12.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 187/7


CINNEADH (AE) 2020/767 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le Leasú 91 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta a ghlacadh, agus maidir le fógra a thabhairt i dtaobh difríochta ó dháta chur i bhfeidhm Leasú 13 ar Iarscríbhinn 14, Imleabhar I, Leasú 40C ar Iarscríbhinn 6, Leasú 77B ar Iarscríbhinn 3 agus Leasú 39B ar Iarscríbhinn 15 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 4 Aibreán 1947 a tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún Chicago”) i bhfeidhm, Coinbhinsiún lena rialaítear aeriompar idirnáisiúnta. Is leis a bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).

(2)

Is Stáit chonarthacha de Choinbhinsiún Chicago iad Ballstáit an Aontais, agus is comhaltaí de EESI iad, agus tá stádas breathnóra ag an Aontas Eorpach i gcomhlachtaí áirithe EESI.

(3)

De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, féadfaidh Comhairle EESI caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta a ghlacadh.

(4)

Le linn ceann de na seisiúin atá ag teacht aníos i gComhairle EESI, tá i gceist go nglacfaidh sí Leasú 91 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar III ar Choinbhinsiún Chicago maidir leis an gcóras cónasctha roghnaithe (SELCAL) (“Leasú 91”).

(5)

Is é príomhfheidhm atá le Leasú 91 Imleabhar III fuaimeanna nua a thabhairt isteach chun líon na gcód SELCAL atá le fáil a mhéadú, rud a laghdóidh minicíocht na dtásc bréige i gcró an phíolóta san aerárthach. Tagann ann d’athruithe dá bharr freisin, athruithe maidir le saintréithe an chórais, agus tá foráil ann le haghaidh sásra le cóid nua a thabhairt isteach, cóid nach n-imreodh ach an tionchar íosta ar oibreoirí aerárthaí.

(6)

Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais laistigh de Chomhairle EESI a shuíomh, ós amhlaidh gur ceangal ar an Aontas a bheidh i Leasú 91, agus ós féidir leis tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, mar atá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún (1). A luaithe a ghlacfar Leasú 91, beidh sé ceangailteach ar gach Ballstát EESI, lena n-áirítear Ballstáit uile an Aontais, i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach i gCoinbhinsiún Chicago, agus laistigh de na teorainneacha sin. Ceanglaítear le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago ar Stáit chonarthacha fógra a thabhairt do EESI, más rún leo imeacht ó chaighdeán, faoin sásra i leith fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí.

(7)

Is láidir a thacaíonn an tAontas leis an dícheall a dhéanann EESI le feabhas a chur ar shábháilteacht na heitlíochta, rud is féidir a áirithiú trí sheirbhísí cruinne sábháilte a sholáthar i réimse na heitlíochta, na loingseoireachta, agus an fhaireachais. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú le Leasú 91.

(8)

Seasamh an Aontais le linn ceann de na seisiúin atá ag teacht aníos i gComhairle EESI, seisiún maidir le Leasú 91, is seasamh é atá le cur in iúl ag na Ballstáit de chuid an Aontais atá ina gcomhaltaí de Chomhairle ICAO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais.

(9)

Maidir le seasamh an Aontais tar éis do Chomhairle EESI Leasú 91 a ghlacadh, rud atá le fógairt ag Ardrúnaí ICAO trí bhíthin nós imeachta litreach stáit de chuid EESI, ba cheart a bheith d’aidhm ag an seasamh sin fógra a thabhairt maidir le comhlíonadh Leasú 91, agus tá sé le cur in iúl ag Ballstáit uile an Aontais.

(10)

In 2016, ghlac Comhairle EESI leasuithe ar roinnt iarscríbhinní i gCoinbhinsiún Chicago, leasuithe arb éard ab aidhm dóibh laghdú a chur ar líon na dteagmhas agus na dtimpistí a bhaineann le fágáil an rúidbhealaigh. Is sna litreacha Stáit AN 4/1 2.26-16/19, AN 2/2.4 – 16/18, AN 10/1.1 – 16/17 agus AN 11/1.3.29-16/12 atá foráil na leasuithe sin (“na Leasuithe”), agus beidh siad infheidhme sna Stáit chonarthacha ón 5 Samhain 2020 amach.

(11)

Is láidir a thacaíonn an tAontas leis an dícheall a dhéanann EESI le feabhas a chur ar shábháilteacht na heitlíochta. Is athruithe iad sin a thugann isteach modheolaíocht chomhchuibhithe nua le measúnú agus tuairisciú a dhéanamh ar an gcóir a bhíonn ar an rúidbhealach, agus laghdóidh siad an riosca de theagmhais agus timpistí a bhaineann le fágáil an rúidbhealaigh de dheasca éilliú rúidbhealaigh amhail sneachta, oighear, praiseach sneachta nó uisce.

(12)

Le Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) 2019/1387 (2) agus (AE) 2020/469 (3) ón gCoimisiún, ionchorpraítear na Leasuithe i ndlí an Aontais.

