30.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 97/13


CINNEADH (CBES) 2020/458 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Márta 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ar an 31 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333 (1) maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia.

(2)

Ar an 1 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1663 (2).

(3)

I bhfianaise éagobhsaíocht agus thromchúis leanúnach na staide sa Libia, ba cheart na bearta sriantacha maidir le triúr a fhadú go ceann tréimhse bhreise sé mhí.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 17 de Chinneadh (CBES) 2015/1333, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

“3.   Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 8(2) maidir le hiontrálacha 14, 15 agus 16 in Iarscríbhinn II go dtí an 2 Deireadh Fómhair 2020.

4.   Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) maidir le hiontrálacha 19, 20 agus 21 in Iarscríbhinn IV go dtí an 2 Deireadh Fómhair 2020.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Márta 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (IO L 206, 1.8.2015, lch. 34).

(2)  Cinneadh (CBES) 2019/1663 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (IO L 252, 2.10.2019, lch. 36).