|
1.4.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 101/4 |
CINNEADH (CBES) 2020/472 ÓN gCOMHAIRLE
an 31 Márta 2020
maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 19 Eanáir 2020, tionóladh Comhdháil i mBeirlín maidir leis an Libia. Thug rannpháirtithe gealltanas, go háirithe, an trádbhac arm a bunaíodh le Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (Rún ó UNSC) agus le Rúin a glacadh ina dhiaidh sin, go háirithe Rúin 2292 (2016) agus 2473 (2019) ó UNSC, a urramú agus a chur chun feidhme d’aon ghuth agus go hiomlán. |
|
(2) |
An 12 Feabhra 2020, i Rún 2510 (2020) uaithi, d’fháiltigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (NA) roimh Chomhdháil Bheirlín maidir leis an Libia agus d’fhormhuinigh sí conclúidí na Comhdhála, gur thug dá haire gur gné thábhachtach iad na conclúidí sin de réiteach cuimsitheach ar an staid sa Libia. D’éiligh sí freisin go ndéanfaí an trádbhac a chomhlíonadh ag gach Ballstát de chuid na Náisiún Aontaithe, agus ina theannta sin, d’éiligh sí ar gach Stát nach ndéanfadh siad idirghabháil ar an gcoimhlint ná nach gcuirfeadh siad leis an gcoimhlint sin. |
|
(3) |
An 11 Feabhra 2020, i Rún 2509 (2020) uaithi, rinne Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe na bearta a fhorchuirtear le Rún 2146 (2014) ó UNSC a leathnú chun cosc a chur ar onnmhairiú aindleathach peitriliam ón Libia, lena n-áirítear amhola agus táirgí peitriliam scagtha agus chuir sí síneadh le sainordú an Phainéil Saineolaithe a bunaíodh le Rún 1973 (2011) ó UNSC. |
|
(4) |
An 17 Feabhra 2020, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil chun oibríocht nua a sheoladh sa Mheánmhuir, darbh aidhm trádbhac arm na Náisiún Aontaithe ar an Libia a chur chun feidhme trí shócmhainní aeir, satailíte agus muirí a úsáid. Ba cheart go gcuirfí, leis an oibríocht seo, mar chúraimí tánaisteacha, le cur chun feidhme bhearta na Náisiún Aontaithe chun onnmhairiú aindleathach peitriliam ón Libia a chosc, le fothú acmhainneachta agus oiliúint Gharda Cósta agus Chabhlach na Libia, agus le cur isteach ar shamhail ghnó na líonraí smuigleála agus gáinneála ar dhaoine. Ba cheart an Limistéar Oibríochtaí agus an Limistéar Leasa den oibríocht a shainiú i gcomhréir leis an sainordú a comhaontaíodh sna doiciméid phleanála ábhartha. |
|
(5) |
Ina theannta sin, d’fhéadfadh an Chomhairle a chinneadh amach anseo raon feidhme na hoibríochta a leathnú ionas go bhféadfaí faireachas aeir a úsáid laistigh d’aerspás na Libia, i gcomhréir le haon Rún ó UNSC is infheidhme nó le toiliú ó údaráis na Libia, má mheasann sí go gcomhlíontar na ceanglais dhlíthiúla agus na coinníollacha polaitiúla is gá. |
|
(6) |
An 18 Bealtaine 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/778. (1) Tá EUNAVFOR MED Oibríocht SOPHIA ar siúl ón dáta sin i leith, agus cuireadh síneadh leis le Cinneadh (CBES) 2019/1595 ón gComhairle (2). |
|
(7) |
Ba cheart don Choiste Polaitiúil agus Slándála (PSC), faoi fhreagracht na Comhairle agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Ardionadaí), rialú polaitiúil a fheidhmiú ar an oibríocht, treoir straitéiseach a chur ar fáil di, agus na cinntí ábhartha a dhéanamh i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 38 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). |
|
(8) |
Ba cheart údarú na hoibríochta a athdheimhniú gach ceithre mhí agus de bhrí gur cheart an PSC, agus a rialú polaitiúil agus a threo straitéiseach á bhfeidhmiú aige maidir leis an oibríocht, a údarú cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear fad leis an oibríocht, ach amháin má bhíonn éifeacht tarraingthe ag imscaradh shócmhainní muirí na hoibríochta ar an imirce ar bhonn fianaise chuí-réasúnaithe arna bailiú de réir na gcritéar atá leagtha síos sa Phlean Oibríochta. |
