20.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 47/7


CINNEADH (AE) 2020/235 ÓN GCOMHAIRLE

an 17 Feabhra 2020

lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht na hOstaire, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint don togra ó Rialtas na hOstaire,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Nollaig 2019, an 20 Eanáir 2020 agus an 3 Feabhra 2020, ghlac an Chomhairle Cinntí (AE) 2019/2157 (1), (AE) 2020/102 (2) agus (AE) 2020/144 (3) lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(2)

Tá suíochán comhalta de Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht le téarma oifige Barbara EIBINGER-MIEDL.

(3)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh de Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht le téarma oifige Doris KAMPUS,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

(a)

mar chomhalta:

Mr Christopher DREXLER, Member of a Regional Executive: State Government of Styria,

(b)

mar chomhalta malartach:

Ms Barbara EIBINGER-MIEDL, Member of a Regional Executive: State Government of Styria.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).

(2)  Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/144 ón gComhairle an 3 Feabhra 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 32, 4.2.2020, lch. 16)