28.5.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 178/1


CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Bealtaine 2020

lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020

(2020/C 178 I/01)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 44 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

glacadh buiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2020 go cinntitheach an 27 Samhain 2019 (2);

thíolaic an Coimisiún togra, an 30 Aibreán 2020, ina raibh dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4 a ghabhann leis an mbuiséad ginearálta don bhliain airgeadais 2020;

is den tábhacht é gur féidir dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2020 a ghlacadh go tapa chun cúnamh ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais a chur ar fáil do na Ballstáit lena mbaineann, ar Ballstáit iad a bhuail tubaistí nádúrtha iad, agus aird á tabhairt freisin ar staid COVID-19, a chuireann brú breise ar chursaí airgid sna Ballstáit sin cheana féin. Dá bhrí sin, tá bonn cirt le giorrú a dhéanamh ar an tréimhse ocht seachtaine maidir leis an bhfaisnéis do Pharlaimintí náisiúnta a leagtar síos in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1, i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal aonair

Rinneadh an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 a ghlacadh an 25 Bealtaine 2020.

Is féidir breathnú ar an téacs iomlán nó é a íoslódáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle: http://www.consilium.europa.eu/.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Bealtaine 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(2)  IO L 57, 27.2.2020, lch. 1.