|
(9) |
De bhun Airteagal 41(2) CAE agus i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2015/528 ón gComhairle (3), is iad na Ballstáit a íocfaidh as an gcaiteachas oibríochtúil a eascraíonn as an gCinneadh seo, a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta aige. |
|
(10) |
I gcomhréir le hAirteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i ndréachtú agus cur chun feidhme cinntí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhfuil impleachtaí cosanta acu. Dá bhrí sin, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, ní bheidh sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm, agus ní bheidh sí rannpháirteach i maoiniú na hoibríochta seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An misean
1. Leis seo, i gcomhréir le Rún 1970 (2011) ó UNSC agus le Rúin a glacadh ina dhiaidh sin maidir leis an trádbhac arm ar an Libia, lena n-áirítear Rún 2292 (2016) agus Rún 2473 (2019) ó UNSC, déanann an tAontas oibríocht mhíleata bainistíochta géarchéime a bhunú agus a sheoladh chun cabhrú le gáinneáil ar airm a chosc laistigh den Limistéar Oibríochtaí agus an Limistéar Leasa a chomhaontaigh sé. Anuas air sin, rannchuideoidh an oibríocht le cur chun feidhme bhearta na Náisiún Aontaithe chun onnmhairiú aindleathach peitriliam ón Libia a chosc i gcomhréir le Rún 2146 (2014) ó UNSC agus le rúin a glacadh ina dhiaidh sin, go háirithe Rún 2509 (2020) ó UNSC agus Rún 2510 (2020) ó UNSC. Ina theannta sin, cuideoidh an oibríocht le forbairt acmhainní agus oiliúint Gharda Cósta agus Chabhlach na Libia i gcúraimí forfheidhmithe dlí ar muir. Leis an oibríocht, rannchuideofar freisin le cur isteach ar shamhail ghnó na líonraí smuigleála agus gáinneála ar dhaoine, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, aon Rún ábhartha ó UNSC agus an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine de réir mar is infheidhme.
2. EUNAVFOR MED IRINI an t-ainm a thabharfar ar an oibríocht.
3. Saineofar an Limistéar Oibríochtaí, an Limistéar Leasa agus na mionsonraithe i dtaca le faisnéis a bhailiú sna limistéir sin chun cúramaí na hoibríochta a chomhlíonadh sna doiciméid phleanála ábhartha arna bhformheas ag an gComhairle.
Airteagal 2
Rannchuidiú le trádbhac arm na Náisiún Aontaithe ar an Libia a chur chun feidhme
1. Beidh sé ina phríomhchúram ar EUNAVFOR MED IRINI rannchuidiú le trádbhac arm na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme ar an Libia trí shócmhainní aeir, satailíte agus muirí.
2. Chun na críche sin, déanfaidh EUNAVFOR MED IRINI faisnéis fhorleathan agus chuimsitheach maidir le gáinneáil ar airm agus ar ábhar gaolmhar ó gach treo agus roinnfidh siad í le comhpháirtithe agus gníomhaireachtaí ábhartha ar bhonn cás ar chás agus trí na sásraí atá sna doiciméid phleanála ábhartha chun cur le lán-fheasacht staide sa Limistéar Oibríochtaí agus sa Limistéar Leasa. I gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin rúnaicmithe go dtí an leibhéal “SECRET UE/EU SECRET”, féadfar í a mhalartú le comhpháirtithe agus gníomhaireachtaí ábhartha i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE (4) ón gComhairle agus bunaithe ar shocruithe a thabharfar i gcrích ar an leibhéal oibríochtúil i gcomhréir le hAirteagal 14(9) den Chinneadh seo, agus le lánurraim do phrionsabail na cómhalartachta agus na cuimsitheachta. Déanfaidh IRENE an fhaisnéis rúnaicmithe a fhaightear a láimhseáil, gan aon idirdhealú a dhéanamh idir foireann EUNAVFOR MED IRINI, ar bhonn a mbeidh de dhíth ó thaobh oibríochta de agus ar an mbonn sin amháin.
