“B.
|
Cearta chun cosanta agus ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil faoi dhlí na hÉigipte:
Na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil
Leanann as Airteagail 54, 97 agus 98 de Bhunreacht na hÉigipte, as Airteagail 77, 78, 124, 199, 214, 271, 272 agus 277 de Ghníomh na hÉigipte um Nósanna Imeachta Coiriúla agus as Airteagail 93 agus 94 de Ghníomh na hÉigipte um Abhcóideacht (Dlí Uimh 17 ón mbliain 1983) go ráthaítear na cearta seo a leanas faoi dhlí na hÉigipte:
—
|
d’aon duine aonair a bhfuil drochamhras ann faoi i dtaobh chion coiriúil nó a chúisítear i gcion coiriúil:
1.
|
an ceart chun athbhreithniú breithiúnach a fháil ar aon ghníomh nó ar aon chinneadh riaracháin;
|
2.
|
an ceart chun é/í féin a chosaint i bpearsan nó trí chabhair dhlíthiúil dá rogha féin nó, mura bhfuil sé/sí acmhainn leordhóthanach aige nó aici chun íoc as cabhair dhlíthiúil, an méid sin a fháil in aisce nuair is gá sin ar mhaithe leis an gceartas;
|
|
—
|
d’aon duine aonair a chúisítear i gcion coiriúil:
1.
|
an ceart go n‐inseofar gan mhoill dó/di, i dteanga a thuigfidh sé/sí agus go mionchruinn, cineál agus cúis an chúisimh ina choinne nó ina coinne;
|
2.
|
an ceart chun a leordhóthain ama agus saoráidí a bheith aige/aici chun a chosaint nó a cosaint a ullmhú;
|
3.
|
an ceart chun finnéithe ina choinne nó ina coinne a cheistiú nó a chur á gceistiú agus finnéithe thar a cheann nó a ceann a thabhairt i láthair agus a cheistiú faoi na coinníollacha céanna a bhainfidh le finnéithe ina choinne nó ina coinne;
|
4.
|
an ceart chun cabhair ateangaire a fháil in aisce mura féidir leis/léi an teanga a úsáidtear sa chúirt a thuiscint nó a labhairt.
|
|
Cur i bhfeidhm na gceart chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil
1.
|
Mohamed Hosni Elsayed Mubarak
Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh cearta cosanta Mohamed Hosni Elsayed Mubarak agus a cheart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle. Léirítear é sin go háirithe mar a leanas:
Cás
An 27 Meitheamh 2013, cúisíodh an tUasal Mubarak, agus beirt eile in éineacht leis, i míleithreasú cistí poiblí agus cuireadh tús leis an gcaingean dlí i gCúirt Choiriúil Chaireo an 17 Samhain 2013. An 21 Bealtaine 2014, chiontaigh an Chúirt sin an triúr cosantóirí. Rinne na cosantóirí agóid i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair na Cúirte Achomhairc. An 13 Eanáir 2015, neamhnigh an Chúirt Achomhairc an fíorasc agus d’ordaigh atriail. Agus an atriail ar siúl, an 4 agus an 29 Aibreán 2015, tíolacadh pléadálacha ó bhéal agus i scríbhinn ó na páirtithe. An 9 Bealtaine 2015, chiontaigh Cúirt Choiriúil Chaireo na cosantóirí, d’ordaigh go dtabharfaí na cistí míleithreasaithe ar ais agus d’ordaigh go n‐íocfaí fíneáil. An 24 Bealtaine 2015, taisceadh achomharc sa Chúirt Achomhairc. An 9 Eanáir 2016, sheas an Chúirt Achomhairc leis na ciontuithe. An 8 Márta 2016, tháinig na cosantóirí ar réiteach i dtionól an Choiste Saineolaithe a bunaíodh le Foraithne Uimh. 2873 na bliana 2015 ón bPríomh-Aire. D’fhormheas Oifig na nAirí an socrú sin an 9 Márta 2016. Níor chuir an tArd-Ionchúisitheoir an socrú sin faoi bhráid na Cúirte Achomhairc le haghaidh formheasa deiridh toisc nárbh é an Coiste Saineolaithe an coiste inniúil. Tá sé de rogha ag na cosantóirí iarraidh ar shocraíocht a chur faoi bhráid an choiste inniúil, an Choiste Náisiúnta um Aisghabháil Sócmhainní Lonnaithe Thar Lear. I mí an Mhárta 2019, aisghabhadh méid na fíneála. Tá an tsuim atá le haisíoc á haisghabháil faoi láthair trí iarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach atá á gcur ag údaráis na hÉigipte ar dhá thríú tír.
