3.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 173/1


CINNEADH (AE) 2020/729 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Bealtaine 2020

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Stádais idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointí (b) agus (d) d’Airteagal 77(2) agus pointe (c) d’Airteagal 79(2), i gcomhar le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/453 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró (“an Comhaontú”) an 7 Deireadh Fómhair 2019, faoi réir a thabhairt i gcrích.

(2)

Mar thoradh ar an gComhaontú agus i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil, is féidir foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach a imscaradh go pras ar chríoch Mhontainéagró, freagairt ar an athrú atá ag teacht ar shreafaí imirce i dtreo bhealach an chósta, cúnamh a thabhairt maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha agus gáinneáil ar imircigh neamhrialta a chomhrac.

(3)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (3); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(4)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(5)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Comhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró a fhormheas thar ceann an Aontais.

Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal (4) leis an gCinneadh seo .

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 12(1) den Chomhaontú. (5)

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Bealtaine 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Toiliú an 13 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/453 ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Stádais idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró (IO L 79, 21.3.2019, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(4)  IO: Cuir isteach an téacs seo a leanas ar an leathanach den leagan GAEILGE den IO a chomhfhreagraíonn don leathanach ar a bhfuil an Comhaontú foilsithe sna teangacha eile: “Níl téacs an Chomhaontaithe ann sa Ghaeilge.”.

(5)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.