3. I gcomhréir leis na Rúin ábhartha ó UNSC, go háirithe Rún 2292 (2016) ó UNSC agus mar is gá, déanfaidh EUNAVFOR MED IRINI cigireachtaí a dhéanamh, i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach sna doiciméid phleanála, agus laistigh den Limistéar Oibríochtaí a comhaontaíodh, mar a shainítear sna doiciméid phleanála ábhartha, agus i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach iontu, ar an mórmhuir amach ó chósta na Libia, ar shoithí atá ag triall ar an Libia nó ón Libia, i gcás ina mbeidh forais réasúnacha ann lena chreidiúint go bhfuil airm nó ábhar gaolmhar á n-iompar ag na soithí sin chuig an Libia nó ón Libia, go díreach nó go hindíreach, de shárú ar an trádbhac arm ar an Libia. Déanfaidh EUNAVFOR MED IRINI gníomhaíocht ábhartha chun ítimí den sórt sin a urghabháil agus a dhiúscairt, lena n-áirítear d’fhonn na soithí sin agus a bhfoirne a atreorú chuig calafort oiriúnach chun an diúscairt sin a éascú, le toiliú Stát an chalafoirt, i gcomhréir leis na Rúin ábhartha ó UNSC, lena n-áirítear Rún 2292 (2016) ó UNSC.
4. Tuairisceoidh EUNAVFOR MED IRINI don PSC maidir leis na saincheisteanna agus na himeachtaí uile a bhaineann le cigireachtaí den chineál sin. Féadfaidh an PSC aon bhearta ina dhiaidh sin a bhreithniú de réir mar is iomchuí
5. I bhfianaise na gceanglas eisceachtúil oibríochtúil, agus ar chuireadh ó Bhallstát, féadfaidh EUNAVFOR MED IRINI soithí a atreorú chuig calafoirt an Bhallstáit sin agus airm agus ábhar gaolmhar a urghabhadh a chur de lámh sa Bhallstát sin i gcomhréir le mír 3, lena n-áirítear trína stóráil nó a scriosadh. Ainmneofar na calafoirt ar féidir soithí a atreorú chucu sa Phlean Oibríochtaí.
6. I gcomhréir le Rúin ábhartha ó UNSC, lena n-áirítear R 2292 (2016) ó UNSC, féadfaidh EUNAVFOR MED IRINI, go háirithe, le linn cigireachtaí a dhéantar i gcomhréir le mír 3, fianaise a bhailiú agus a stóráil a bhaineann le hiompar ítimí a bhfuil toirmeasc orthu faoin trádbhac arm ar an Libia. I gcomhréir leis an dlí is infheidhme, féadfaidh EUNAVFOR MED IRINI sonraí pearsanta a bhailiú agus a stóráil maidir le daoine a bhfuil baint acu le hiompar na n-ítimí sin a bhfuil toirmeasc orthu, ar sonraí iad a bhaineann le saintréithe ar dócha go gcabhróidís leis na daoine sin a shainaithint, lena n-áirítear méarloirg, mar aon leis na sonraí seo a leanas, cé is moite de shonraí pearsanta eile: sloinne, sloinne roimh phósadh, túsainmneacha agus aon ailiasanna nó ainmneacha bréige; dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht, inscne, áit chónaithe, gairm agus an áit a bhfuil an duine atá i gceist; ceadúnais tiomána, doiciméid aitheantais agus sonraí pas. Féadfaidh EUNAVFOR MED IRINI sonraí den sórt sin chomh maith le sonraí a bhaineann leis na soithí agus an trealamh a úsáideann na daoine sin, agus an fhaisnéis ábhartha a fuarthas agus an príomhchúram sin á chur i gcrích, a tharchur chuig na húdaráis ábhartha forfheidhmithe dlí sna Ballstáit agus chuig comhlachtaí inniúla de chuid an Aontais i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.
Airteagal 3
Rannchuidiú cur chun feidhme na bearta na Náisiún Aontaithe i gcoinne onnmhairí aindleathacha peitriliam ón Libia
1. Mar chúram tánaisteach, agus laistigh dá acmhainní agus dá chumais, déanfaidh EUNAVFOR MED IRINI gníomhaíochtaí faireacháin agus faireachais agus baileoidh sé faisnéis ar onnmhairithe aindleathacha peitriliam ón Libia, lena n-áirítear amhola agus táirgí peitriliam scagtha atá contrártha le Rún 2146 (2014) ó UNSC agus le Rúin ó UNSC a glacadh ina dhiaidh sin, go háirithe Rún 2509 (2020) ó UNSC, agus cuirfidh sé, ar an gcaoi sin, le feasacht staide sa Limistéar Oibríochtaí agus sa Limistéar Leasa.