|
2.
|
Suzanne Saleh Thabet
Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh cearta cosanta Thabet agus a ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle. Léirítear é sin go háirithe mar a leanas:
Ordú reoite
An 28 Feabhra 2011, d’eisigh an tArd-Ionchúisitheoir ordú lena gcoisctear ar Thabet agus ar dhaoine eile a sócmhainní agus a gcistí a dhiúscairt i gcomhréir le Airteagal 208 bis/a de Ghníomh na hÉigipte um Nósanna Imeachta Coiriúla, lena gceadaítear don Ard-Ionchúisitheoir cosc ar an gcosantóir, ar a bhean chéile agus ar a leanaí a gcuid sócmhainní a dhiúscairt i gcás ina bhfuil aon amhras ann gur fáltais neamhdhleathacha coireanna a rinne an cosantóir údar na sócmhainní sin. An 8 Márta 2011, sheas an Chúirt choiriúil inniúil leis an ordú coiscthe. De bhun dhlíthe Phoblacht Arabach na hÉigipte, tá sé de cheart ag cosantóirí agóid a dhéanamh in aghaidh rialú na cúirte ar an ordú coiscthe os comhair na cúirte céanna. Ní dhearna Thabet agóid in aghaidh rialú an 8 Márta 2011.
|
3.
|
Alaa Mohamed Hosni Elsayed Mubarak
Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh cearta cosanta Alaa Mubarak agus a cheart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle. Léirítear é sin go háirithe mar a leanas:
Ordú reoite
An 28 Feabhra 2011, d’eisigh an tArd-Ionchúisitheoir ordú lena gcoisctear ar Alaa Mohamed Hosni Elsayed Mubarak agus ar dhaoine eile a sócmhainní agus a gcistí a dhiúscairt i gcomhréir le Airteagal 208 bis/a de Ghníomh na hÉigipte um Nósanna Imeachta Coiriúla, lena gceadaítear don Ard-Ionchúisitheoir cosc ar an gcosantóir, ar a bhean chéile agus ar a leanaí a gcuid sócmhainní a dhiúscairt i gcás ina bhfuil aon amhras ann gur fáltais neamhdhleathacha coireanna a rinne an cosantóir údar na sócmhainní sin. An 8 Márta 2011, sheas an Chúirt Choiriúil inniúil leis an ordú coiscthe. De bhun dhlíthe Phoblacht Arabach na hÉigipte, tá sé de cheart ag cosantóirí agóid a dhéanamh in aghaidh rialú na cúirte ar an ordú coiscthe os comhair na cúirte céanna. Ní dhearna Alaa Mubarak agóid in aghaidh rialú an 8 Márta 2011.
An chéad chás
Tarchuireadh an cosantóir, in éineacht le duine eile, chuig an gcúirt trialach (Cúirt Choiriúil Chaireo) an 30 Bealtaine 2012. Chuir an Chúirt sin an cás ar ais chuig an ionchúisitheoir poiblí an 6 Meitheamh 2013 go ndéanfaí tuilleadh imscrúduithe. Tar éis na himscrúduithe a thabhairt chun críche, tarchuireadh an cás chuig an gCúirt sin arís. Thug Cúirt Choiriúil Chaireo breithiúnas uaithi an 15 Meán Fómhair 2018 lena ndearna sí an méid seo a leanas: (i) d’iarr sí ar an gcoiste saineolaithe a bhí ceaptha aici tuarascáil saineolaithe a bhí curtha faoi bhráid na cúirte aici i mí Iúil 2018 a chomhlánú; (ii) d’ordaigh sí go ngabhfaí na cosantóirí; agus (iii) d’iarr sí go dtarchuirfí na cosantóirí chuig an gCoiste Náisiúnta um Aisghabháil Sócmhainní Thar Lear chun go bhféadfaí teacht ar réiteach. Rinne na cosantóirí agóid i gcoinne an ordaithe gabhála, agóid ar éirigh léi, agus, mar thoradh ar rún scaoilte an phainéil bhreithiúnaigh, tarchuireadh an cás chuig cúirt chuarda choiriúil eile le go n_athbhreithneofaí na tuillteanais, agus éigiontaíodh é an 22 Feabhra 2020. Ní rialú deiridh é sin agus féadfaidh an tIonchúisitheoir Poiblí achomharc a éileamh.
