7.7.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 216/1 |
CINNEADH (AE) 2020/970 ÓNGCOMHAIRLE
an 3 Iúil 2020
lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, agus arna shíneadh le Cinntí (AE) 2020/556 agus (AE) 2020/702, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 240(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh (AE) 2020/430 (1) ón gComhairle, tugadh isteach maolú míosa amháin ar an gcéad fhomhír d'Airteagal 12(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (2) a mhéid a bhaineann le cinntí an gnáthnós imeachta i scríbhinn a úsáid, i gcás ina ndéanfaidh Coiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát (Coreper) na cinntí sin. Rinneadh foráil don mhaolú sin go dtí an 23 Aibreán 2020. |
(2) |
Le Cinneadh (AE) 2020/430 foráiltear, más rud é go dtugann na himthosca eisceachtúla leanúnacha bonn cirt dó, go bhféadfaidh an Chomhairle an Cinneadh sin a athnuachan. An 21 Aibreán 2020, le Cinneadh (AE) 2020/556 (3), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/430 go ceann tréimhse eile míosa ón 23 Aibreán 2020. Rinneadh foráil don síneadh a cuireadh leis an maolú sin go dtí an 23 Bealtaine 2020. An 20 Bealtaine 2020, le Cinneadh (AE) 2020/702 (4), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/430 go ceann tréimshe eile go dtí an 10 Iúil 2020. |
(3) |
Ós rud é gur ann fós do na himthosca eisceachtúla a chruthaigh paindéim COVID-19, agus roinnt bearta urghnácha coisctheacha agus srianta arna ndéanamh ag na Ballstáit fós i bhfeidhm, is gá síneadh a chur leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/430, arna shíneadh le Cinntí (AE) 2020/556 agus (AE) 2020/702, go ceann tréimhse theoranta eile go dtí an 10 Meán Fómhair 2020, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, cuirtear síneadh leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Cinneadh (AE) 2020/430, arna shíneadh le Cinntí (AE) 2020/556 agus (AE) 2020/702 go dtí 10 Meán Fómhair 2020.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Iúil 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Cinneadh (AE) 2020/430 ón gComhairle an 23 Márta 2020 maidir le maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 88 I, 24.3.2020, lch. 1).
(2) Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).
(3) Cinneadh (AE) 2020/556 ón gComhairle an 21 Aibreán 2020 lena gcuirtear síneadh leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430 i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 128 I, 23.4.2020, lch. 1).
(4) Cinneadh (AE) 2020/702 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2020 lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430 agus arna shíneadh le Cinneadh (AE) 2020/556, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 165, 27.5.2020, lch. 38).