|
15.5.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 153/4 |
CINNEADH (CBES) 2020/651 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Bealtaine 2020
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 17 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/797 (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó a ar a Bhallstáit. |
|
(2) |
Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2019/797 go dtí an 18 Bealtaine 2020. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a fhadú go dtí an 18 Bealtaine 2021. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/797 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10 de Chinneadh (CBES) 2019/797:
“Airteagal 10
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 18 Bealtaine 2021 agus coinneofar faoi athbhreithniú leanúnach é. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.".
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Bealtaine 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. GRLIĆ RADMAN
(1) Cinneadh (CBES) 2019/797 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (IO L 129 I, 17.5.2019, lch. 13).