An dara cás
An 27 Meitheamh 2013, cúisíodh Alaa Mubarak, agus beirt eile in éineacht leis, i míleithreasú cistí poiblí agus cuireadh tús leis an gcaingean dlí i gCúirt Choiriúil Chaireo an 17 Samhain 2013. An 21 Bealtaine 2014, chiontaigh an Chúirt sin an triúr cosantóirí. Rinne na cosantóirí agóid i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair na Cúirte Achomhairc. An 13 Eanáir 2015, neamhnigh an Chúirt Achomhairc an fíorasc agus d’ordaigh atriail. Agus an atriail ar siúl, an 4 agus an 29 Aibreán 2015, tíolacadh pléadálacha ó bhéal agus i scríbhinn ó na páirtithe. An 9 Bealtaine 2015, chiontaigh Cúirt Choiriúil Chaireo na cosantóirí, d’ordaigh go dtabharfaí na cistí míleithreasaithe ar ais agus d’ordaigh go n‐íocfaí fíneáil. An 24 Bealtaine 2015, taisceadh achomharc sa Chúirt Achomhairc. An 9 Eanáir 2016, sheas an Chúirt Achomhairc leis na ciontuithe. An 8 Márta 2016, tháinig na cosantóirí ar réiteach i dtionól an Choiste Saineolaithe a bunaíodh le Foraithne Uimh. 2873 na bliana 2015 ón bPríomh-Aire. D’fhormheas Oifig na nAirí an socrú sin an 9 Márta 2016. Níor chuir an tArd-Ionchúisitheoir an socrú sin faoi bhráid na Cúirte Achomhairc le haghaidh formheasa deiridh toisc nárbh é an Coiste Saineolaithe an coiste inniúil. Tá sé de rogha ag na cosantóirí iarraidh ar shocraíocht a chur faoi bhráid an choiste inniúil, an Choiste Náisiúnta um Aisghabháil Sócmhainní Lonnaithe Thar Lear. I mí an Mhárta 2019, aisghabhadh méid na fíneála. Tá an tsuim atá le haisíoc á haisghabháil faoi láthair trí iarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach atá á gcur ag údaráis na hÉigipte ar dhá thríú tír.
|
4.
|
Heidy Mahmoud Magdy Hussein Rasekh
Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh cearta cosanta Heidy Rasekh agus a ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle. Léirítear é sin go háirithe mar a leanas:
Ordú reoite
An 28 Feabhra 2011, d’eisigh an tArd-Ionchúisitheoir ordú lena gcoisctear ar Rasekh agus ar dhaoine eile a sócmhainní agus a gcistí a dhiúscairt i gcomhréir le Airteagal 208 bis/a de Ghníomh na hÉigipte um Nósanna Imeachta Coiriúla, lena gceadaítear don Ard-Ionchúisitheoir cosc ar an gcosantóir, ar a céile agus ar a leanaí a gcuid sócmhainní a dhiúscairt i gcás ina bhfuil aon amhras ann gur fáltais neamhdhleathacha coireanna a rinne an cosantóir údar na sócmhainní sin. An 8 Márta 2011, sheas an Chúirt Choiriúil inniúil leis an ordú coiscthe. De bhun dhlíthe Phoblacht Arabach na hÉigipte, tá sé de cheart ag cosantóirí agóid a dhéanamh in aghaidh rialú na cúirte ar an ordú coiscthe os comhair na cúirte céanna. Ní dhearna Rasekh agóid in aghaidh rialú an 8 Márta 2011.
|
5.
|
Gamal Mohamed Hosni Elsayed Mubarak
Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh cearta cosanta Gamal Mubarak agus a cheart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle. Léirítear é sin go háirithe mar a leanas:
Ordú reoite
An 28 Feabhra 2011, d’eisigh an tArd-Ionchúisitheoir ordú lena gcoisctear ar Gamal Mubarak agus ar dhaoine eile a sócmhainní agus a gcistí a dhiúscairt i gcomhréir le Airteagal 208 bis/a de Ghníomh na hÉigipte um Nósanna Imeachta Coiriúla, lena gceadaítear don Ard-Ionchúisitheoir cosc ar an gcosantóir, ar a bhean chéile agus ar a leanaí a gcuid sócmhainní a dhiúscairt i gcás ina bhfuil aon amhras ann gur fáltais neamhdhleathacha coireanna a rinne an cosantóir údar na sócmhainní sin. An 8 Márta 2011, sheas an Chúirt choiriúil inniúil leis an ordú coiscthe. De bhun dhlíthe Phoblacht Arabach na hÉigipte, tá sé de cheart ag cosantóirí agóid a dhéanamh in aghaidh rialú na cúirte ar an ordú coiscthe os comhair na cúirte céanna. Ní dhearna Gamal Mubarak agóid in aghaidh rialú an 8 Márta 2011.