2. Féadfar an fhaisnéis a bhaileofar sa chomhthéacs sin a stóráil agus a scaoileadh chuig údaráis dhlisteanacha na Libia agus chuig na húdaráis ábhartha forfheidhmithe dlí sna Ballstáit agus chuig comhlachtaí inniúla de chuid an Aontais.
Airteagal 4
Fothú acmhainneachta agus oiliúint gharda cósta agus chabhlach na Libia
1. Mar chúram tánaisteach breise, cabhróidh EUNAVFOR MED IRINI le forbairt acmhainní agus oiliúint Gharda Cósta agus Chabhlach na Libia i gcúraimí forfheidhmithe dlí ar muir, go háirithe chun smuigleáil daoine agus gáinneáil ar dhaoine a chosc.
2. An cúram dá dtagraítear i mír 1, déanfar ar an mórmhuir é sa Limistéar Oibríochtaí a comhaontaíodh do EUNAVFOR MED IRINI. Ina theannta sin, féadfar an cúram tacaíochta a dhéanamh ar chríoch na Libia, lena n-áirítear in uiscí teorann na Libia, nó ar chríoch tríú Stát óstach nó in uiscí teorann an tríú Stát óstach sin atá comharsanach leis an Libia, i gcás ina gcinnfidh an PSC amhlaidh tar éis don Chomhairle measúnú a dhéanamh ar chuireadh ón Libia nó ón stát óstach lena mbaineann, agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.
3. I bhfianaise na gceanglas oibríochtúil eisceachtúil, féadfar cuid den chúram dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh i mBallstát, ar chuireadh ón mBallstát sin, lena n-áirítear in ionaid oiliúna ábhartha.
4. Chun críche an chúraim dá dtagraítear i mír 1, bunóidh agus oibreoidh EUNAVFOR MED IRINI sásra faireacháin i ndlúthchomhar le geallsealbhóirí ábhartha eile, lena n-áirítear sa Libia más gá.
5. A mhéid a éilítear sin don chúram dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh EUNAVFOR MED IRINI an fhaisnéis sin, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a bailíodh chun críche na nósanna imeachta grinnfhiosrúcháin maidir le hoiliúnaithe féideartha a bhailiú, a stóráil agus a mhalartú le húdaráis ábhartha na mBallstát, le comhlachtaí inniúla an Aontais, le Misean Tacaíochta na Náisiún Aontaithe sa Libia, INTERPOL, leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus le Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar choinníoll go mbíonn a dtoiliú tugtha i scríbhinn acu. Thairis sin, féadfaidh EUNAVFOR MED IRINI faisnéis riachtanach leighis agus sonraí bithmhéadracha riachtanacha ar oiliúnaithe a bhailiú agus a stóráil ar choinníoll go mbíonn a dtoiliú tugtha i scríbhinn acu.
Airteagal 5
Cabhrú chun cur isteach ar shamhail ghnó na líonraí smuigleála agus gáinneála ar dhaoine
1. Mar chúram tánaisteach eile, agus i gcomhréir le Rún 2240 (2015) ó UNSC, cabhróidh EUNAVFOR MED IRINI le brath na líonraí smuigleála agus gáinneála daoine agus le faireachán a dhéanamh orthu trí bhailiú faisnéise agus patrólú arna ndéanamh ag acmhainní aeir ar an mórmhuir, sa Limistéar Oibríochtaí a comhaontaíodh.
2. Agus an cúram sin á dhéanamh, féadfaidh EUNAVFOR MED IRINI sonraí ar smuigleáil agus ar gháinneáil daoine a bhailiú agus a stóráil, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear ar choireanna is ábhartha do shlándáil na hoibríochta, agus féadfaidh sé na sonraí sin a tharchur chuig údaráis ábhartha forfheidhmithe dlí na mBallstát agus chuig comhlachtaí inniúla an Aontais.
Airteagal 6
Ceannasaí Oibríochtúil an Aontais Eorpaigh a cheapadh
Leis seo, ceaptar Seachaimiréal Fabio Agostini mar Cheannasaí Oibríochtúil an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR MED IRINI.
Airteagal 7
Ainmniú Cheanncheathrú Oibríochta an Aontais
Lonnófar Ceanncheathrú Oibríochta EUNAVFOR MED IRINI sa Róimh, an Iodáil.
