|
18.2.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 45/3 |
CINNEADH (CBES) 2020/214 ÓN GCOMHAIRLE
an 17 Feabhra 2020
lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ar an 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1) maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise. |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart na bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise a fhadú go dtí an 28 Feabhra 2021. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 8 de Chinneadh 2012/642/CBES:
“Airteagal 8
1. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 28 Feabhra 2021.
2. Déanfar athbhreithniú leanúnach ar an gCinneadh seo agus déanfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nach bhfuil a chuspóirí comhlíonta.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).