An chéad chás
Tarchuireadh Gamal Mubarak, in éineacht le duine eile, chuig an chúirt trialach (Cúirt Choiriúil Chaireo) an 30 Bealtaine 2012. Chuir an Chúirt an cás ar ais chuig an ionchúisitheoir poiblí an 6 Meitheamh 2013 le go ndéanfaí tuilleadh imscrúduithe. Tar éis na himscrúduithe a thabhairt chun críche, tarchuireadh an cás chuig an gcúirt arís. Thug Cúirt Choiriúil Chaireo breithiúnas uaithi an 15 Meán Fómhair 2018; lena ndearna sí an méid seo a leanas: (i) d’iarr sí ar an gcoiste saineolaithe a bhí ceaptha aici tuarascáil saineolaithe, a bhí curtha faoi bhráid na cúirte aici i mí Iúil 2018, a chomhlánú; (ii) d’ordaigh sí go ngabhfaí na cosantóirí; agus (iii) d’iarr sí go dtarchuirfí na cosantóirí chuig an gCoiste Náisiúnta um Aisghabháil Sócmhainní Thar Lear chun go bhféadfaí teacht ar réiteach. Rinne na cosantóirí agóid i gcoinne an ordaithe gabhála, agóid ar éirigh léi, agus, mar thoradh ar rún scaoilte an phainéil bhreithiúnaigh, tarchuireadh an cás chuig cúirt chuarda choiriúil eile le go n_athbhreithneofaí na tuillteanais, agus éigiontaíodh é an 22 Feabhra 2020. Ní rialú deiridh é sin agus féadfaidh an tIonchúisitheoir Poiblí achomharc a éileamh.
An dara cás
An 27 Meitheamh 2013, cúisíodh Gamal Mubarak, agus beirt eile in éineacht leis, i míleithreasú cistí poiblí agus cuireadh tús leis an gcaingean dlí i gCúirt Choiriúil Chaireo an 17 Samhain 2013. An 21 Bealtaine 2014, chiontaigh an Chúirt sin an triúr cosantóirí. Rinne na cosantóirí agóid i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair na Cúirte Achomhairc. An 13 Eanáir 2015, neamhnigh an Chúirt Achomhairc an fíorasc agus d’ordaigh atriail. Agus an atriail ar siúl, an 4 agus an 29 Aibreán 2015, tíolacadh pléadálacha ó bhéal agus i scríbhinn ó na páirtithe. An 9 Bealtaine 2015, chiontaigh Cúirt Choiriúil Chaireo na cosantóirí, d’ordaigh go dtabharfaí na cistí míleithreasaithe ar ais agus d’ordaigh go n‐íocfaí fíneáil. An 24 Bealtaine 2015, taisceadh achomharc sa Chúirt Achomhairc. An 9 Eanáir 2016, sheas an Chúirt Achomhairc leis na ciontuithe. An 8 Márta 2016, tháinig na cosantóirí ar réiteach i dtionól an Choiste Saineolaithe a bunaíodh le Foraithne Uimh. 2873 na bliana 2015 ón bPríomh-Aire. D’fhormheas Oifig na nAirí an socrú sin an 9 Márta 2016. Níor chuir an tArd-Ionchúisitheoir an socrú sin faoi bhráid na Cúirte Achomhairc le haghaidh formheasa deiridh toisc nárbh é an Coiste Saineolaithe an coiste inniúil. Tá sé de rogha ag na cosantóirí iarraidh ar shocraíocht a chur faoi bhráid an choiste inniúil, an Choiste Náisiúnta um Aisghabháil Sócmhainní Lonnaithe Thar Lear. Faoi mhí an Mhárta 2019, aisghabhadh méid na fíneála. Tá an tsuim atá le haisíoc á haisghabháil faoi láthair trí iarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach atá á gcur ag údaráis na hÉigipte ar dhá thríú tír.
|
6.
