3.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 212/6


CINNEADH (AE) 2020/950 ÓN gCOMHAIRLE

An 26 Meitheamh 2020

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais agus a Bhallstáit, Prótacail lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus rialtas Stát Iosrael, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,

Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais na Cróite, agus go háirithe don dara fomhír d’Airteagal 6(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2015/372 ón gComhairle (2), síníodh an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus rialtas Stát Iosrael, den pháirt eile (3), chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (“an Prótacal”), faoi réir a thabhairt i gcrích.

(2)

Ba cheart an Prótacal a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An Prótacal lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus rialtas Stát Iosrael, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (4), formheastar é leis seo thar ceann an Aontais agus a Bhallstáit.

Airteagal 2

Déantar Uachtarán na Comhairle a údarú leis seo chun an duine/na daoine a ainmniú a mbeidh de chumhacht aige nó aici nó acu an ionstraim formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 3 den Phrótacal a thaisceadh thar ceann an Aontais agus a Ballstáit.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meitheamh 2020

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Toiliú an 28 Aibreán 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2015/372 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstáit, agus cur i bhfeidhm sealadach Prótacail lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus rialtas Stát Iosrael, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (IO L 64, 7.3.2015, lch.1).

(3)  Tá téacs an Chomhaontaithe foilsithe in IO L 208, 2.8.2013, lch. 3.

(4)  Foilsíodh téacs an Phrótacail in IO L 64, an 7 Márta 2015, in éineacht leis an gcinneadh maidir lena shíniú.