; nó

(b)

go ndéantar an tionscadal a chomhtháthú le linn an tsainordaithe trí bhíthin leasú a dhéanamh ar an ráiteas airgeadais arna iarraidh ag an gCeann Misin.

Tabharfaidh EUAM RCA socrú i gcrích leis na Stáit is ranníocóirí iad, socrú lena gcumhdófar na nósanna imeachta sonracha chun déileáil le haon ghearán ó thríú páirtithe maidir le damáiste arna dhéanamh mar thoradh ar ghníomhartha nó ar neamhghníomhartha de chuid EUAM RCA maidir le húsáid na gcistí arna soláthar ag na Stáit sin. Ní fhéadfaidh na Stáit is ranníocóirí iad in imthosca ar bith an tAontas ná an tArdionadaí a chur faoi dhliteanas as gníomhartha nó as neamhghníomhartha arna dhéanamh ag EUAM RCA agus na cistí arna soláthar ag na Stáit sin á n-úsáid acu.

3.   Is faoi réir ghlacadh an Choiste Polaitiúil agus Slándála a thabharfaidh tríú Stáit ranníocaíochtaí don Aonad Tionscadail.”.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)   IO L 318, 10.12.2019, lch. 141.

(2)  Cinneadh (CBES) ón gComhairle 2020/664 an 18 Bealtaine 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/2110 maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Comhairle Shibhialta i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (IO L 157, 19.5.2020, lch. 3).