|
Khadiga Mahmoud El Gammal
Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh cearta cosanta Khadiga El Gammal agus a ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle. Léirítear é sin go háirithe mar a leanas:
Ordú reoite
An 28 Feabhra 2011, d’eisigh an tArd-Ionchúisitheoir ordú lena gcoisctear ar Khadiga El Gammal agus ar dhaoine eile a sócmhainní agus a gcistí a dhiúscairt i gcomhréir le Airteagal 208 bis/a de Ghníomh na hÉigipte um Nósanna Imeachta Coiriúla, lena gceadaítear don Ard-Ionchúisitheoir cosc ar an gcosantóir, ar a bhean chéile agus ar a leanaí a gcuid sócmhainní a dhiúscairt i gcás ina bhfuil aon amhras ann gur fáltais neamhdhleathacha coireanna a rinne an cosantóir údar na sócmhainní sin. An 8 Márta 2011, sheas an chúirt choiriúil inniúil leis an ordú coiscthe. De bhun dhlíthe Phoblacht Arabach na hÉigipte, tá sé de cheart ag cosantóirí agóid a dhéanamh in aghaidh rialú na cúirte ar an ordú coiscthe os comhair na cúirte céanna. Ní dhearna an Khadiga El Gammal agóid in aghaidh rialú an 8 Márta 2011.
|
15.
|
Mohamed Zohir Mohamed Wahed Garrana
Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh cearta cosanta Mohamed Garrana agus a cheart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle. Léirítear é sin go háirithe mar a leanas:
Cás
Tá an t‐imscrúdú maidir le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí fós ag dul ar aghaidh. Níl aon léiriú aimsithe ag an gComhairle nár urramaíodh cearta cosanta Mohamed Garrana nó a cheart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil.
|
18.
|
Habib Ibrahim Habib Eladli
Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh cearta cosanta Habib Eladli agus a cheart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle. Léirítear é sin go háirithe mar a leanas:
Cás
Rinne an breitheamh imscrúdaithe Habib Eladli a tharchur chuig an gcúirt trialach inniúil agus é cúisithe i míleithreasú cistí poiblí. An 7 Feabhra 2016, chinn an Chúirt gur cheart sócmhainní Habib Eladli, sócmhainní a chéile agus sócmhainní a mhic óig a reo. De bhun an chinnidh sin ón gCúirt, d’eisigh an tArd-Ionchúisitheoir ordú reoite an 10 Feabhra 2016 i gcomhréir le Airteagal 208 bis/a de Ghníomh na hÉigipte um Nósanna Imeachta Coiriúla, lena gceadaítear don Ard-Ionchúisitheoir cosc ar an gcosantóir, ar a bhean chéile agus ar a leanaí a gcuid sócmhainní a dhiúscairt i gcás ina bhfuil aon amhras ann gur fáltais neamhdhleathacha coireanna a rinne an cosantóir údar na sócmhainní sin. De bhun dhlíthe Phoblacht Arabach na hÉigipte, tá sé de cheart ag cosantóirí agóid a dhéanamh in aghaidh rialú na cúirte ar an ordú coiscthe os comhair na cúirte céanna. An 15 Aibreán 2017, chiontaigh an Chúirt sin an cosantóir. Rinne an cosantóir agóid i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair na Cúirte Achomhairc; neamhnigh an Chúirt sin an fíorasc an 11 Eanáir 2018 agus d’ordaigh sí atriail. Tar éis atrialach, gearradh fíneáil air an 9 Bealtaine 2019. Tá achomhairc éilithe os comhair na Cúirte Achomhairc ag an Ionchúisitheoir Poiblí agus ag Eladli araon i dtaobh an rialaithe sin. Níor tháinig an cás os comhair na Cúirte sin fós.
|
19.
|
Elham Sayed Salem Sharshar
Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh cearta cosanta Sharshar agus a ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle. Léirítear é sin go háirithe mar a leanas:
Ordú reoite
Rinne an breitheamh imscrúdaithe fear céile Sharshar a tharchur chuig an gcúirt trialach inniúil agus é cúisithe i míleithreasú cistí poiblí. An 7 Feabhra 2016, chinn an Chúirt gur cheart sócmhainní Elham Sharshar, sócmhainní a céile agus sócmhainní a mic óig a reo. De bhun an chinnidh sin ón gCúirt, d’eisigh an tArd-Ionchúisitheoir ordú reoite an 10 Feabhra 2016 i gcomhréir le Airteagal 208 bis/a de Ghníomh na hÉigipte um Nósanna Imeachta Coiriúla, lena gceadaítear don Ard-Ionchúisitheoir cosc ar an gcosantóir, ar a bhean chéile agus ar a leanaí a gcuid sócmhainní a dhiúscairt i gcás ina bhfuil aon amhras ann gur fáltais neamhdhleathacha coireanna a rinne an cosantóir údar na sócmhainní sin. De bhun dhlíthe Phoblacht Arabach na hÉigipte, tá sé de cheart ag cosantóirí agóid a dhéanamh in aghaidh rialú na cúirte ar an ordú coiscthe os comhair na cúirte céanna. Ní dhearna Elham Sharshar agóid in aghaidh rialú na Cúirte.”.
|
|