Airteagal 8
Rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach
1. Faoi fhreagracht na Comhairle agus an Ardionadaí, feidhmeoidh an PSC rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach EUNAVFOR MED IRINI.
2. Leis seo, údaraíonn an Chomhairle don PSC na cinntí ábhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 CAE. Áireofar leis an údarú sin na cumhachtaí chun na doiciméid phleanála a leasú, lena n-áirítear an Plean Oibríochta, an slabhra Ceannais agus na Rialacha Comhraic. Áireofar leis freisin na cumhachtaí chun cinntí a dhéanamh maidir le ceapadh Cheannaí Oibríochtúil an Aontais Eorpaigh agus Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh. Leanfaidh na cumhachtaí cinnteoireachta maidir le cuspóirí agus deireadh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh de bheith dílsithe don Chomhairle.
3. D’ainneoin na tréimhse a leagtar amach in Airteagal 15(2), athdheimhneofar údarú na hoibríochta gach ceithre mhí. Déanfaidh an PSC an oibríocht a fhadú mura mbeidh éifeacht tarraingthe ag imscaradh shócmhainní muirí na hoibríochta ar imirce ar bhonn fianaise chuí-réasúnaithe arna bailiú de réir na gcritéar a leagtar síos sa Phlean Oibríochta.
4. Tuairisceoidh an Ceannasaí Oibríochta go rialta faoi stiúradh na hoibríochta, lena n-áirítear an tionchar atá imeartha aici sa Limistéir Oibríochtaí. I gcomhréir le hAirteagal 38 CAE, féadfaidh an PSC treoir a thabhairt do Cheannasaí na hOibríochta maidir le himlonnú acmhainní am ar bith, arna iarraidh ag an Ardionadaí nó ag tionscnamh Ballstáit.
5. Tuairisceoidh an PSC don Chomhairle go tráthrialta.
6. Tuairisceoidh Cathaoirleach Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC) don PSC go tráthrialta maidir le stiúradh EUNAVFOR MED IRINI. Féadfaidh an PSC cuireadh a thabhairt do Cheannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh nó do Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh chuig na cruinnithe dá chuid, mar is iomchuí.
Airteagal 9
Treoir mhíleata
1. Déanfaidh EUMC faireachán ar chur i bhfeidhm cuí EUNAVFOR MED IRINI arna ndéanamh faoi fhreagracht Cheannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh.
2. Tuairisceoidh Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh do EUMC go tráthrialta. Féadfaidh EUMC cuireadh a thabhairt do Cheannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh nó do Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh chuig na cruinnithe dá chuid, mar is iomchuí.
3. Feidhmeoidh Cathaoirleach EUMC mar phríomhphointe teagmhála le Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 10
Comhsheasmhacht fhreagairt agus chomhordú an Aontais
1. Áiritheoidh an tArdionadaí cur chun feidhme an Chinnidh agus a chomhsheasmhacht le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais ar an iomlán, lena n-áirítear cláir forbartha an Aontais agus a chúnamh daonnúil.
2. Feidhmeoidh an tArdionadaí, le cúnamh ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), mar phríomhphointe teagmhála leis na Náisiúin Aontaithe, le húdaráis na dtíortha sa réigiún agus le gníomhaithe idirnáisiúnta agus déthaobhacha eile, lena n-áirítear ECAT, an tAontas Afracach agus Léig na Stát Arabach.
3. Comhoibreoidh EUNAVFOR MED IRINI le húdaráis ábhartha na mBallstát agus bunóidh sé sásra comhordúcháin agus, mar is iomchuí, cuirfidh sé socruithe i gcrích le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe Frontex, EUROPOL, EUROJUST, an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn, Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh (SATCEN) agus misin ábhartha CBSC.
4. Déanfaidh EUNAVFOR MED IRINI aonad faisnéise coireachta (CIC) a óstáil ina mbeidh foireann ó údaráis ábhartha forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, d’fhonn fáil, bailiú agus tarchur faisnéise a éascú, lena n-áirítear sonraí pearsanta, maidir leis an trádbhac arm ar an Libia dá dtagraítear in Airteagal 2, le honnmháirithe mídhleathacha peitriliam ón Libia dá dtagraítear in Airteagal 3, agus le smuigleáil daoine agus gáinneáil ar dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 5 agus maidir le coireanna is ábhartha do shlándáil na hoibríochta.
