6.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 214/3


CINNEADH (AE) 2020/964 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Meitheamh 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh faoi chuimsiú Chomhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg a mhéid a bhaineann le caighdeáin trádála a bhfuil feidhm acu maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Síníodh an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (“an Comhaontú”) thar ceann an Aontais i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2016/1892 ón gComhairle (1) an 18 Samhain 2016 ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta is déanaí. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach an 1 Eanáir 2017 i gcomhréir le hAirteagal 31(2) de.

(2)

Tugadh an Comhaontú i gcrích thar ceann an Aontais an 17 Bealtaine 2019 le Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle (2).

(3)

De bhun Airteagal 7(1) den Chomhaontú, tá Comhairle na gComhaltaí de Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (“Comhairle na gComhaltaí”) chun cinntí lena leasaítear caighdeáin trádála a bhfuil feidhm acu maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige a ghlacadh.

(4)

Le linn an 111ú seisiúin dá cuid ón 29 Meitheamh go dtí an 3 Iúil 2020, tá Comhairle na gComhaltaí chun cinntí lena leasaítear caighdeáin trádála a bhfuil feidhm acu maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige (na “cinntí leasaitheacha”) a ghlacadh.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais faoi chuimsiú Chomhairle na gComhaltaí a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag na cinntí leasaitheacha ar an Aontas maidir leis an trádáil idirnáisiúnta leis na comhaltaí eile de Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC) agus go beidh na cinntí sin in ann tionchar cinntitheach a bheith acu ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon caighdeáin mhargaíochta a bhaineann le hola olóige arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 75 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ó gComhairle (3).

(6)

Baineann na cinntí leasaitheacha atá le glacadh ag Comhairle na gComhaltaí leis an gcrann cinnteoireachta a chur isteach maidir le holaí olóige scagtha agus olaí olóige comhdhéanta d’olaí olóige scagtha agus d’olaí olóige íona deilte-7-stiogmaisteanól agus an teideal, na figiúirí corrlaigh agus na crómatagraim a athbhreithniú. Pléadh na cinntí leasaitheacha go mion idir saineolaithe eolaíocha teicniúla maidir le hola olóige de chuid an Choimisiúin agus de chuid na mBallstát. Rannchuideofar leis na cinntí leasaitheacha le comhchuibhiú idirnáisiúnta caighdeán ola olóige agus bunófar leo creat lena n-áiritheofar iomaíocht chóir maidir le trádáil táirgí i réimse na n-olaí olóige. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leis na cinntí leasaitheacha. Dá thoradh sin beidh gá le leasuithe ar Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91 ón gCoimisiún (4).

(7)

I gcás ina gcuirfear glacadh na gcinntí leasaitheacha ar atráth le linn 111ú seisiúin Chomhairle na gComhaltaí mar thoradh ar chuid de na Comhaltaí gan bheith in ann a bhformheas a thabhairt, ba cheart an seasamh arb é tacú leis na cinntí leasaitheacha a ghlacadh thar ceann an Aontais faoi chuimsiú nós imeachta a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le glacadh cinntí ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a chomhmhalartú, de bhun Airteagal 10(6) den Chomhaontú. Ba cheart an nós imeachta maidir le glacadh trí chomhfhreagras a chomhmhalartú a thionscnamh roimh an chéad seisiún rialta eile de Chomhairle na gComhaltaí i Samhain 2020.

(8)

D’fhonn leasanna an Aontais a chaomhnú, ba cheart cead a bheith ag ionadaithe an Aontais i gComhairle na gComhaltaí a iarraidh go gcuirfear ar atráth chuig seisiún dá éis sin glacadh na gcinntí lena ndéanfar caighdeáin trádála a leasú le linn 111ú seisiún de chruinniú Chomhairle na gComhaltaí, más rud é gur dóigh go ndéanfar difear, le faisnéis eolaíoch nó theicniúil arna cur i láthair roimh an seisiún sin, nó lena linn, don seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na gComhaltaí le linn an 111ú seisiún dá cuid ón 29 Meitheamh go dtí an 3 Iúil 2020 nó faoi chuimsiú nós imeachta maidir le glacadh cinntí ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a chomhmhalartú a bheidh le tionscnamh roimh an gcéad seisiún rialta eile dá cuid i Samhain 2020, a mhéida bhaineann le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige, is éard a bheidh ann tacú le Comhairle na gComhaltaí do ghlacadh na gcinntí lena leasaítear na caighdeáin trádála a bhfuil feidhm acu maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige (5).

Airteagal 2

I gcás inar dóigh go ndéanfar difear don seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 mar gheall ar fhaisnéis eolaíoch nó theicniúil nua arna cur i láthair roimh an 111ú seisiún de chuid Chomhairle na gComhaltaí, nó lena linn, iarrfaidh an tAontas glacadh na gcinntí ag Comhairle na gComhaltaí a chur ar atráth, cinntí lena leasaítear caighdeáin trádála a bhfuil feidhm acu maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige, go dtí go mbunófar seasamh an Aontais ar bhonn na faisnéise nua sin.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh (AE) 2016/1892 ón Comhairle an 10 Deireadh Fómhair 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Comhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 293, 28.10.2016, lch. 2).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 139, 27.5.2019, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(4)  Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91 ón gCoimisiún an 11 Iúil 1991 maidir le saintréithe ola olóige agus saintréithe ola d’iarmhar ológ agus na modhanna ábhartha anailíse (IO L 248, 5.9.1991, lch. 1).

(5)  Féach doiciméad 8457/20 ag http://register.consilium.europa.eu.