19.5.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 157/1


CINNEADH (CBES) 2020/663 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Bealtaine 2020

lena leasaítear Cinneadh 2012/389/CBES maidir le Misean an Aontais Eorpaigh um Fhothú Acmhainneachta sa tSomáil (EUCAP Somalia)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 16 Iúil 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/389/CBES (1) a bhaineann le Misean an Aontais Eorpaigh um Fhothú Acmhainneachta Muirí Réigiúnaí i gCorn na hAfraice (EUCAP NESTOR).

(2)

An 12 Nollaig 2016, le Cinneadh (CBES) 2016/2240 (2), leasaigh an Chomhairle sainordú an Mhisin le go ndíreofaí leis ar fhothú acmhainneachta sa tSomáil agus d’athraigh sí ainm an Mhisin go EUCAP Somalia.

(3)

An 10 Nollaig 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1942 (3) lena leasaítear Cinneadh 2012/389/CBES chun EUCAP Somalia a fhadú agus méid tagartha airgeadais a sholáthar dó don tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2020.

(4)

An 4 Feabhra 2020, leasaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála OPLAN an Mhisin agus chomhaontaigh sé gur cheart foráil a dhéanamh do bhearta slándála breise.

(5)

Ba cheart Cinneadh 2012/389/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 13(1) de Chinneadh 2012/389/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an seachtú mír:

“Is é EUR 71 189 005,32 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha an caiteachas a bhaineann le EUCAP Somalia a chumhdach don tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2020.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Bealtaine 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Cinneadh 2012/389/CBES an 16 Iúil 2012 maidir le Misean an Aontais Eorpaigh um Fhothú Acmhainneachta sa tSomáíl (EUCAP Somalia) (IO L 187, 17.7.2012, lch. 40).

(2)  Cinneadh (CBES) 2016/2240 an 12 Nollaig 2016 lena leasaítear Cinneadh 2012/389/CBES maidir le Misean an Aontais Eorpaigh um Fhothú Acmhainneachta Muirí Réigiúnacha i gCorn na hAfraice (EUCAP NESTOR) (IO L 337, 13.12.2016, lch. 18).

(3)  Cinneadh (CBES) ón gComhairle 2018/1942 an 10 Nollaig 2018 lena gcuirtear síneadh le Cinneadh 2012/389/CBES maidir le Misean an Aontais Eorpaigh um Fhothú Acmhainneachta sa tSomáíl (EUCAP Somalia), agus lena leasaítear an Cinneadh sin (IO L 314, 11.12.2018, lch. 56).