|
30.4.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 145/1 |
CINNEADH ÓN GCOMHAIRLE
an 28 Aibreán 2020
lena gceaptar comhaltaí an Choiste Eolaíoch agus Theicniúil
(2020/C 145/01)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 134(2) de,
Tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh an 6 Samhain 2018 (1), cheap an Chomhairle comhaltaí an Choiste Eolaíoch agus Theicniúil (“an Coiste”) don tréimhse ón 6 Samhain 2018 go dtí an 6 Samhain 2023. |
|
(2) |
Tar éis don Uas. Eugenijus UŠPURAS bás a fháil, tá suíochán ar an gCoiste folamh anois. Dá bhrí sin, ba cheart comhalta nua a cheapadh don chuid eile de théarma oifige Eugenijus UŠPURAS. |
|
(3) |
Tar éis don Uas. Grzegorz WROCHNA éirí as oifig, tá suíochán ar an gCoiste folamh anois. Ba cheart, dá bhrí sin, comhalta nua a cheapadh ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige Grzegorz WROCHNA, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceaptar leis seo Uas. Egidijus URBONAVIČIUS agus Uas. Józef SOBOLEWSKI ina gcomhaltaí den Choiste Eolaíoch agus Teicniúil go dtí an 6 Samhain 2023.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Aibreán 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. GRLIĆ RADMAN
(1) Cinneadh ón gComhairle an 6 Samhain 2018 lena gceaptar comhaltas an Choiste Eolaíoch agus Theicniúil (IO C 403, 9.11.2018, lch. 2).