21.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 125/1


CINNEADH (AE) 2020/545 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2020

maidir le leas a bhaint as an Ionstraim Sholúbthachta chun bearta buiséadacha láithreacha a mhaoiniú i gcomhthéacs ráig COVID-19 agus le haghaidh athneartú ar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (1), agus go háirithe pointe 12 de*,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas,

(1)

Tá sé beartaithe leis an Ionstraim Sholúbthachta go mbeifear in ann caiteachas a mhaoiniú, ar caiteachas é a shainaithnítear go soiléir agus nach bhféadfaí a mhaoiniú faoi na huasteorainneacha a bheadh le fáil le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na ceannteidil eile.

(2)

Is é EUR 600 000 000 (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 (2), ón gComhairle, uasteorainn an mhéid bhliantúil a bheidh ar fáil le haghaidh na hIonstraime Solúbthachta, agus í sin arna méadú, i gcás inarb infheidhme, le méideanna gan chaitheamh a chuirtear ar fáil i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal sin.

(3)

Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin i gcomhthéacs ráig COVID-19, ní mór méideanna a fhorscaoileadh chun bearta iomchuí a mhaoiniú mar ábhar práinne. Ní mór freisin foráil a dhéanamh maidir leis an maoiniú le haghaidh athneartú riachtanach Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

(4)

Tar éis scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí uile i ndáil le leithreasuithe a ath-leithdháileadh faoi na huasteorainneacha caiteachais do cheannteideal 3 (Slándáil agus saoránacht), is gá leas a bhaint as an Ionstraim Sholúbthachta chun forlíonadh EUR 73 300 000 a chur leis an maoiniú i mbuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2020 thar uasteorainn cheannteideal 3 chun bearta láithreacha a mhaoiniú i gcomhthéacs ráig COVID-19 agus le haghaidh athneartú ar chun Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

(5)

Ar bhonn na próifíle íocaíochta lena bhfuiltear ag súil, na leithreasuithe íocaíochta a chomhfhreagraíonn do leas a bhaint as an Ionstraim Sholúbthachta, ba cheart iad a leithdháileadh thar dhá bhliain airgeadais.

(6)

Tá an cinneadh seo nasctha le maoiniú a áirítear i mbuiséad leasaitheach Uimh. 1 a ghabhann le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain 2020. Chun an comhleanúnachas leis an mbuiséad leasaitheach a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ar dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2020, úsáidfear an Ionstraim Sholúbthachta chun EUR 73 300 000 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí faoi cheannteideal 3 (Slándáil agus saoránacht).

Úsáidfear an méid sin chun bearta láithreacha a mhaoiniú i gcomhthéacs ráig COVID-19 agus le haghaidh athneartú ar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

2.   Ar bhonn na próifíle íocaíochta lena bhfuiltear ag súil, is é seo a leanas meastachán na leithreasuithe íocaíochta a chomhfhreagraíonn do leas a bhaint as an Ionstraim Sholúbthachta:

(a)

EUR 43 300 000 in 2020;

(b)

EUR 30 000 000 in 2021.

Déanfar na méideanna sonracha de leithreasuithe íocaíochta le haghaidh gach bliana airgeadais a údarú i gcomhréir leis an nós imeachta buiséadach bliantúil.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 17 Aibreán 2020.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Aibreán 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)   IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).