27.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 58/43


CINNEADH (AE) 2020/263 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 15 Eanáir 2020

maidir le ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil

(athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 (1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá roinnt leasuithe le déanamh ar Chinneadh Uimh. 1152/2003/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Cinneadh sin a athmhúnlú.

(2)

Le Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle (4), foráiltear go mbeidh doiciméad arna líonadh ag an gcoinsíneoir a bheith ag gabháil le hearraí atá á mbogadh idir críocha na mBallstát faoi shocruithe fionraí dleachtanna máil.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún (5), leagtar síos struchtúr agus inneachar an doiciméid tionlacain dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2020/262 agus an nós imeachta lena úsáid.

(4)

Chun seiceálacha a fheabhsú agus chun simpliú a dhéanamh ar ghluaiseacht earraí máil laistigh den Aontas, bunaíodh córas ríomhairithe de bhun Chinneadh Uimh. 1152/2003/CE.

(5)

Is gá tuilleadh cothabhála agus forbartha a dhéanamh ar an gcóras ríomhairithe lena ndéantar faireachán ar ghluaiseacht earraí máil chun go mbeadh na Ballstáit in ann faisnéis fíor-ama a fháil faoi ghluaiseachtaí den sórt sin agus na seiceálacha riachtanacha a dhéanamh de láimh agus go huathoibríoch, lena n-áirítear seiceálacha le linn gluaiseachtaí earraí máil de réir bhrí Chaibidlí IV agus V de Threoir (AE) 2020/262 agus Chaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle (6).

(6)

De thoradh mhodhnú, leathnú agus oibriú an chórais ríomhairithe ba cheart go gceadófar gluaiseacht earraí máil laistigh den Aontas a bhfuil na dleachtanna ina leith ar fionraí chomh maith le gluaiseacht earraí máil a scaoileadh cheana féin lena dtomhailt ar chríoch Ballstáit amháin agus a bhogtar go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh chun críocha tráchtála.

(7)

Tríd an gcóras ríomhairithe a mhodhnú agus a leathnú, cuirtear feabhas ar ghnéithe an mhargaidh inmheánaigh de ghluaiseacht earraí máil. Aon ghnéithe fioscacha a bhaineann le gluaiseacht earraí máil, ba cheart aghaidh a thabhairt orthu trí leasú a dhéanamh ar Threoir (AE) 2020/262 nó ar Rialachán (AE) Uimh. 389/2012. Ní dochar an Cinneadh seo do bhunús dlí aon leasuithe a dhéanfar amach anseo ar Threoir (AE) 2020/262/ nó ar Rialachán (AE) Uimh. 389/2012.

(8)

Is gá sainiú a dhéanamh ar an dealú idir comhpháirteanna den chóras ríomhairithe ar de chuid an Aontais iad agus comhpháirteanna nach de chuid an Aontais iad, chomh maith leis na dualgais atá ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faoi seach maidir le forbairt agus cur in úsáid an chórais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún, le cúnamh an Choiste ábhartha, ról mór a imirt maidir le comhordú, eagrú agus bainistiú an chórais.

(9)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme na mbeart is gá le haghaidh mhodhnú, leathnú agus oibriú an chórais ríomhairithe, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(10)

Ba cheart socruithe a dhéanamh maidir le meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an chórais ríomhairithe lena ndéantar faireachán ar earraí máil.

(11)

Sula mbeidh leathnú nua ar an gcóras ríomhairithe oibríochtúil, agus i bhfianaise na bhfadhbanna a bhí ann, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus ag cur san áireamh bharúlacha na n-earnálacha trádála lena mbaineann, a fhiosrú an bhfuil aon cheann de na córais ar pháipéar atá ann faoi láthair fós oiriúnach.

(12)

Ba cheart costais an chórais ríomhairithe a roinnt ar an Aontas agus ar na Ballstáit.

