25.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 52/1


CINNEADH (AE) 2020/244 ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Eanáir 2020

thar ceann an Aontais, maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Casacstáine, den pháirt eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 37 agus Airteagal 31(1) de,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, Airteagal 100(2) agus Airteagail 207 agus 209, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) agus an dara fomhír d’Airteagal 218(8) de,

Ag féachaint don togra comhpháirteach ón gCoimisiún Eorpach agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2016/123 ón gComhairle (2), rinneadh an Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Casacstáine, den pháirt eile ("an Comhaontú”), a shíniú an 21 Nollaig 2015, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(2)

Is céim thábhachtach é an Comhaontú ionsar rannpháirtíocht pholaitiúil agus eacnamaíoch mhéadaithe an Aontais san Áise Láir. De thoradh idirphlé polaitiúil a neartú agus comhar a fheabhsú i raon leathan réimsí, beidh bunús ann do rannpháirtíocht dhéthaobhach níos éifeachtaí le Poblacht na Casacstáine.

(3)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Casacstáine, den pháirt eile, a fhormheas thar ceann an Aontais. (3)

Airteagal 2

Ainmneoidh Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a chumhachtófar, thar ceann an Aontais, chun an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 281(1) den Chomhaontú a thabhairt, chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gcomhaontú a chur in iúl. (4)

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Eanáir 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Toiliú an 12 Nollaig 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2016/123 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2015 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe comhpháirtíochta agus comhair fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Casacstáine, den pháirt eile (IO L 29, 4.2.2016, lch. 1).

(3)  Foilsíodh an Comhaontú in IO L 29, 4.2.2016, lch. 3, mar aon leis an gcinneadh maidir le síniú.

(4)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.