(13)

I gcomhthráth le dáta chur i bhfeidhm na Leasuithe, beidh feidhm le páirt de Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) 2020/469 agus (AE) 2019/1387 ón 5 Samhain 2020. Mar sin féin, ní beag a chuaigh paindéim COVID-19 i gcion ar dhícheall Bhallstáit an Aontais agus na ngeallsealbhóirí eitlíochta in ullmhú chur i bhfeidhm na mbeart nua, bearta a liostaítear i Leasú 77B ar Iarscríbhinn 3, Leasú 13 ar Iarscríbhinn 14, Leasú 40 ar Iarscríbhinn 6, agus Leasú 39B ar Iarscríbhinn 15 i gCoinbhinsiún Chicago.

(14)

Thar aon ní, an gaibhniú agus an pháirtfhostaíocht a bhí ar na foirne oibre, maille leis an obair bhreise a bhí le déanamh i mbainistiú na n-iarmhairtí diúltacha suntasacha a chuir paindéim COVID-19 ar na geallsealbhóirí uile, is bac ar an dul chun cinn a bhí iontu.

(15)

Tá ag dul rite do na húdaráis inniúla agus do na hoibreoirí ullmhú a dhéanamh le haghaidh chur chun feidhme na Leasuithe. Dá bhrí sin, b’fhéidir go gcaithfear an dáta cur i bhfeidhm dá bhforáiltear i Rialacháin Cur chun Feidhme (AE) 2020/469 agus (AE) 2019/1387 a chur siar go ceann sé mhí.

(16)

Mura gcuirfidh Comhairle EESI dáta chur i bhfeidhm na Leasuithe ar atráth go ceann sé mhí, le linn do dhlí an Aontais dáta chur i bhfeidhm na gcaighdeán ábhartha de chuid EESI a chur ar atráth go ceann sé mhí, is é seasamh ba cheart don Aontas fógra difríochta a thabhairt do EESI, i gcomhréir le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, agus é a chur in iúl do EESI gur rún dó dáta chur i bhfeidhm na Leasuithe a chur siar go ceann sé mhí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Tacú le Leasú 91 atá á bheartú ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún Chicago”) ina iomláine, ag sin an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de cheann de na seisiúin atá ag teacht aníos i gComhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (“EESI”).

2.   Is é an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais tar éis do Chomhairle EESI Leasú 91 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar III i gCoinbhinsiún Chicago a ghlacadh, fógra a thabhairt maidir le comhlíonadh an bhirt a glacadh mar fhreagra ar an litir ó stát ICAO lena mbaineann.

Airteagal 2

Mura gcuirfidh Comhairle EESI ar atráth dáta chur i bhfeidhm Leasú 77B ar Iarscríbhinn 3, Leasú 13B ar Iarscríbhinn 14, Leasú 40C ar Iarscríbhinn 6 agus Leasú 39B ar Iarscríbhinn 15 i gCoinbhinsiún Chicago, agus má leasaíonn an Coimisiún Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) 2019/1387 agus (AE) 2020/469 agus Rialachán Tarmligthe C(2020)710 final (4) le moill sé mhí a chur ar a gcur i bhfeidhm, tabharfar fógra do EESI faoi dhifríocht chomhfhreagrach ó dháta chur i bhfeidhm Leasú 77B ar Iarscríbhinn 3, Leasú 13B ar Iarscríbhinn 14, Leasú 40C ar Iarscríbhinn 6 agus Leasú 39B ar Iarscríbhinn 15 i gCoinbhinsiún Chicago go ceann sé mhí i gcomhréir le hAirteagal 38 den Choinbhinsiún sin.

Airteagal 3

1.   Na Ballstáit de chuid an Aontais ar comhaltaí de Chomhairle EESI iad, is iad a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

2.   Na Ballstáit de chuid an Aontais, is iad a chuirfidh in iúl na seasaimh dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus Airteagal 2.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a nglacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra eile a bhaineann le bainistiú agus maoirseacht an aerthráchta, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 (IO L 62, 8.3.2017, lch. 1).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1387 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 maidir leis na ceanglais i dtaca le ríomhanna feidhmíochta do thuirlingt eitleán agus leis na caighdeáin i dtaca le staid dhromchla an rúidbhealaigh a mheas, trealamh sábháilteachta agus ceanglais agus oibríochtaí áirithe a nuashonrú gan formheas oibríochtúil a bhfuil raon leathnaithe ag baint leis (IO L 229, 5.9.2019, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/469 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 923/2012, Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 agus Rialachán (AE) 2017/373 maidir leis na ceanglais i dtaca le bainistíocht aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta, struchtúir aerspáis agus cáilíocht sonraí a dhearadh, i dtaca le sábháilteacht rúidbhealaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 73/2010 (IO L 104, 3.4.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 maidir le sábháilteacht an rúidbhealaigh agus sonraí aerloingseoireachta.