(13)

De thoradh mhéid agus chastacht an chórais ríomhairithe, is gá go soláthraíonn an tAontas agus na Ballstáit acmhainní daonna agus airgeadais chun an córas a fhorbairt agus a chur in úsáid. Agus na comhpháirteanna náisiúnta á bhforbairt ag na Ballstáit, ba cheart dóibh na prionsabail a chur i bhfeidhm atá leagtha síos maidir le córais rialtais leictreonacha agus ba cheart dóibh caitheamh leis na hoibreoirí eacnamaíocha ar an dóigh chéanna a gcaitear leo sna réimsí eile ina bhfuil córais ríomhaireachta curtha ar bun. Go háirithe, ba cheart dóibh ligean do na hoibreoirí eacnamaíocha, go háirithe na fiontair bheaga agus mheánmhéide atá gníomhach san earnáil seo, na comhpháirteanna náisiúnta sin a úsáid ar an gcostas is ísle is féidir, agus ba cheart dóibh gach beart a chur chun cinn atá dírithe ar iomaíochas na n-oibreoirí sin a chaomhnú.

(14)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo, eadhon bonn a sholáthar le haghaidh an rialachais ar tuilleadh uathoibrithe ar phróisis arna leagan amach i reachtaíocht an Aontais maidir le dleachtanna máil, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr go n-áiritheoidh sé dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis an gCinneadh seo, déantar foráil maidir leis an mbainistiú ar mhodhnú, ar leathnú agus ar oibriú an chórais ríomhairithe a úsáidtear le haghaidh gluaiseacht earraí máil agus le haghaidh faireachas ar na hearraí sin, dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2020/262 (‘an córas ríomhairithe’).

2.   Is é atá beartaithe leis an gcóras ríomhairithe:

(a)

go mbeifear in ann na doiciméid riaracháin a tharchur dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2020/262 agus i Rialachán (AE) Uimh. 389/2012, agus feabhas a chur ar sheiceálacha;

(b)

go gcuirfear feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, trí shimpliú a dhéanamh ar ghluaiseacht earraí máil laistigh den Aontas agus tríd an deis a thabhairt do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar na sreafaí i bhfíor-am agus na seiceálacha riachtanacha a dhéanamh nuair is gá.

Airteagal 2

Cuirfear tús leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le leathnú an chórais ríomhairithe faoin 10 Feabhra 2021.

Airteagal 3

1.   Beidh an córas ríomhairithe comhdhéanta de chomhpháirteanna de chuid an Aontais agus comhpháirteanna nach de chuid an Aontais iad.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go dtabharfar, le linn na hoibre ar na comhpháirteanna de chuid an Aontais den chóras ríomhairithe, gach aird ar athúsáid a bhaint an oiread is féidir as na córais atá ann cheana agus ar a áirithiú go bhfuil an córas ríomhairithe comhoiriúnach le córais ríomhairithe ábhartha eile de chuid an Choimisiúin agus an Bhallstáit, leis an gcuspóir sraith chomhtháite de chórais ríomhairithe le haghaidh faireachas ar ghluaiseachtaí earraí máil laistigh den Aontas agus ar ghluaiseachtaí earraí máil agus earraí atá faoi réir dleachtanna agus muirir eile atá ag teacht ó thríú tíortha nó ag dul chucu a thógáil.

3.   Is éard a bheidh sna comhpháirteanna de chuid an Aontais den chóras ríomhairithe na sonraíochtaí coiteanna, na táirgí teicniúla, seirbhísí an Líonra Cumarsáide Coiteann/Comhéadan Coiteann na gCóras, agus na seirbhísí comhordúcháin a úsáideann na Ballstáit uile, diomaite d’aon leagan difriúil de na seirbhísí sin nó d’aon ghné speisialta dá gcuid atá ceaptha chun riachtanais náisiúnta a shásamh.

4.   Is éard a bheidh sna comhpháirteanna den chóras ríomhairithe nach comhpháirteanna de chuid an Aontais iad na sonraíochtaí náisiúnta, na bunachair sonraí náisiúnta ar cuid den chóras ríomhairithe iad, na hidirnaisc líonra idir na comhpháirteanna de chuid an Aontais agus na comhpháirteanna nach de chuid an Aontais iad agus aon bhogearraí nó trealamh a mheasfaidh Ballstát a bheith riachtanach chun lán-úsáid an chórais ríomhairithe ina chóras riaracháin trí chéile a áirithiú.

