18.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 45/4


CINNEADH (CBES) 2020/215 ÓN GCOMHAIRLE

an 17 Feabhra 2020

lena leasaítear Cinneadh 2011/101/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siombáibe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Feabhra 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/101/CBES (1).

(2)

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar Chinneadh 2011/101/CBES, agus an staid pholaitiúil sa tSiombáib á cur san áireamh.

(3)

Ba cheart na bearta sriantacha a fhadú go dtí an 20 Feabhra 2021. Ba cheart don Chomhairle athbhreithniú leanúnach a dhéanamh orthu i bhfianaise fhorbairtí polaitiúla agus slándála sa tSiombáib.

(4)

Agus an staid sa tSiombáib á cur san áireamh, is iomchuí teideal Chinneadh 2011/101/CBES a leasú.

(5)

Ba cheart an iontráil do dhuine éagtha amháin a scriosadh ó liosta na ndaoine agus na n‐eintiteas atá ainmnithe in Iarscríbhinn I de Chinneadh 2011/101/CBES. Ba cheart na bearta sriantacha a athnuachan do cheathrar agus d’eintiteas amháin atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2011/101/CBES. Ba cheart na bearta sriantacha a chur ar fionraí do dhuine amháin. Ba cheart fionraí na mbeart sriantach a athnuachan i gcás triúir atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2011/101/CBES.

(6)

Ba cheart, Cinneadh 2011/101/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2011/101/CBES mar seo a leanas:

(1)

cuirtear an méid a leanas in ionad an teidil:

“Cinneadh 2011/101/CBES ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

Airteagal 10

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 20 Feabhra 2021.

3.   Déanfar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus Airteagal 5(1) agus (2), a mhéid a bhaineann siad le daoine a liostaítear in Iarscríbhinn II, a chur ar fionraí go dtí an 20 Feabhra 2021.

4.   Déanfar an Cinneadh seo a choimeád faoi athbhreithniú leanúnach agus déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2011/101/CBES an 15 Feabhra 2011 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siombáibe (IO L 42, 16.2.2011, lch. 6).


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2011/101/CBES, scriostar an iontráil maidir leis an duine seo a leanas:

“1.

Mugabe, Robert Gabriel”.


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2011/101/CBES, cuirtear isteach iontráil maidir leis an duine seo a leanas:

“6.

Mugabe, Grace”.