|
27.2.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 58/49 |
CINNEADH (AE) 2020/264 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 27 Samhain 2019
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun foráil a dhéanamh maidir le réamhíocaíochtaí a íoc i mbuiséad ginearálta an Aontais do 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 4a(4) de,
ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais (2), agus go háirithe pointe 11 de,
ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá sé d’aidhm ag Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (an “Ciste”) a chur ar chumas an Aontais freagairt ar bhealach mear, éifeachtúil agus solúbtha a thabhairt ar staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le muintir na réigiún a bheadh thíos le tubaistí nádúrtha. |
|
(2) |
Níl an ciste le dul thar uasmhéid EUR 500 000 000 (praghsanna 2011) mar a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (3). |
|
(3) |
In Airteagal 4a(4) de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 foráiltear, i gcás inar gá sin chun a áirithiú go mbeidh acmhainní buiséadacha ar fáil go tráthúil, go bhféadfar an Ciste suas a shlógadh go dtí méid nach mó ná EUR 50 000 000 le haghaidh réamhíocaíochtaí a íoc, agus na leithreasuithe comhfhreagracha a iontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais. |
|
(4) |
Chun a áirithiú go mbeidh a dhóthain acmhainní buiséadacha ar fáil go tráthúil do bhuiséad ginearálta an Aontais do 2020, ba cheart EUR 50 000 000 ón gCiste a shlógadh le haghaidh réamhíocaíochtaí a íoc. |
|
(5) |
Chun an Ciste a shlógadh a thapúla is féidir, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó thús na bliana airgeadais 2020, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, déanfar Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun suim EUR 50 000 000 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanais agus i leithreasuithe íocaíochta chun réamhíocaíochtaí a íoc.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2020.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 27 Samhain 2019,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. TUPPURAINEN
(1) IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.
(2) IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(3) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).