|
26.2.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 54/5 |
CINNEADH (CBES) 2020/251 ÓN GCOMHAIRLE
an 25 Feabhra 2020
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/905 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ar an 8 Nollaig 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/819/CBES (1) lena gceaptar Alexander RONDOS mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) do Chorn na hAfraice. |
|
(2) |
Ar an 25 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/905 (2) lena gcuirtear síneadh le sainordú ISAE do Chorn na hAfraice. Tá sainordú ISAE le dul in éag ar an 29 Feabhra 2020. |
|
(3) |
Ba cheart síneadh 6 mhí breise a chur le sainordú ISAE do Chorn na hAfraice agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Lúnasa 2020. |
|
(4) |
Cuirfidh ISAE do Chorn na hAfraice an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/905 mar a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Cuirtear síneadh le sainordú Alexander RONDOS mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) do Chorn na hAfraice go dtí an 31 Lúnasa 2020. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.”. |
|
(2) |
In Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach: “Is é EUR 1 400 000 an méid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Lúnasa 2020 a chumhdach.”. |
|
(3) |
In Airteagal 14, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach: “Déanfar an tuarascáil chuimsitheach dheiridh ó ISAE maidir leis an sainordú a chur chun feidhme a chur i láthair ar an 15 Meitheamh 2020.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2020.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Feabhra 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Cinneadh 2011/819/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2011 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice(IO L 327, 9.12.2011, lch. 62).
(2) Cinneadh (CBES) 2018/905 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena síntear sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice (IO L 161, 26.6.2018, lch. 16).