5. Déanfar próiseáil sonraí pearsanta sa chomhthéacs seo i gcomhréir le dlí Stát brataí an tsoithigh ar a mbeidh an t-aonad faisnéise coireachta (CIC) lonnaithe agus, maidir le foireann ghníomhaireachtaí an Aontais, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme maidir leis na gníomhaireachtaí faoi seach.
6. Gheobhaidh EUNAVFOR MED IRINI tacaíocht ó SATCEN agus ó Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (INTCEN) chun faisnéis a bhailiú mar is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh.
Airteagal 11
Rannpháirtíocht tríú Stát
1. Gan dochar do neamhspleáchas cinnteoireachta an Aontais ná don chreat institiúideach aonair, agus i gcomhréir le treoirlínte ábhartha na Comhairle Eorpaí, féadfar cuireadh a thabhairt do thríú Stáit a bheith rannpháirteach san oibríocht.
2. Leis seo, tugann an Chomhairle údarás don PSC a iarraidh ar thríú Stáit rannchuidiú a thairiscint agus na cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le glacadh leis an rannchuidiú atá beartaithe, ar mholadh ó Cheannasaí Oibríochtaí an Aontais Eorpaigh agus ó EUMC.
3. Beidh socruithe mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht tríú Stát mar ábhar do chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 37 CAE agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 218 CFAE. I gcás ina mbíonn comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas agus ag tríú Stát lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht an tríú Stáit i misin bainistíochta géarchéime de chuid an Aontais, beidh feidhm ag forálacha an chomhaontaithe úd i gcomhthéacs EUNAVFOR MED IRINI.
4. Beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna ag tríú Stáit a thugann rannchuidiú suntasach míleata do EUNAVFOR MED IRINI i dtaobh bhainistiú laethúil na hoibríochta agus a bhíonn ag na Ballstáit a ghlacann páirt san oibríocht.
5. Leis seo, tugann an Chomhairle údarás don PSC na cinntí ábhartha a ghlacadh maidir le Coiste na gCuiditheoirí a bhunú, i gcás go dtabharfadh tríú Stáit rannchuidiú suntasach míleata.
Airteagal 12
Stádas na foirne atá faoi stiúir an Aontais
Déanfar stádas na n-aonad agus na foirne atá faoi stiúir an Aontais a shainiú, nuair is gá, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.
Airteagal 13
Socruithe airgeadais
1. Riarfar costais choiteanna oibríocht mhíleata an Aontais i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2015/528.
2. Don tréimhse suas go dtí an 31 Márta 2021, EUR 9 837 800 an méid tagartha do chostais choitinne EUNAVFOR MED IRINI. 30 % i ngealltanais agus 30 % in íocaíochtaí a bheidh sa chéatadán den mhéid tagartha dá dtagraítear in Airteagal 25(1) de Chinneadh (CBES) 2015/528.
Airteagal 14
Scaoileadh faisnéise
1. Beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí aon doiciméid neamhaicmithe de chuid an Aontais atá bainteach le plé na Comhairle i ndáil leis an oibríocht agus atá cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 6(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (5) a scaoileadh le tríú Stáit ainmnithe agus chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, mar is iomchuí agus i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla EUNAVFOR MED IRINI agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na cómhalartachta agus na cuimsitheachta. Ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha sin, ainmneoidh an PSC na tríú Stáit lena mbaineann de réir an cháis.
2. Beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí, mar is iomchuí agus i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla EUNAVFOR MED IRINI agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na cómhalartachta agus na cuimsitheachta, faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais arna gineadh chun críocha na hoibríochta, a scaoileadh le tríú Stáit ainmnithe agus leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE, mar a leanas:
|
(a) |
suas go dtí an leibhéal dá bhforáiltear sna Comhaontuithe um Shlándáil Faisnéise is infheidhme arna gcur i gcíoch idir an tAontas agus an tríú Stáit lena mbaineann; nó |
|
(b) |
suas go dtí an leibhéal “CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL” i ngach cás eile. |
Ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha sin, ainmneoidh an PSC na tríú Stáit lena mbaineann de réir an cháis.
3. Lámhseálfaidh EUNAVFOR MED IRINI faisnéis rúnaicmithe a fhaightear a lámhseáil gan aon idirdhealú a dhéanamh idir a fhoireann féin agus ar bhonn riachtanais oibríochtúla amháin.
