|
29.4.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 137/3 |
CINNEADH (AE) 2020/583 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Márta 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil den Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór maidir le léiriú, de bhun Airteagal 16.1(4)(d), Airteagail 10.17 agus 10.22 den Chomhaontú sin i dtaca le hathruithe ar chosaint na dtásc geografach le haghaidh fíonta, biotáillí, táirgí talmhaíochta agus earraí bia arna gclárú i Singeapór
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh (AE) ón gComhairle 2019/1875 (1), thug an tAontas Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (2) (“an Comhaontú”) i gcrích, ar comhaontú é a tháinig i bhfeidhm an 21 Samhain 2019. |
|
(2) |
Le hAirteagal 16.1 den Chomhaontú, bunaítear Coiste um Thrádáil a dhéanfaidh, inter alia, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a mhaoirsiú agus a éascú. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 16.1(4)(d) den Chomhaontú, féadfaidh an Coiste um Thrádáil léirithe ar fhorálacha an Chomhaontaithe a ghlacadh. Is léirithe iad sin atá ceangailteach ar na Páirtithe agus ar na comhlachtaí uile a cuireadh ar bun faoin gComhaontú, lena n-áirítear painéil eadrána dá dtagraítear i gCaibidil a Ceathair Déag (Réiteach Díospóidí) den Chomhaontú seo. |
|
(4) |
Le hAirteagal 10.17.3 den Chomhaontú, foráiltear go nglacann an Coiste um Thrádáil cinneadh a luaithe agus is féidir tar éis na nósanna imeachta le haghaidh chosaint na dtásc geografach i ngach Páirtí a bheith tugtha i gcrích le haghaidh na n-ainmneacha uile a liostaítear in Iarscríbhinn 10-A (Liosta ainmneacha atá le cur i bhfeidhm le haghaidh cosaint mar Thásca Geografacha i gcríoch na bPáirtithe) a ghabhann leis an gComhaontú, i dtaca leis na hainmneacha ó Iarscríbhinn 10-A a ghabhann leis an gComhaontú a liostú in Iarscríbhinn 10-B (Tásca Geografacha faoi Chosaint) a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(5) |
Le hAirteagal 10.18 den Chomhaontú, déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht liosta na dtásc geografach le haghaidh fíonta, biotáillí, táirgí talmhaíochta agus earraí bia a liostaítear in Iarscríbhinn 10-B den Chomhaontú atá le cosaint ag gach Páirtí faoi Fho-Roinn C (Tásca Geografacha) a leasú. |
|
(6) |
Le pointí (c) agus (d) den Airteagal 10.17(2), déantar foráil faoi seach maidir le nós imeachta freasúra agus modh dlíthiúil lena gceadaítear iontrálacha sa chlárlann intíre a cheartú agus a chur ar ceal chun gur féidir na leasanna dlisteanacha atá ag tríú páirtithe a chur san áireamh. |
|
(7) |
In Airteagal 10.22 den Chomhaontú leagtar amach na rialacha ginearálta maidir le tásca geografacha a chosaint a liostaítear in Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(8) |
Is iomchuí an dóigh a n-oibríonn forálacha d’Airteagail 10.17(2) agus 10.22 le chéile a shoiléiriú. Go sonrach, is gá an gaol idir an leibhéal cosanta a bhunaítear faoi Airteagal 10.22 den Chomhaontú, agus an córas le haghaidh clárú agus cosaint tásc geografach arna bhunú ag gach Páirtí faoi Airteagal 10.17 den Chomhaontú ar theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a shoiléiriú. Ba cheart an méid sin a dhéanamh trí léiriú ceangailteach a ghlacadh. |
|
(9) |
Chun soiléiriú agus comhleanúnachas dlíthiúil a áirithiú ba cheart a lua sa léiriú ceangailteach sin, nach féidir aon athruithe a dhéanamh ar chosaint tásc geografach le haghaidh fíonta, biotáillí, táirgí talmhaíochta agus earraí bia arna gclárú i Singeapór agus a liostaítear nó atá le liostú in Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú, a dhéantar ar fhorais a thagann faoi raon feidhme Airteagal 10.22(5) den Chomhaontú nó nach dtagann faoi na rialacha ginearálta a chumhdaítear i míreanna eile Airteagal 10.22 agus a iarrtar tríd an gcóras le haghaidh clárú agus cosaint tásc geografach dá dtagraítear in Airteagal 10.17 den Chomhaontú, mura bhfuil cinneadh dearfach ón gCoiste um Thrádáil ann maidir leis an leasú comhfhreagrach ar Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(10) |
Foráiltear go nglacfaidh an Coiste um Thrádáil cinneadh maidir leis an léiriú, de bhun Airteagal 16.1(4)(d), ar Airteagail 10.17 agus 10.22(5) den Chomhaontú le linn a chéad chruinnithe nó trí nós imeachta i scríbhinn. |
|
(11) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil a bhunú, mar go mbeidh an cinneadh ón gCoiste um Thrádáil ceangailteach ar an Aontas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gcéad chruinniú den Choiste um Thrádáil arna bhunú faoin gChomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (an “Comhaontú”) nó i scríbhinn ar theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, i dtaca le léiriú, de bhun Airteagal 16.1(4)(d), Airteagail 10.17 agus 10.22 den Chomhaontú sin i dtaca le hathruithe ar chosaint na dtásc geografach le haghaidh fíonta, biotáillí, táirgí talmhaíochta agus earraí bia arna gclárú i Singeapór, beidh sé bunaithe ar an dréachtChinneadh ón gCoiste sin um Thrádáil. (3) (4)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá a ghlacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Márta 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Cinneadh (AE) 2019/1875 ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (io L 294, 14.11.2019, lch. 1).
(2) IO L 294, 14.11.2019, lch. 3).
(3) Féach doiciméad ST 6568/20 ar http://register.consilium.europa.eu.
(4) IO: Cuir isteach, le do thoil, an téacs seo a leanas ar an leathanach den leagan GAEILGE den IO a chomhfhreagraíonn don leathanach ar a bhfuil an doiciméad foilsithe sna teangacha eile: “Níl téacs an dréachtChinnidh ann sa Ghaeilge.”.