|
24.7.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 240/1 |
CINNEADH (AE) 2020/1075 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Meitheamh 2020
maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i ndáil le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) agus Airteagal 218(7) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thar ceann an Aontais, rinne an Coimisiún Comhaontú i ndáil le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a chaibidil idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (an “Comhaontú”) i gcomhréir le Cinneadh ón gComhairle an 7 Márta 2016 lena n‐údaraítear don Choimisiún tús a chur lei an gcaibidlíocht. |
|
(2) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2018/1153 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú an 20 Bealtaine 2019, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. |
|
(3) |
Is gá socruithe nós imeachta a leagan síos maidir le rannpháirtíocht an Aontais sna comhchomhlachtaí arna mbunú leis an gComhaontú agus maidir le glacadh beart coimirce, iarrataí ar chomhairliúcháin agus beart chun oibleagáidí glactha a chur ar fionraí. |
|
(4) |
I gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 11(2) agus le hAirteagal 17(6) den Chomhaontú, tá an Comhchoiste arna bhunú le hAirteagal 11(1) den Chomhaontú (‘an Comhchoiste’) in ann leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a ghlacadh. |
|
(5) |
D’fhonn formheas na leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a éascú, ar leasuithe iad atá le glacadh ag an gComhchoiste, agus d’fhonn an baol nach mbeadh seasamh ag an Aontas maidir le leasuithe beartaithe a sheachaint, ba cheart a údarú don Choimisiún na leasuithe beartaithe sin a fhormheas thar ceann an Aontais faoi réir coinníollacha sonracha substainteacha agus nós imeachta. |
|
(6) |
Chun a áirithiú go ndéanfaidh an Coimisiún leasuithe a bheartaítear a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú atá le glacadh ag an gComhchoiste a fhormheas i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart don Choimisiún na leasuithe beartaithe a chur faoi bhráid na Comhairle le haghaidh comhairliúcháin in am tráth sula mbeidh an cruinniú den Chomhchoiste ann ag a nglacfaí na leasuithe sin. Ba cheart do Choiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát (Coreper) measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na leasuithe arna gcur faoi bhráid na Comhairle ag an gCoimisiún. |
|
(7) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú i ndáil le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (an “Comhaontú”) a fhormheas thar ceann an Aontais.
Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) den Chomhaontú (3).
Airteagal 3
1. Is é an Coimisiún Eorpach, a mbeidh cabhair aige ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA), a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú le hAirteagal 11(1) den Chomhaontú agus beidh na húdaráis eitlíochta, mar ionadaithe de chuid na mBallstát, ina theannta.
2. Is í EASA, le cabhair ó na húdaráis eitlíochta sin a bhfuil baint dhíreach acu le clár oibre gach cruinnithe, a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an Aontais ar an mBord Formhaoirseachta um Dheimhniúchán arna bhunú le Mír 3.1.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú.
Airteagal 4
Beidh údarás ag an gCoimisiún, thar ceann an Aontais, leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú arna nglacadh ag an gComhchoiste i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 11(2) agus d’Airteagal 17(6) den Chomhaontú a fhormheas, a mhéid atá leasuithe den sórt sin i gcomhréir le gníomhartha ábhartha dhlí an Aontais, agus nach mbeidh aon mhodhnú ar na gníomhartha sin i gceist leo, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
Áiritheoidh an Coimisiún,, an méid seo a leanas maidir leis an bhformheas thar ceann an Aontais:
|
|
(b) |
Cuireann an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe faoi bhráid na Comhairle in am tráth sula bhformheasfar iad. Déanfaidh Coreper measúnú le féachaint an gcomhlíonann na leasuithe atá beartaithe na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a). Déanfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais ach amháin i gcás ina ndéanann roinnt Ballstát, arb ionann a líon agus mionlach blocála den Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agóid ina n‐aghaidh. I gcás ina bhfuil mionlach blocála den sórt sin ann, déanfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, na leasuithe atá beartaithe a dhiúltú. |
Airteagal 5
1. Féadfaidh an Coimisiún an ghníomhaíocht seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
bearta coimirce a ghlacadh i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 5(1) den Chomhaontú, |
|
(b) |
comhairliúcháin a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 15(3) den Chomhaontú, |
|
(c) |
bearta a ghlacadh chun oibleagáidí cómhalartacha maidir le glacadh a chur ar fionraí agus chun fionraí den sórt sin a chealú i gcomhréir le hAirteagal 16 den Chomhaontú. |
2. Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Chomhairle, luath go leor roimh ré, go bhfuil sé ar intinn aige gníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Toiliú an 17 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh (AE) 2018/1153 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2018, maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i ndáil le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 210, 21.8.2018, lch. 2).
(3) Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.