Airteagal 4

1.   Déanfaidh an Coimisiún comhordú ar mhodhnú, leathnú agus oibriú na gcomhpháirteanna de chuid an Aontais agus na gcomhpháirteanna nach de chuid an Aontais iad den chóras ríomhairithe, agus go háirithe:

(a)

an bonneagar agus na huirlisí is gá chun naisc inmheánacha agus idir-inoibritheacht fhoriomlán an chórais ríomhairithe a ráthú;

(b)

forbairt beartais slándála den chaighdeán is airde is féidir chun cosc a chur le rochtain neamhúdaraithe ar shonraí agus chun sláine an chórais ríomhairithe a ráthú;

(c)

na huirlisí lena saothraítear sonraí chun calaois a chomhrac.

2.   Chun na haidhmeanna a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, déanfaidh an Coimisiún na conarthaí is gá a thabhairt i gcrích chun na comhpháirteanna de chuid an Aontais den chóras ríomhairithe a mhodhnú agus a leathnú agus déanfaidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit arna dtionól sa Choiste dá dtagraítear in Airteagal 7(1), máistirphlean agus pleananna bainistíochta a tharraingt suas is gá le haghaidh mhodhnú, leathnú agus oibriú an chórais ríomhairithe.

Sonrófar sa mháistirphlean agus sna pleananna bainistíochta na cúraimí tosaigh agus na gnáthchúraimí a dhéanfaidh an Coimisiún agus gach Ballstát. Sonrófar sna pleananna bainistíochta na dátaí críochnaithe do na cúraimí is gá chun gach tionscadal a shainaithnítear sa mháistirphlean a chur i gcrích.

Airteagal 5

1.   Críochnóidh na Ballstáit, faoin dáta a shonraítear sna pleananna bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), na cúraimí tosaigh agus na gnáthchúraimí arna sannadh dóibh.

Tuairisceoidh siad don Choimisiún maidir le torthaí gach cúraim agus dáta a chríochnaithe. Ansin déanfaidh an Coimisiún an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a chur ar an eolas faoi sin.

2.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit aon bheart i ndáil le modhnú, leathnú nó oibriú an chórais ríomhairithe a chuirfeadh isteach ar naisc inmheánacha an chórais agus ar a idir-inoibritheacht fhoriomlán nó ar a fheidhmiú ina iomláine.

Aon bhearta is mian le Ballstát a dhéanamh a d’fhéadfadh cur isteach ar naisc inmheánacha an chórais agus ar a idir-inoibritheacht fhoriomlán nó ar a fheidhmiú ina iomláine, déanfar iad le réamh-chomhaontú an Choimisiúin.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas go rialta maidir le haon bheart atá déanta acu chun é a chur ar a gcumas dá n-údaráis féin lán-úsáid a bhaint as an gcóras ríomhairithe. Ansin déanfaidh an Coimisiún an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a chur ar an eolas faoi sin.

Airteagal 6

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar na bearta is gá le haghaidh mhodhnú, leathnú agus oibriú an chórais ríomhairithe i ndáil le hábhair dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus sa dara fomhír d’Airteagal 5(2). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2). Ní dhéanfaidh na gníomhartha cur chun feidhme sin difear d’fhorálacha an Aontais i ndáil le bailiú agus seiceáil cánacha indíreacha nó i ndáil le comhar riaracháin agus cúnamh frithpháirteach i gcúrsaí cánachais indírigh.

Airteagal 7

1.   Déanfaidh an Coiste um Dhleacht Mháil cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 8

1.   Déanfaidh an Coimisiún a fhíorú go bhfuil na bearta arna maoiniú as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh á gcur i gcrích i gceart agus i gcomhréir le forálacha an Chinnidh seo.

Déanfaidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit arna dtionól sa Choiste dá dtagraítear in Airteagal 7(1), faireachán tráthrialta ar chéimeanna éagsúla forbartha agus cur in úsáid an chórais ríomhairithe d’fhonn a dhéanamh amach ar gnóthaíodh na cuspóirí atáthar a shaothrú agus d’fhonn treoirlínte a eisiúint maidir le cén chaoi le méadú a dhéanamh ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme an chórais ríomhairithe.

2.   Faoin 10 Feabhra 2025 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme agus oibriú an chórais ríomhairithe.

Leagfar amach sa tuarascáil, inter alia, na modhanna agus na critéir atá le húsáid sa mheastóireacht amach anseo ar an gcaoi a bhfuil an córas ríomhairithe ag feidhmiú.

Airteagal 9

Coinneoidh an Coimisiún na tíortha a bhfuil iarratas déanta acu ar bhallraíocht san Aontas maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm an chórais ríomhairithe agus féadfaidh siad, más mian leo, páirt a ghlacadh sna scrúduithe atá le déanamh.

Airteagal 10

1.   Déanfar na costais a bhaineann leis an gcóras ríomhairithe a mhodhnú agus a leathnú a roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.

2.   Is ar an Aontas a thitfidh na costais cheapadh, éadáil, shuiteáil agus chothabháil na gcomhpáirteanna de chuid an Aontais den chóras ríomhairithe agus costais leanúnacha oibriúcháin na gcomhpáirteanna sin de chuid an Aontais atá suiteáilte in áitreabh de chuid an Choimisiúin, nó in áitreabh fochonraitheora arna ainmniú ag an gCoimisiún.

3.   Is ar na Ballstáit a thitfidh costais mhodhnú, leathnú agus oibriú na gcomhpháirteanna den chóras ríomhairithe nach de chuid an Aontais iad agus costais leanúnacha oibriúcháin na gcompháirteanna sin de chuid an Aontais atá suiteáilte in áitreabh dá gcuid, nó in áitreabh fochonraitheora arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 11

1.   Na leithreasuithe bliantúla, lena n-áirítear leithreasuithe arna sannadh d’úsáid agus d’oibriú an chórais ríomhairithe tar éis na tréimhse cur chun feidhme, údaróidh an t-údarás buiséadach iad laistigh de theorainneacha na peirspictíochta airgeadais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

2.   Na buiséid agus na hacmhainní daonna is gá chun a n-oibleagáidí de réir Airteagal 5 a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a mheas agus a chur ar fáil. Soláthróidh an Coimisiún agus na Ballstáit na hacmhainní daonna, buiséadacha agus teicniúla is gá chun an córas ríomhairithe a mhodhnú, a leathnú, a oibriú agus a fhorbairt a thuilleadh.

Airteagal 12

Aisghairtear Cinneadh Uimh. 1152/2003/CE.

Déanfar tagairtí don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Chinneadh seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 13

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 14

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 15 Eanáir 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. BRNJAC


(1)   IO C 62, 15.2.2019, p. 108.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Nollaig 2019.

(3)  Cinneadh Uimh. 1152/2003/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2003 maidir le ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin táirgí inmháil (IO L 162, 1.7.2003, lch. 5).

(4)  Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta do dhleacht mháil (Féach leathanach 4 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán (CE) Uimh, 684/2009 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2009 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/118/CE ón gComhairle i ndáil leis na nósanna imeachta ríomhairithe maidir le gluaiseacht earraí máil a bhfuil an dleacht mháil ina leith ar fionraí (IO L 197, 29.7.2009, lch. 24).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 25).


IARSCRÍBHINN

TÁBLAÍ COMHGHAOIL

Cinneadh Uimh. 1152/2003/CE

An Cinneadh seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2, an chéad fhomhír

_

Airteagal 2, an dara fomhír

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(3)

-

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(2)

-

Airteagal 8(3)

Airteagal 8(2)

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11(1), an chéad fhomír

_

Airteagal 11(1), an dara fomhír

Airteagal 11(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 11(2)

-

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14

_

Iarscríbhinn