22.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 198/44


CINNEADH (AE) 2020/853 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Meitheamh 2020

lena dtugtar de chumhacht don Ghearmáin an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá aici leis an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn seirbhísí iompair idirnáisiúnta de bhóthar do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus a bheith á soláthar sna réigiúin teorann idir an dá thír

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 20(1) den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar (3) (‘Comhaontú AE-na hEilvéise’), ní údaraítear d’iompróirí paisinéirí a iompar ar chóiste nó ar bhus idir dhá phointe atá suite ar chríoch an Pháirtí Chonarthaigh chéanna más iompróirí iad atá bunaithe i gcríoch an Pháirtí Chonarthaigh eile, rud ar a dtugtar cabatáiste.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 20(2) de Chomhaontú AE-na hEilvéise, féadfar leanúint d'fheidhmiú na gceart cabatáiste atá ann cheana faoi chomhaontuithe déthaobhacha a tugadh i gcrích idir Ballstáit agus an Eilvéis a bhí i bhfeidhm nuair a tugadh Comhaontú AE-na hEilvéise i gcrích, eadhon an 21 Meitheamh 1999, ar choinníoll nach ann d’aon idirdhealú idir iompróirí atá bunaithe san Aontas ná d’aon saobhadh ar an iomaíocht. Leis an gcomhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar idir an Eilvéis agus an Ghearmáin an 17 Nollaig 1953 (4) (“Comhaontú na hEilvéise-na Gearmáine”), ní údaraítear oibríochtaí cabatáiste le linn seirbhísí iompair de bhóthar do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus a bheith á soláthar idir an dá thír. Dá bhrí sin, níl an ceart oibríochtaí den sórt sin a dhéanamh ar cheann de na cearta a chuimsítear faoi Airteagal 20(2) de Chomhaontú AE-na hEilvéise agus atá liostaithe in Iarscríbhinn 8 a ghabhann leis.

(3)

Gealltanais idirnáisiúnta a cheadaíonn d’iompróirí atá bunaithe san Eilvéis oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh laistigh den Aontas, is dóigh dóibh difear a dhéanamh d'Airteagal 20 de Chomhaontú AE-na hEilvéise, ós rud é nach n‐údaraítear na hoibríochtaí sin leis an Airteagal sin.

(4)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ceadaítear go heisiach d'iompróirí a bhfuil ceadúnas Comhphobail acu oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh laistigh den Aontas, faoi choinníollacha áirithe. Gealltanais idirnáisiúnta a cheadaíonn d’iompróirí tríú tír, nach bhfuil ceadúnas den sórt sin acu, oibríochtaí den chineál sin a dhéanamh, is dóigh dóibh difear a dhéanamh don Rialachán sin.

(5)

Dá bharr sin, tagann gealltanais idirnáisiúnta den sórt sin faoi inniúlacht sheachtrach eisiach an Aontais. Ní fhéadfaidh na Ballstáit gealltanais den sórt sin a chaibidil ná iad a ghlacadh orthu féin ach amháin má thugann an tAontas de chumhacht dóibh déanamh amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(6)

Oibríochtaí cabatáiste a dhéanann iompróirí tríú tír laistigh den Aontas nach bhfuil ceadúnas Comhphobail dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 acu, déanann siad difear d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí cóiste agus bus, mar a bunaíodh leis an Rialachán sin. Dá bhrí sin, is gá do reachtóir an Aontais cumhachtú faoi Airteagal 2(1) CFAE a dheonú i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal 91 CFAE.

(7)

I litir uaithi dar dáta an 11 Bealtaine 2017, d’iarr an Ghearmáin cumhachtú ón Aontas Comhaontú na hEilvéise-na Gearmáine a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn seirbhísí iompair de bhóthar do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus a bheith á soláthar i réigiúin teorann na Gearmáine agus na hEilvéise.

(8)

A bhuí le hoibríochtaí cabatáiste, is féidir lódfhachtóir na bhfeithiclí a mhéadú, rud a mhéadaíonn éifeachtúlacht eacnamaíoch na seirbhísí iompair do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus. Dá bhrí sin, is iomchuí na hoibríochtaí sin a údarú le linn seirbhísí iompair de bhóthar do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus idir an Ghearmáin agus an Eilbhéis a bheith á soláthar i réigiúin teorann an dá thír. D’fhéadfadh sé sin dlúth-chomhtháthú na réigiún teorann sin a dhaingniú tuilleadh.

(9)

Chun a áirithiú nach ndéanfaidh na hoibríochtaí cabatáiste feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí bus agus cóiste, mar a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, a athrú go hiomarcach, ba cheart údarú oibríochtaí cabatáiste a bheith coinníollach ar gan aon idirdhealú a bheith ann idir iompróirí atá bunaithe laistigh den Aontas agus gan aon saobhadh ar an iomaíocht a bheith ann.

(10)

Ar an gcúis chéanna, níor cheart oibríochtaí cabatáiste a údarú ach i réigiúin teorann na Gearmáine le linn seirbhísí iompair de bhóthar do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus idir an Ghearmáin agus an Eilvéis a bheith á soláthar. Chuige sin, is gá réigiúin teorann na Gearmáine a shainiú chun críocha an Chinnidh seo ar bhealach ina dtugtar aird chuí ar Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, agus lena ligtear d’éifeachtúlacht na n‐oibríochtaí lena mbaineann méadú ag an am céanna,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, tugtar de chumhacht don Ghearmáin an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá aici leis an Eilvéis an 17 Nollaig 1953 (“Comhaontú na hEilvéise-na Gearmáine”) a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú i réigiúin teorann na Gearmáine agus na hEilvéise le linn seirbhísí iompair de bhóthar do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus a bheith á soláthar idir an dá thír, ar an gcoinníoll nach ann d’aon idirdhealú idir na hiompróirí atá bunaithe san Aontas ná d’aon saobhadh ar an iomaíocht.

Measfar gurb iad ceantair riaracháin Freiburg agus Tübingen in Baden-Württemberg agus ceantar riaracháin Schwaben sa Bhaváir réigiúin teorann de chuid na Gearmáine de réir bhrí na chéad mhíre.

Airteagal 2

Cuirfidh an Ghearmáin an Coimisiún ar an eolas faoin leasú ar Chomhaontú na hEilvéise-na Gearmáine de bhun Airteagal 1 den Chinneadh seo agus tabharfaidh sí fógra don Choimisiún faoi théacs an leasaithe sin.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin méid sin.

Airteagal 3

Is chuig Poblacht Chónaidhme na Gearmáine a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Meitheamh 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. BRNJAC


(1)  IO C 14, 15.1.2020, lch. 118.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 3 Meitheamh 2020.

(3)  IO L 114, 30.4.2002, lch. 91.

(4)  Bailiúchán Córasach Reachtaíocht Chónaidhme na hEilvéise Uimh. 0.741.619.136.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88).