4. I gcomhréir le riachtanais oibríochtúil EUNAVFOR MED IRINI, beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí, tar éis dó formheas a fháil ó PSC, aon fhaisnéis rúnaicmithe suas go dtí leibhéal “RESTREINT UE/EU RESTRICTED” arna gineadh chun críocha EUNAVFOR MED IRINI a scaoileadh leis na Náisiúin Aontaithe, i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE.
5. Beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí faisnéis ábhartha, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a scaoileadh le INTERPOL i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla EUNAVFOR MED IRINI.
6. Go dtí go dtabharfar comhaontú idir an tAontas agus INTERPOL i gcrích, feadfaidh EUNAVFOR MED IRINI an fhaisnéis sin a mhalartú le Biúrónna Lárnacha Náisiúnta INTERPOL sna Ballstáit, i gcomhréir le socruithe a thabharfar i gcrích idir Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh agus Ceannaire an Bhiúró Lárnaigh Náisiúnta ábhartha.
7. I gcás ina mbeidh riachtanas oibríochtúla ar leith, beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí, tar éis don PSC é a fhormheas, faisnéis rúnaicmithe AE suas go dtí an leibhéal “RESTREINT UE/EU RESTRICTED” arna gineadh chun críocha EUNAVFOR MED IRINI, a scaoileadh leis na Náisiún Aontaithe, i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE.
8. Beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí na socruithe is gá a chur i gcrích chun na forálacha maidir le malartú faisnéise sa Chinneadh seo a chur chun feidhme.
9. I gcomhréir le Roinn VII d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Cinneadh 2013/488/AE, féadfaidh an tArdionadaí na húdaruithe a thabhairt d’oifigigh SEGS, do Cheannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh nó do Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh chun faisnéis a scaoileadh chomh maith leis an gcumas na socruithe dá dtagraítear sa Chinneadh seo a chur i gcrích.
10. Tarchuirfidh EUNAVFOR MED IRINI chuig na Náisiúin Aontaithe gan mhoill, i gcomhréir le Rún 2509 (2020) ó UNSC, an fhaisnéis sin arna bailiú ar chásanna ina bhfuil ceist ann faoi neamhchomhlíonadh thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe ar an Libia dá bhforáiltear i Rún 1970 (2011) ó UNSC agus ruin a glacadh ina dhiadh sin, go háirithe Rúin 2292 (2016) agus 2473 (2019) ó UNSC, chomh maith leis an bhfaisnéis i ndáil le teagmhais neamhchomhlíontachta le bearta na Náisiún Aontaithe a bailíodh chun onnmhairiú aindleathach peitriliam ón Libia a chosc dá bhforáiltear i Rún 2146 (2014) ó UNSC agus i rúin a glacadh ina dhiadh sin.
Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm agus deireadh
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a nglacfar é.
2. Tiocfaidh deireadh le EUNAVFOR MED IRINI ar an 31 Márta 2021.
3. Déanfar an cinneadh sin a aisghairm ó dháta dúnta Cheanncheathrú Oibríochta an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le pleananna a formheasadh chun deireadh a chur le EUNAVFOR MED IRINI agus gan dochar do na nósanna imeachta maidir le cuntais EUNAVFOR MED IRINI a iniúchadh agus a chur i láthair, a leagtar síos i gCinneadh (CBES) 2015/528.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Márta 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A.METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Cinneadh (CBES) ón gComhairle an 18 Bealtaine 2015 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir Láir-Theas (EUNAVFOR MED Oibríocht SOPHIA) IO L 122, 19.5.2015, lch. 31.
(2) Cinneadh (CBES) 2019/1595 ón gComhairle an 26 Méan Fómhair 2019 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/778 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir Láir-Theas (EUNAVFOR MED Oibríocht SOPHIA) (IO L 248, 27.9.2019, lch. 73).
(3) Cinneadh (CBES) 2015/528 ón gComhairle an 27 Márta 2015 lena mbunaítear sásra riartha chun na costais choiteanna a bhaineann le hoibríochtaí an Aontais Eorpaigh a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta ag gabháil leo a mhaoiniú (Athena) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/871/CBES (IO L 84, 28.3.2015, lch. 39).
(4) Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir le rialacha slándála i dtaca le faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).
(5) Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).